Pota Focal Intergaelic
ang | bag | baig | ban | ban-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tailm bang
" Tailm! Bhuail mé mé féin os cionn na súile deise.
bhuail sí an doras ar an ursain she banged the door-frame
" "Ivan, gabh amach as an leaba sin leat! Go bhfóire Dia ort má chaithim a dhul síos chugat," arsa a mháthair agus bhuail sí an doras ar an ursain.
phlab sé an doras he banged the door
" Agus, ós ag caint ar an bhfear fada atáim, níor ceart dúinn dearmad a dhéanamh, ach an oiread, gur dhiúltaigh de Valera dídean a thabhairt do Ghiúdaigh a bhí ar a dteitheadh ó scrios na Naitsithe, agus gur phlab sé an doras ina n-aghaidh.
phléasc bang
" *Aniar *leis de phreab agus an phléasc fós ag goin na gcluas aige: “Cé a bhuail rap mar sin ar an doras?” a fhiafraíonn sé, agus alltacht ina ghnúis, “Agus arbh é doras na gaoithe nó doras an fhoscaidh?” Léaráid: Seán Ó Domhnaill ((www.
de phlimp with a bang
" Bhuail an mála an talamh de phlimp, mar a dhéanfadh ualach cloch.
chualas pléasc. I heard a bang.
" Dhírigh sé an gunna i mo threo agus chualas pléasc.
bang stroke
" Chaith sé é féin isteach san fharraige, gan snámh aige: “Is iomaí uair a bhí mé i gcontúirt an bháis ón tráthnóna a léim mé isteach i seacht dtroithe uisce ar chladach uaigneach agus gan bang ar bith snámha agam.
ag bualadh sciath banging shields
" Tá príosúnaigh phoblachtacha ina seasamh go tostach ina gcillíní, na ballaí smeartha le cac agus bia, ag éisteacht go míshuaimhneach leis an racán taobh amuigh - áit a bhfuil dhá line eochróirí príosúin, gléasta ó bhun go barr in éadaí círéibe, ag bualadh sciath go fíochmhar le smachtíní.
le plimp with a bang
" Am ar bith is maith leat, a mhórgacht!” Bhí an gheonaíl agus an criongán agus an phusaireacht le mothú ina ghlór agus Balor an Meatachán Míghaisciúil ag géilleadh go grod d’údarás eagarthóir Beo Ar Éigean agus ag druidim a ghuthán póca le plimp.
lár na bualtraí slap-bang in the shit
" Ní fearg agus fonn díoltais an phobail i leith na mbanc, na n-amhantraithe réadmhaoine, na forbarthóirí tógála, príomhstiúrthóirí na mbancanna, ciorcal órga na droinge damanta sin uilig a theilg sinn isteach i lár na bualtraí agus a tharraing an buiséad is déanaí seo ina sciúirse dubh aniar aduaidh orainn - ní sin an t-aon comhthéacs amháin do bhuiséad peannaideach Uí Lionnacháin.
gceartlár slap bang in
" Más i Londain Shasana a bhí ‘Kino’ d’eagrán na míosa seo d’imigh tharainn, is i gceartlár Fhéile Scannáin Sydney na hAstráile atáimid an dul seo.
Plimp bang
" Plimp! Fuair na breithiúna buille as cinneadh a dhéanamh a thug cead do chomhlachtaí móra airgead a thabhairt do pholaiteoirí.
Bascann bangs
" Bascann sí na ráillí le teann mianbhaic.
gcroílár the middle, slap bang
" 
Ach tá an cogadh thart agus tá difear mór amháin ann - tá Sinn Féin i gcroílár an rialtais sa tuaisceart i gcuideachta an DUP.
bualadh banging
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
bang snámha swimming stroke
" Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí; - Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh; - Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat; - Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
mbang brollaigh breast stroke
" Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí; - Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh; - Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat; - Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
bang láidir snámha a strong swimming stroke
" Caithfidh mé a admháil nach bhfuil bang láidir snámha agam féin ach bhí flúirse snámhán ar fáil agus d’éirigh go geal liom faoin uisce le cabhair na snámhán.
Ollphléasc Big Bang
" Nílim chun a bheith ar mo shóchúlacht le haon scannán a thosaíonn le sliocht as Job, gearrtha le léiriú fíorálainn den Ollphléasc a chuir tús le slabhra na beatha, más fíor don teoiric léannta.
troimpléasc mhór a massive loud bang
" Bhí mé ag breathnú ar an uisce donn agus le rithim codlatach an innill, bhí mé ag titim i néal - go dtí gur dhúisigh mé le troimpléasc mhór agus stadamar go tobann.
trí iad a bhualadh in aghaidh a chéile ina nglaic by them banging them together as they hold them in their hands
" Ligeann an tseirbhís seo do bheirt daoine airgead a sheoladh ó *iPhone* go h*iPhone* trí iad a bhualadh in aghaidh a chéile ina nglaic.
ag bualadh an bhoird banging the table
" Stát crua is ea Nua-Gheirsí, agus tá cáil an fhir chrua ar Christie, agus m'anam, thug sé príomhaitheasc an choinbhinsiúin go paiteanta, ag bualadh an bhoird agus ag gríosadh an lucht éisteachta chun léimt ina seasamh.
ag tuargaint a chinn in aghaidh na cathaoireach a bhí os a chomhair amach banging his head on the seat in front of him
" I ndiaidh dó dul ar bord an eitleáin thosaigh sé ag tuargaint a chinn in aghaidh na cathaoireach a bhí os a chomhair amach, dar leis na foinsí seo.
ach buillí druma a bhualadh they only had permission to bang the drums
" Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu ach buillí druma a bhualadh.
suite i gceartlár set slap-bang in the centre
" Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann.
Plimp! Plimp! Plimp! Bang! Bang! Bang!
" Plimp! Plimp! Plimp! Deir lucht ardnósach na n-ealaíon gur rud cultúrtha é an Lambeg ach tá go leor daoine anseo nach mbeadh den bharúil chéanna.