Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhómán slow-witted person
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
bhómán slow-witted people
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
bhómáin slow-witted people
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
bómáin slow-witted people
bómáin bhundúnacha silly fools
" Níl iontu ach bómáin bhundúnacha.
Bómán Bladrach flattering dunce
" Tá Balor Bocht an Bómán Bladrach iontach sásta leis féin an mhí seo, a léitheoirí, agus é ag amharc siar ar 2007 – bliain ar leith i saol na tíre seo, agus bliain ar leith ina shaol féin.
bhómáin silly fool
" An dtiocfadh leat gnúis mar seo a shamhlú ar phápaire, a bhómáin? Bhuel, an dtiocfadh leat? Balor: Le do chead, a Ian, ní thiocfadh liom gnúis mar sin a shamhlú ar dhuine ar bith, seachas ort féin.
bómáin stupid people
" Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.
an laoch/bómán the hero/ idiot
" Tá Willie Frazer, an laoch/bómán (déan do rogha féin) a bhí taobh thiar de Love Ulster, gníomhach san eachtra seafóideach seo.