Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
as feidhm out of order
" Scaip an phéist ghránna seo go tapa ó ríomhaire go ríomhaire agus chuir sí cuid mhaith ríomhairí as feidhm.
ag baint feidhme as making use of
" ” “Táimid ag baint feidhme as teicneolaíocht nua ár n-aoise féin chun ár gcuspóirí a bhaint amach,” a deir Séamas Ó Neachtain, stiúrthóir gréasáin Chumann Carad na Gaeilge, “go díreach mar a bhain ár mbunaitheoir feidhm as teicneolaíocht a aoise siúd.
táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo. they're making use of the wind here.
" Go deimhin, táthar ag baint feidhme as an ngaoth anseo.
bhain sé feidhm as he used
" D’fhás sé suas i mbailte Giúdacha i gceantar Nua-Eabhrac, agus bhain sé feidhm as a mhuintearas le Giúdaigh chun leanacht ar aghaidh leis.
baineadh feidhm as were used
" uk/pr_disturbances_portadown_301109) Ní raibh clog ag bualadh i bPort an Dúnáin ach sa 21ú haois seo, baineadh feidhm as téacsanna gutháin póca le drong dílseoirí a bhailiú le chéile agus é mar aidhm acu "to show republicans that we will not tolerate their behaviour or presence in our area.
feidhm a bhaint as to use
" ”* Níos déanaí an oíche sin, thug Sharon le fios go raibh sé ar intinn ag Tel Aviv feidhm a bhaint as an gcomhbhá sin, nuair a labhair sé ar theilifís Iosraelach.
as feidhm packed
" Cén fáth a ndeachaigh roinnt ainmneach as feidhm fad is a mhair cuid eile? Tá sé níos éasca an cheist sin a fhreagairt i gcás Shasana, áit a mhair go leor seanchuntas, ar nós doiciméidí oifigiúla a bhain le cúrsaí riaracháin agus dlí.
as feidhm out of order
" Agus tú ag tiomáint aon áit i Meiriceá, tiománfaidh tú thar iliomad línte traenach le comharthaí orthu ‘líne as feidhm’.
as feidhm outdated
" I nDeabhaidh Lainne =========== Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm.
feidhm a bhaint as use
" Ciallaíonn sé sin gur féidir leis an bhfoghlaimeoir feidhm a bhaint as spás foghlama tríthoiseach.
Bainfear feidhm as an chóras seo this system is used
" Bainfear feidhm as an chóras seo i dtús barra agus is í an chéad aibítir a bhíonn le foghlaim ag daltaí scoile.
Baintear feidhm as is used
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
mbainfí feidhm as cuid den bhrabús some of the profit would be used
" Ceadaíodh meaisíní cearrbhachais sna clubanna sóisialta in *New South Wales* (NSW) i dtús báire sa bhliain 1956, ar an gcuntar go mbainfí feidhm as cuid den bhrabús le tairbhí don chomhphobal a mhaoiniú.
baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla frighteningly graphic images were used
" Anuas air sin, mhaoinigh siad fógraí sna meáin inar baineadh feidhm as íomhánna grafacha scéiniúla le rabhadh a thabhairt do chaiteoirí faoin gcineál dochair a dhéanann tobac don cholainn.
feidhm as (didn't) use
" ” An tAmhras ===== Caithfidh mé rá nár bhain mé féin feidhm as *Google Translate* go dtí dhá mhí o shin.
bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta they used regular burning
" Ní raibh an céachta acu, leoga, ach bhainidís feidhm as dóiteoireacht rialta leis an fhásra a dhó chun sealgaireacht a éascú agus le lusanna áirithe fónta a chur chun cinn.
bhain mé feidhm go neamartach as I mistakenly used
" Caithfear a admháil gur bhain mé feidhm go neamartach as na focail ‘sealgairí/cnuasaitheoirí’ le cur síos ar shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais go minic, ach is léir dom anois go gcuireann an leagan seo in iúl gur saíocht mhothaolach a bheadh i gceist.
feidhm as uses
" Baineann Nuala feidhm as an bhfinscéalaíocht agus as an seanchas ina cuid dánta, ach cuireann sí iad seo i láthair i gcló comhaimseartha a bhfuil dearcadh feimineach mar bhunús leis.
mbainfeadh sé feidhm as he’d use
" Amhábhar Luachmhar ======== Is ansin a rith an smaoineamh leis go dtógfadh sé áit agus go mbainfeadh sé feidhm as ábhar tógála an-neamhchoitianta – brící déanta de nótaí euro bainc a díchoimisiúnaíodh agus a stialladh.
cé gur bhain sé feidhm as although he used
" ” B’shin cur chuige an Uachtaráin freisin, cé gur bhain sé feidhm as foinsí stairiúla difriúla.
nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as isn’t it wonderful how it can be used
" Seachas sin ar fad, nach iontach an uirlis í an balbhú; agus nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as.
Baineadh feidhm as an gcúnamh airgeadais the financial assistance was used
" Baineadh feidhm as an gcúnamh airgeadais a thug an Astráil don chúige le scoileanna nua go leor a thógáil, ach tá a bhformhór acu folamh mar gheall ar ghanntanas múinteoirí.
feidhm as use out of
" Bainfidh an dá mhórdhream polaitíochta feidhm as an eachtra ar a son féin, poblachtánaithe níos mó ná Aontachtaithe a fheicfidh an croitheadh láimhe mar aitheantas bhunaíocht Shasana ar “dhlistineacht na streachailte armtha.
feidhm cheart a bhaint as using properly
" Turas báid dhá lá a bhí ann in aimsir Cholm Cille, ach feidhm cheart a bhaint as an ngaoth agus as an taoille.
gan feidhm a bhaint as not to use
" Nárbh é Rialtas na Breataine céanna a bhí taobh thiar den obair léarscáile in Albain? Is deacair dom a chreidiúnt gur ordaíodh don dream a bhí ag plé le logainmneacha in Éirinn, gan feidhm a bhaint as logainmeacha i nGaeilge in aon chás agus gur ceadaíodh glacadh in Albain leis an leagan Ghaeilge go fairsing? An bhfuil fianaise ann gur dúradh leis an saineolaí ar na logainmneacha, a bhí fostaithe ag an Suirbhéireacht Ordanáis, John O Donovan, nach bhféadfadh sé an leagan Ghaeilge a úsáid, nó an amhlaidh gur shocraigh O Donovan gur mar sin a bheadh? Is dócha nár cheart a bheith róghéar ar an Donnabhánach.
Ar bhain tú feidhm as did you use
" An tOideachas Speisialta ========= **SMM: Ar bhain tú feidhm as an cheol leis an rang sin?** Ray Mac Mánais: Bhain! Agus níor bhain mé feidhm ar bith as an Ghaeilg mar ní raibh Gaeilg ar an chlár do na daoine seo.
baineadh feidhm as an mana maslach seo this insulting motto was used
" Tugadh an Yellow Peril ar an bhfaitíos céanna sna Stáit Aontaithe um an dtaca sin agus baineadh feidhm as an mana maslach seo go minic sna díospóireachtaí faoi chúrsaí inimirce abhus.
go mbainfear feidhm as it shall be used
" Tá an baol ann fosta go mbainfear feidhm as le ceisteanna cigilteacha a chur ar an mhéar fhada.
atá imithe as feidhm which have lapsed
" Ba thrua sin mar tá deis stairiúil ann athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe den Bhunreacht atá imithe as feidhm.
an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge the one and only time an Irish translator was used
" Bhí páirt bheag agam mar aistritheoir Gaeilge i dtriail an fhir Éireannaigh a cúisíodh as an gcoir, an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge i gcás cúirte san Astráil.
chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann they decided to use a diary
" Bhí cás an fhoireann ionchúisimh ina chíor thuathail tar éis a fhianaise agus chinn siad ar fheidhm a bhaint as an dialann a scríobh Stokes as Gaeilge sa tréimhse roimh an dúnmharú agus ina dhiaidh.
feidhm as use of
" “Mar sin féin, thosaigh Sinn Féin ag obair faoin mhana, Saoirse, Ceart agus Síocháin, an chéad uair gur bhain poblachtánaithe feidhm as an fhocal "síocháin.
a bhain feidhm as saothar who used the work(s)
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
nach féidir liom feidhm a bhaint as that I can’t use
" Is gráin liom nach féidir liom feidhm a bhaint as ceann de mo ghnáthainmneacha úsáideora ann.
thosaigh siad ag baint feidhme as they started using
" Bhaist coilínigh sna Fritíortha ainmneacha Eorpacha ar na cathracha agus bailte a bhunaigh siad abhus i dtús báire, ach thosaigh siad ag baint feidhme as logainmneacha dúchais ar áiteanna éagsúla roimh i bhfad.
chuir i bhfeidhm as seo amach to use from now on
" Fuair an mhuintir Arabana freagracht as riar cheantar an locha i mí na Bealtaine anuraidh agus chuir siad ina luí gaidhte ar an Geographical Names Unit dhá ainm an locha a chuir i bhfeidhm as seo amach.
Baineadh feidhm as an gcur chuige foighneach seo this patient approach was used
" Baineadh feidhm as an gcur chuige foighneach seo thar tréimhse roinnt blianta leis an áit nádúrtha is íocónaí sa tír, Ayers Rock, a athrú ar ais go Uluru (Eagrán 113, Meán Fómhair 2010).
bhain sé feidhm as a bharantás taistil he used his travel warrant
" Níor chuir Seirbhís Náisiúnta stad le ceol Sheáin, mar bhain sé feidhm as a bharantás taistil ón RAF le dul ar ais go Co.
ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh using dna extraction
" Bhíothas ag súil nach mbeadh éinne in innimh taisí an cheithearnaigh a dhí-adhlacadh as olluaigh go deo, ach d’éirigh le seandálaithe a chnámharlach a aimsiú dhá bhliain ó shin, ag baint feidhme as eastóscadh aigéid núicléasaigh.
Agus feidhm á baint as scoláireacht while using research
" Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘*560 patients (some 0.
feidhm as use of
" Is díol spéise é gur bhain Kiernan feidhm as ‘*Minister for Ireland*’ san inscríbhinn ar an gcorn thuasluaite, seachas Ard-Choimisinéir na hÉireann, mar a bhí sé go hoifigiúil ag an am.
bhain me feidhm as cosán nua I used a new path
" I mbliana mar shampla, bhain me feidhm as cosán nua ar an chósta idir Villajoyosa agus Benidorm.
má bhaineann siad feidhm as bréaga if they tell a lie
" Murab ionann is gort na moráltachta gona rialacha dochta daingne, cuirim i gcás, ní lochtaítear polaiteoirí i gcónaí má bhaineann siad feidhm as bréaga, deargbhréaga nó ‘bréaga amhra’ Platónacha, fiú, d’fhonn aidhmeanna polaitiúla a bhaint amach.
ag baint feidhme as mar bheairic shealadach using as a temporary barracks
" Ghlac sé páirt i scliúchas sa bhaile fearainn, an Bealach, i 1815 inar dódh otharlann a raibh arm na Breataine ag baint feidhme as mar bheairic shealadach.
baintear feidhm as na foirgnimh sin those buildings are used
" Thóg siad mainistir agus scoil chónaithe ann agus baintear feidhm as na foirgnimh sin leis na himeachtaí staire thuasluaite a reáchtáil.
feidhm a bhaint as sin le héalú ón bhfíordhíospóireacht use that to escape from the real debate
" Má théann polaiteoir thar fóir ag déanamh cur síos ar ghinmhilleadh déanach, abair, nó má sheolann daoine teachtaireacht creidimh chuig polaiteoir nuair nach duine le creideamh é, is féidir le polaiteoirí feidhm a bhaint as sin le héalú ón bhfíordhíospóireacht.
feidhm a bhaint as staidreamh the use of statistics
" Tá póilíneacht an lae inniu níos cliste – úsáid trealaimh chlosamhairc, feidhm a bhaint as staidreamh, béim a leagan ar na háiteanna is mó a ndéantar coireanna, srl.
bhain sé feidhm as a shaoirse he used his freedom
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach they use one trick particularly
" Tá amhráin ghreannmhara agus manaí cliste acu agus baineann siad feidhm as cleas amháin go sonrach ina gcuid spochadóireacht ar na hAstrálaigh.
fásfaidh fáth feidhme as an dúil the reason for use shall grow out of natural desire
" B’fhéidir mar sin go bhfuil an ceart ag na Luddaigh inár measc: fan fada go leor agus fásfaidh fáth feidhme as an dúil.
bhain siad feidhm as raidiónna they used radios
" Bhain an drong póilíni feidhm as carr RUC le cinntiú nach raibh Arm na Breataine sa cheantar; bhain siad feidhm as raidiónna an RUC le teagmháil lena chéile agus bhí éadaí an RUC orthu faoina gcuid *boiler suits*.
feidhm as trealamh leictreonach use of electronic equipment
" Beidh Martin ag seinm ar an bhosca cheoil agus ag seinm lúbanna agus samplaí fríd ríomhaire; beidh Úna ag seinm ar an chláirseach ach rachaidh na fuaimeanna sin isteach i ríomhaire ag cruthú rud éigean as an úr agus bainfidh Tim feidhm as trealamh leictreonach.
an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis the way he used his native language
" Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol: “Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach.
a bhain feidhm as an dtéarma who used the term
" Forbairt na Fantasmagoria ============= B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair.
baineadh feidhm as roinnt some was used
" Thug mé faoi deara an méid breochloiche a bhí le feiceáil i Norfolk- baineadh feidhm as roinnt mar mhaisiúchán ar bhallaí eaglaisí agus bhí cnapáin mhóra ina luí thart san ollscoil a chuir an ceann ón séadchomhartha, Cnóbha sa Mhí, i gcuimhne dom.
freagrach as an gcur i bhfeidhm responsible for the implimentation
" Toisc nach bhfuil aon dream amháin freagrach as an gcur i bhfeidhm i dtaca le teanga, tagann saincheisteanna chun cinn maidir le Gaeilge ar chomharthaí.
as feidhm banjaxed
" Mhínigh an Bhanríon Beití dó go raibh an Rolls Royce as feidhm agus nach raibh ar fáil ach an seancharbad capaill.
feidhm as léargais aigneolaíochta use of psychological insights
" com/tracks/152917796&auto_play=false&hide_related=false&visual=false&show_artwork=false&show_user=false"></iframe> Bhain an saineolaí béaloideasa Gearóid Ó Crualaoich feidhm as léargais aigneolaíochta de chuid Jung chun cultúr béil na hÉireann a scagadh ina leabhar tábhachtach, *The Book of the Cailleach: Stories of the Wise-Woman Healer* (Corcaigh, 2004).
feidhm as an mbolscaireacht chéanna use of the same propaganda
" Bhain an tAire Airgeadais, Joe Hockey, feidhm as an mbolscaireacht chéanna agus an cháinaisnéis ar na bacáin aige i mbliana.
feidhm as an modheolaíocht use of a methodology
" Bhain an tOllamh Peter Whiteford, as Ollscoil Náisiúnta na hAstráile, feidhm as an modheolaíocht a d’úsáidtí leis an gcaibidil thuasluaite a chur le chéile le tionchar na cáinaisnéise a mheas.
bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh I used that book as practice
" Níl labhairt na hIodáilise go líofa agam, ach bhain mé feidhm as an leabhar sin mar chleachtadh le mo chuid Iodáilise a fheabhsú.
bhain siad feidhm as mionlach they used a minority (population)
" Is iondúil gur thug tír Eorpach faoi cheantar éicint eile, sa chéad seo chuaigh thart agus gur bhain siad feidhm as mionlach a bhí sa tír cheana féin le comhoibriú leo i smachtú an mhóraimh.
Baintear feidhm as slite éagsúla various ways are used
" Baintear feidhm as slite éagsúla le líon na n-ainmhithe sa tuaisceart a laghdú agus ní chothaíonn a ndealú aon chonspóid.
ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as thinking of using
" Tá sé an-deacair iad a scaoileadh sa dúiche gharbh ina gcónaíonn siad agus d’fhógair na húdaráis le déanaí go bhfuil siad ag cuimhneamh ar fheidhm a bhaint as aimsitheoirí in ingearán le cuid de na capaill a scaoileadh.
feidhm as na focail (used) the words
" Is cuimhin liom sa tsraith theilifíse thuasluaite gur bhain comhairleoir Hacker, an Ridire Humphrey Appleby, feidhm as na focail, “cinneadh misniúil” le cur síos ar ghníomh a chothódh an-chur ina aghaidh.
cur as feidhm neutralizing
" Tá Robert McMillen den tuairim go mbaineann cur as feidhm na n-easaontóirí le cothrom na Féinne a roinnt ar chách tríd an pholaitíocht.