Pota Focal Intergaelic
ab | ba | | be |
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na B-Speisialaigh the B Specials
" "Ó," arsa Burnside, agus aiféaltas air, "caithfidh sé go bhfuil sibh ró-óg le cuimhne a bheith agaibh ar na B-Speisialaigh.
sa ngléas B maol in the key of B flat
" Bíonn seisiún an-bhreá ar fad ann chuile bhliain san iarnóin Dé Céadaoin, sa ngléas B maol, gléas atá ciúin, álainn agus séimh.
B’fhearrde dúinn tosú ag seinm. We'd better start playing.
" B’fhearrde dúinn tosú ag seinm.
b’éigean dom éirí as I had to give it up
" Sa deireadh, b’éigean dom éirí as de bharr cúrsaí oibre.
b’iomaí deoir a sileadh many tears were shed
" Cúig bliana déag ó shin, b’iomaí deoir a sileadh in aerfoirt na tíre i ndiaidh na Nollag nuair a bhíodh ar na mílte Éireannach pilleadh ar an deoraíocht.
b’olc an mhaise aici it was bad of her
" ” “Is dócha go bhfuil an ceart agat, ach ina dhiaidh sin agus eile, b’olc an mhaise aici a leithéid a dhéanamh.
ar an bhfoireann B, on the B-team
" B’ar an bhfoireann B, a raibh cluichí cairdiúla amháin aici, a bhínnse ag imirt.
b as an nGearmáin ó dhúchas dó who is originally from Germany
" Sular phós sé Banríon Juliana na hÍsiltíre sa bhliain 1937, bhí an prionsa sin, arb as an nGearmáin ó dhúchas dó, ina oifigeach san SS agus ba mhinic an chonspóid sna sála aige ar feadh a shaoil.
faoi aird Bhaloir to B’s notice
" Tá sé le tarlú roimh Nollaig, de réir na dtuairiscí atá i ndiaidh teacht faoi aird Bhaloir.
Bhaloir na páirte beloved B.
" “Ó, a Bhaloir na páirte, is tú féin atá ann.
b’ shin an méid that was all
" Bhí na gnáthphóilíní ann, ceart go leor agus madraí acu, ach b’ shin an méid.
As go brách le Balor B. took off
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.
tá Balor ag déanamh go B. figures that
" Tá Walsh i ndiaidh táille ard a íoc le Mars Barra ar chúrsa bainisteoireachta a mhairfidh deich lá agus deich n-oíche, ach tá Balor ag déanamh go mbeadh Louis fós in áit na leathphingine fiú dá ndéanfadh sé cúrsa deich mbliana léi.
Is tráthach Bréanann ar an gcnoc timely that B. is on his mountain
" Is tráthach Bréanann ar an gcnoc.
go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela B. A. played a large part
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
chinn Balor ar B. decided to
" I gcás ar bith, i bhfianaise na deacrachta ar fad a bhain d’Éirinn le cúpla seachtain anuas, agus de bhrí go raibh páirt nach beag ag an Bhanríon Angela sa scéal sin, chinn Balor ar chuairt a thabhairt uirthi ina caisleán saoire i ndorchadas na foraoise i sléibhte na Baváire.
B’éigean do Bhalor bocht poor B. had to
" B’éigean do Bhalor bocht cur go mór lena árachas taistil nuair a chuala lucht an árachais cén áit a raibh a thriall.
Is díol spéise an freagra a thug B. gave an interesting answer
" D’fhiafraigh sé de Niels cad ina thaobh go raibh a leithéid ansin aige nó ar ghéill sé don phiseogaíocht a bhain leis an gcrú capaill? Is díol spéise an freagra a thug Bohr.
chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann B. believed in a belief he himself didn’t believe in
" Seo agaibh an paradacsa, más ea: chreid Bohr i gcreideamh nár chreid sé féin ann! Creideamh Idé-Eolaíoch ========== Baineann an fealsamh Slavoj Žižek earraíocht chliste as an scéal seo d’fhonn an tslí pharadacsúil ina bhfeidhmíonn idé-eolaíochtaí sa tsochaí chomhaimseartha a léiriú.
b'éigean don Bhòrd the B. had to
" Go deimhin, b'éigean don Bhòrd feachtas a bhunú in iarracht cainteoirí Gàidhlige a mhealladh le bheith ag múineadh.
ach b’fhéidir ní b’ mhó a dhéanamh faoi but more could be done about it
" **SMM: Inis Gé, an dtéann daoine isteach ansin sa samhradh, an sprioc turasóireachta é an turas farraige sin, isteach ar na hoileáin?** PÓMurchú: Tá siad ag déanamh beagán faoi ach b’fhéidir ní b’ mhó a dhéanamh faoi.
ag bladar go mursanta talking BS
" Ba shin an t-am a raibh siad ag bladar go mursanta in aghaidh a n-údaráis féin, SAM.
den eite Basil/John of the B/J wing
" Má fhreagraítear, Darren Clarke, aontachtach den eite Basil/John atá ann.
atá curtha i leith of which (Ó B) is accused
" Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite.
réitithe nuair a thit Balla Bheirlín settled when the B. Wall came down
" Nár cheap an fealsúnaí Francis Fukuyama go raibh na ceisteanna faoin chaipitleachas agus faoin liobrálachas réitithe nuair a thit Balla Bheirlín.
Samhlaigh sin anois imagine that now B.
" Tá múinteoirí ar m’aithne nach bhfuil acu ach tithe saoire sa Tuirc! Tá aithne agam ar bhean bhocht amháin agus is sa Bhulgáir atá teach saoire s’aicise! Cén sórt saoil é sin? Samhlaigh, agus tú ag teacht i dtreo thús an tsamhraidh, agus do chuid cairde uilig ag súil leis an tsaoire a chaitheamh ag tumadh ar chósta Amalfi nó ag tonnmharcaíocht i ndeisceart na Fraince; agus níl agatsa le bheith ag súil leis ach fíonta na tuaithe agus béilí saora i mbialanna na Bulgáire! Samhlaigh sin anois, a Bhaloir! Más Dona Maoil, is Measa Mullóg =============== James: Agus an cháin úr seo ar na tithe! Níl sé ceart ná cóir! Caidé faoi na múinteoirí bochta a bhfuil trí nó ceithre theach acu? Caidé mar a thiocfaidh leo siúd an cháin seo a íoc ar an tuarastal laghdaithe a bheas againn! Tá sé thar am againn muirthéacht a bheith againn sa tír.
nár thóg Breandán é féin faoi deara that B. himself may not have noticed
" com/watch?v=0-9Rkaf22Lg> Sílim féin go bhfuil gné eile ag Meiriceá mar amhrán, b’fhéidir gné nár thóg Breandán é féin faoi deara.
tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach the gospel according to B. is revealed
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
as ceantar aoibhinn uaimhiúil from the pleasant cavernous area (of C. B.)
" Bhí cuimhní deasa draíochtúla le tabhairt abhaile liom as ceantar aoibhinn uaimhiúil Chathail Bhuí.
Rith rian Bheckett liom B's mark occurred to me
" (Rith rian Bheckett liom tar éis an dráma nuair a fuair mé agus m’uncail seans comhrá a dhéanamh leis an id iontach, an t-aisteoir Daniel Reardon a B’leá' Cliath, le gloine fíona).
a luaitear le Brechan which is assigned to B.
" Tá ceann eile i Nevern, baile i Penfro a luaitear le Brechan, naomh a bhfuil cuimhne air sa logainm Cill Bhriocáin i Ros Muc.
a cuid sciathán a chur thart ar Bhalor to enwrap B. in her wings
" – an t-aon bhean san Eoraip atá in ann a cuid sciathán a chur thart ar Bhalor agus é a choinneáil ó imeacht nuair is mian leis.
D'fhás Bashar aníos saibhir B. grew up rich
" D'fhás Bashar aníos saibhir i nDamaisc gan mórán foinn seilbh a ghlacadh ar chumhacht.
faoi alt by (B.’s) article
" Ní hé go ndúirt Enda a leithéid, nó go ndéarfadh sé a leithéid riamh, ach níor mhaith le Balor go mothódh an Taoiseach ar an imeall faoi alt Bhaloir, anuas ar é a bheith ar an imeall i gcúrsaí go leor eile fosta.
tabhairt faoin athchleas start at plan B
" Beidh uirthi tabhairt faoin athchleas.
Guíonn Balor aghaidh gach dea-scéala oraibh B. wishes you the very best
" Amach! Amach! Amach!” Guíonn Balor aghaidh gach dea-scéala oraibh sa bhliain úr agus cúl gach drochscéala oraibh sa bhliain atá muid a fhágáil inár ndiaidh.
dá scríobhfadh léitheoirí BEO were readers of B. to write
" Níor mhiste dá scríobhfadh léitheoirí BEO faoina gcuid eachtraí féin faoi bhun an ailt seo, mar is cóir go dtuigfimis cé chomh forleathan, nó a mhalairt, atá na heachtraí teanga seo.
ag bladar faoin tuiseal ginideach talking bs. about the genitive case
" Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
b’éigean dó an-dua a chur air he had to go to great lengths
" Níl aon ghréasan gan sreang sa bhaile ag Diarmaid Mac Mathúna agus b’éigean dó an-dua a chur air féin chun ceann a aimsiú.
Níl Balor róthugtha B. doesn’t really like
" Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.
Nocht Tony Birtill a chroí T. B. bared his heart
" Nocht Tony Birtill a chroí (agus tuilleadh, tráth dá raibh) san alt seo i ndiaidh dó casadh leis an aisteoir Carrie Crowley i nGleann Cholm Cille i ndiaidh blianta fada.
ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne making B. liable to become sick
" Tá roinnt cásanna cúirte ag cur Balor i gcontúirt casadh aigne nó fiú baol an urchair mhillte.
Is é tuairim mheáite Bhaloir it’s B’s measured opinion
" Is é tuairim mheáite Bhaloir gur ag caint trína mhóin atá Ming gan Taise agus gur píobaire an aon phortaigh é fosta.