Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ardmholadh very high praise
" Léirigh na figiúirí ba dhéanaí go raibh méadú tar éis teacht ar lucht éisteachta an stáisiúin, bhí an t-éileamh ar chraoladh do dhaoine óga á shásamh le cláracha ar nós "An Taobh Tuathail" (a fuair ardmholadh sna meáin náisiúnta), agus bhí sé díreach fógartha ag RnaG go raibh sceideal nua 24 uair an chloig á chur i bhfeidhm don chéad uair riamh i stair an stáisiúin.
ardmholadh high praise
" Ní haon ionadh é sin mar go bhfuil ardmholadh faighte aige ó chriticeoirí le bliain go leith anuas.
ardmholadh high praise
" Bailiúchán ollmhór de phíosaí ealaíne an chéad toradh atá ar an tionscadal seo agus tá taispeántas gleoite den saothar ar camchuairt timpeall an domhain faoi láthair agus ag fáil ardmholadh gach áit a dtéann sé.
ardmholadh great praise
" "Tá mise gafa go hiomlán leis an cheol traidisiúnta - tá a fhios agam sin anois agus ní fiú a bheith á throid!" Ag breathnú siar ar Choláiste Cholm Cille, áit a bhfuair sé a chuid oideachais dara leibhéal, tugann sé ardmholadh do na múinteoirí agus do na daltaí a bhí sa scoil.
ardmholadh great praise
" Bhí an fhidil rómhór agus a lámha róbheag ach deir sé gur bhain sé bualadh bos agus ardmholadh ón lucht éisteachta, rud a spreag ar bhealach na bport crua é.
ardmholadh high praise
" Fuair Lynn Keane ardmholadh ó Channel 4 as an chlár a rinne sí agus bhí sé ar an teilifís ag Samhain 1995.
ardmholadh high praise
" Go hiondúil tagann na cluichí Gaelacha sa tríú háit sna tuairiscí spóirt ar na nuachtáin, ar an raidió agus ar an teilifís (tá ardmholadh ag dul do TG4 agus do RTÉ as an méid cluichí Gaelacha a chraolann siad).
ardmholadh high praise
" " Tá ardmholadh faighte ag *Little Chapel on the River *ó leithéidí Dennis Smith, Malachy McCourt agus Billy Collins, rud a léiríonn cumas Bounds scéal a insint go maith agus feabhas a léargais ar na hÉireannaigh.
ardmholadh high praise
" Ag seoladh na sraithe, thug Uachtarán CLG ardmholadh do TG4 as a dtacaíocht leanúnach don Chumann.
a bhfuil ardmholadh tuillte acu. who deserve high praise.
" “Tá neart fiontraithe amuigh ansin a bhfuil ardmholadh tuillte acu.
ardmholadh high praise
" Cén fáth a mbreathnódh siad ar scannán Gearmáinise nó Fraincise ach ní ar scannán Gaeilge?” Fuarthas an t-airgead agus rinneadh an scannán agus anois tá ardmholadh á fháil aige – i bhfad níos mó na mar a bhíothas ag súil leis.
ardmholadh as an bhrabús a dhéanann siad, high praise for the profit they make,
" Sa lá atá inniu ann, faigheann Ryanair ardmholadh as an bhrabús a dhéanann siad, cé go bhfuil siad ag cur le téamh domhanda.
ardmholadh high praise
" Dar ndóigh, ní dhearna sé dochar ar bith dó gur thug leithéidí Steven Spielberg agus Bob Dylan ardmholadh dó.
Ardmholadh high praise
" Ardmholadh do bhean is ea é san Astráil má deirtear fúithi gur *Great Looking Sheila* í.
ardmholadh high praise
" Bhí sí páirteach sa tsraith “The Running Mate” ar TG4 anuraidh agus fuair sí féin agus a comhaisteoirí, Don Wycherley ina measc, ardmholadh ó lucht critice agus lucht féachana.
ardmholadh great praise
" Thug Dáithí ardmholadh ag an bpointe seo do *Percy Sledge* mar dhuine agus mar amhránaí agus sinn ag caint de leataobh ó na ceisteanna.
ardmholadh great praise
" Fuair mé amach gur bronnadh duais nó ardmholadh ar 262 de na tionscadail ach nach raibh ach aon cheann déag, nó 4%, díobh sin i nGaeilge.
ardmholadh great praise
" Sa bhliain 1979, d’eisigh Gael Linn fadcheirnín leis a thuill ardmholadh agus tá dlúthdhiosca á eisiúint anois ar a bhfuil roinnt traiceanna breise a thaifead Raidió na Gaeltachta.
aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis recognition, high praise and respect
" Is é sin a deir na húdair agus cé rachadh ina gcoinne? Tá oiread gradam, bonn, coirn agus eile buaite agus bainte ag iománaithe Chill Chainnigh faoi bhainistíocht chríonna Mhic Óda lena bhéim ar spiorad foirne, ar dhúthracht, ar mhórtas cine, ar bhunscileanna na hiomána (ní dhéanann aon dream eile na bunscileanna níos fearr ná iománaithe Chill Chainnigh) nach bhfuil le déanamh ag an tráth seo ach aitheantas, ardmholadh agus cúirtéis a thabhairt dóibh.
Tá ardmholadh agus meas as an úr there’s a new esteem and great praise
" Tá ardmholadh agus meas as an úr a thabhairt i measc náisiúnaithe do Naomi Long agus do David Ford as an dóigh ar láimhseáil siad iad féin le linn na trioblóide.
ardmholadh a fháil to receive high praise
" Bhí lúcháir ar na coilínigh ardmholadh a fháil ó ionadaí uasal na máthairtíre go dtí gur chuir sé an t-aguisín seo leis an teachtaireacht: in ainneoin a “*birthstain*”! Chuaigh a thagairt dá n-oidhreacht daoránaigh go smior iontu.
ardmholadh great praise
" Fuair an iarsmalann ardmholadh ó dhaoine mar Sepp Blatter (Uachtarán FIFA), Alex Ferguson agus Bobby Charlton a dúirt: *“I can’t think of a better museum anywhere in the world.
tá ardmholadh tuillte agat mar gheall ar you are to highly praised for
" Is mór an buntáiste é go raibh tú in ann do chuid oiliúna a fháil ar an chruit i mBéal Feirste le Cumann Cruite na hÉireann trí stíl ársa na gcláirseoirí… In éineacht leis an stíl phearsanta atá agat féin, tá ardmholadh tuillte agat mar gheall ar an úsáid a bhaineann tú as do theanga dhúchais in éineacht leis na poirt.
ardmholadh high praise
"ardmholadh á fháil aige agus táthar ag rá go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht d'ainmniúchán Oscar.