Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
béalghrá lip-service
" Ach ar nós na Gaeilge tugtar neart béalghrá don iomáint: "an cluiche páirce is sciobtha ar domhan"; "is breá liom dul chuig Craobh na hÉireann"; "tá sé iontach an Ghaeilge a chloisteáil á labhairt" (an saghas cainte a chloisfeá i bpub sa Ghaeltacht sa samhradh).
béalghrá lip-service
" Tá na rialtais breá sásta béalghrá a thabhairt do chruachás na saoránach, ach ní dóigh liom go ligfidh siad do laghdú sna praghsanna agus caillteanas cothromais tarlú.
ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, for the sake of the magic music of lip-service,
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
béalghrá agus cur i gcéill hypocrisy and a pretence
" Ceisteanna a bhaineann le dearcadh na ndaoine: céard iad na luachanna is tábhachtaí dúinn mar phobal? Agus ceist eile: cé na hathruithe is mó atá de dhíth ar an chóras pholaitíochta le go mbeadh ar a chumas dul i ngleic le fadhbanna na linne seo? Bhí mise chomh soineanta is gur shíl mé go raibh na páirtí polaitíochta dáiríre faoin cheist seo roimh an olltoghchán, ach, ón méid atá feicthe agam ó shin, tuigim nach raibh ann ach béalghrá agus cur i gcéill.