Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith you yourself create the enjoyment that you get from any place
" Ceann de na rudaí is bunúsaí ar fad ná go gcruthaíonn tú féin an taitneamh a bhaineann tú as áit ar bith, nó ócáid ar bith ag a bhfuil tú.
is mó a bhainfidh leas as an teip seo who will benefit most from this failure
" Is iad Sinn Féin agus an DUP is mó a bhainfidh leas as an teip seo.
nuair a bhain mise siar as when I took him aback
" Ag taibhreamh a bhí sé faoi na billiúin a bheadh le caitheamh arís aige de bharr na ngearrthacha siar a chuirfeadh sé i bhfeidhm i riocht réiteach agus feistithe, nuair a bhain mise siar as le mo chéad mholadh eile.
a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá which rocked the American business world
" Ba iadsan, ar ndóigh, aghaidheanna na scannal corparáideach a bhain suaitheadh as saol gnó Mheiriceá in 2002.
a bhain mí-úsáid as leanaí who abused children
" Tá an páirtí agus an tír iontach buíoch gur fhág an ceannaire úr, Gach Éinne Ó Cionnaith, a chuid féin sa bhaile i Maigh Eo (an *charisma*, chan an custard!) "De réir mar a chuaigh an bhliain isteach bhí níos mó eolais ag teacht amach faoi na sagairt a bhain mí-úsáid as leanaí ar fud na tíre.
a bhain mí-úsáid as leanaí who abused children
" Tá an páirtí agus an tír iontach buíoch gur fhág an ceannaire úr, Gach Éinne Ó Cionnaith, a chuid féin sa bhaile i Maigh Eo (an *charisma*, chan an custard!) "De réir mar a chuaigh an bhliain isteach bhí níos mó eolais ag teacht amach faoi na sagairt a bhain mí-úsáid as leanaí ar fud na tíre.
bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh I enjoyed doing the arrangements
" Tá triúr amhránaithe iontacha agam air, Deirdre Scanlan, Mick Scanlan agus Nóra Butler, agus bhain mé taitneamh as a gcóiriú a dhéanamh ar an tionlacan dóibh.
a bhainfeadh siar as an eachtrannach. which would surprise foreigners.
" Tá roinnt gnéithe de chultúr na Polainne a bhainfeadh siar as an eachtrannach.
greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean. humour which took the sting from the violence.
" Tá foréigean an chait agus é sa tóir ar an luchóg beagnach osréalach agus tá greann fíorchliste in amthomhas na ngeáitsí agus sna cleasa líníochta, greann a bhain an ghoimh as an fhoréigean.
frása a bhain geit as Mallie a phrase which gave Mallie a start
" Agus é ag caitheamh bricfeasta le Paisley, dúirt an t-iriseoir Éamon Mallie gur dhúirt an Fear Mór i gcogar leis: “I want to fix Northern Ireland,” frása a bhain geit as Mallie mar go léiríonn sé go bhfuil Dr No dáiríre faoin socrú úr.
gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, that he enjoyed creating intimacy with the people of Belfast
" Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna.
an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara the way they used their fingers
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán another conclusion that the Commission reached based on the investigation
" Tátal eile a bhain an Coimisiún as an bhfiosrúchán ná go ndearna an polasaí asamhlaithe dochar uafásach d’fhéinmheas na bpáistí a tógadh óna muintir.
bhain sí sult as a tréimhse ansin she enjoyed her time there
" Dar léi go raibh an institiúid sin an-chosúil leis an chlochar a bhí fágtha ina diaidh aici ach bhain sí sult as a tréimhse ansin mar sin féin.
baineadh a shúile as a cheann, his eyes were taken out of his head
" Bhí céasadh i ndán don duine a tháinig salach ar na manaigh – nuair a ghoid seirfeach bocht dhá chaora ó mhainistir, baineadh a shúile as a cheann, cuir i gcás.
as a bhfuil bainte amach for what has been achieved
" Le linn na díospóireachta thug sé ardmholadh d’Údarás na Gaeltachta as a bhfuil bainte amach ag an áisínteacht stáit “chun deiseanna fostaíochta fiúntacha a chruthú.
an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge the one and only time an Irish translator was used
" Bhí páirt bheag agam mar aistritheoir Gaeilge i dtriail an fhir Éireannaigh a cúisíodh as an gcoir, an t-aon uair amháin a baineadh feidhm as aistritheoir Gaeilge i gcás cúirte san Astráil.
a bhain feidhm as saothar who used the work(s)
" Ó Crualaoich an fear a bhain feidhm as saothar Mháirtín Uí Chadhain chun laigeachtaí na sean-nósanna stairiúla a bhéimniú, ach go háirithe teipeanna éagsúla an chur chuige stairiúil sin a chuireann an iomad béime ar thionchuir sheachtaracha.
a mbainfí tairbhí éagsúla as from which various benefits would flow
" Ós rud é go bhfuil na céadta míle imirceach tar éis cur fúthu sa tír seo ó na nóchaidí ar aghaidh, tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a dteastaíonn uathu bheith ina saoránaigh Éireannacha, stádas a mbainfí tairbhí éagsúla as.
bhain sé feidhm as a bharantás taistil he used his travel warrant
" Níor chuir Seirbhís Náisiúnta stad le ceol Sheáin, mar bhain sé feidhm as a bharantás taistil ón RAF le dul ar ais go Co.
gurb iad is mó a bhainfeadh tairbhe as they would be the greatest beneficiaries from
" Tuigeann siad go maith gur faitíos roimh ‘Éire Aontaithe’ ba phríomhchúis le tacaíocht protastúnach don DUP agus don UUP agus gurb iad is mó a bhainfeadh tairbhe as an bhfeachtas in aghaidh athaontú na tíre.
bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach I enjoy more so paying a visit to an old monastery building
" Anois, de bharr an chúrsa sheandálaíochta, bainim níos mó sásamh as cuairt a thabhairt ar sheanfhothracha mainistreach, ar iarsmalanna, nó ar shuíomhanna ar a bhfuil iarsmaí dár sinsir le feiceáil.
an chiall a bhain siad as what they thought of
" - agus, ag an am chéanna, imeacht ón am i láthair siar go dtí clanna éagsúla Uí Néill san aimsir anallód ag meabhrú ar an tsaol a bhí acu, ar an chineál Ghaeilge a labhair siad, an chiall a bhain siad as an tsaol chrua a bhí acu.
a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar which they’ll use to describe
" Má fhaigheann siad Tickets chun freastal ar cheolchoirm, is é an focal cool a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar na Songs ar fad.
bhain sé feidhm as a shaoirse he used his freedom
" Cé gur theip air, bhain sé feidhm as a shaoirse mar chúlbhinseoir le labhairt amach ar ábhair éagsúla, lena ainm a choimeád in airde ach gan aon dúnghaois de chuid an rialtais a cháineadh go poiblí.
a bhaineadh leas as who used to use it
" Ceachtanna Gaeilge ar an Idirlíon ============ Tá an uirlis nua seo ó Google pléite agam le cúpla duine a bhaineadh leas as agus an rud a dúirt roinnt díobh ná céard faoi fhadhbanna teicniúla? Más ea, tá rathaíocht ann go bhfaightear táillí ar ais muna bhfuil an dalta sásta.
a bhain creathadh as caolachaí darach an leasa which rung in the oak rafters of the court
" Dhá chéad osna ansin in aon osna amháin, agus bualadh bos a bhain creathadh as caolachaí darach an leasa.
an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis the way he used his native language
" Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol: “Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach.
a bhaineadh geit as a chairde which would amaze his friends
" Ba é a athair siúd a bhíodh de shíor ag tathant air gléas de shaghas éigin a chruthú a bhaineadh geit as a chairde.
a bhain feidhm as an dtéarma who used the term
" Forbairt na Fantasmagoria ============= B’fhéidir gurbh é Thomas Walgensten a bhain feidhm as an dtéarma Laterna Magica den chéad uair.
as a bhfuil bainte amach againn for what we’ve achieved
" Tá ionann is céad bliain ann ó bunaíodh an stát seo ach go fóill féin tá dúil leanbaí againn in aitheantas a fháil as a bhfuil bainte amach againn.
faoin sult a bhaintear as about the enjoyment received
" com/Harvard_Press/status/446294248309403648> ● Tá neart plé sna hirisí ar líne agus ar bhlaganna faoin sult a bhaintear as an léitheoireacht.
an léamh a baineadh as an scéal the understanding was this
" Seo an léamh a baineadh as an scéal: fuair an córas liobrálach caipitlíoch an lámh in uachtar ar an chóras chumannach.
a bhaineann preab uafásach as gach duine which deeply shocks everyone
" Tá siad ag súil le lá mór – ach tarlaíonn eachtra a bhaineann preab uafásach as gach duine.