Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
barúlacha opinions
" Glacann páistí barúlacha agus luachanna a dteaghlaigh ach múnlaíonn siad iad de réir a n-eispéiris féin.
barúlacha binbeacha venomous opinions
" Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail, cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
bharúlacha opinions
" Loighciúil? B'fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha.
barúlacha a mhúnlú to shape opinions
" Ní raibh sé ábalta barúlacha a mhúnlú i dtreo a pholasaithe féin agus chaill sé an cath ina pháirtí féin.
bharúlacha opinions
" Ós rud é go dtig linn a rá go mbeidh an cogadh thart nuair a bheas poblachtánaigh óga sásta (nó nuair a bheas cead acu) dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta, is ceist an-tábhachtach í cén fháilte a chuirfear roimh bharúlacha agus thraidisiúin Chaitliceacha, phoblachtánacha féin, i gcroí an PSNI.
barúlacha opinions
" Ar tharla sé riamh in iarthar Bhéal Feirste gur nocht ball de chuid an RUC a anam do phobal mór náisiúnach? Ainneoin gur carachtar i ndráma é an t-iarphóilín, dearbhaíonn McKeown agus Campbell go bhfuil siad dílis do na barúlacha a fuair siad agus iad ag plé le fíorbhaill den RUC.
bharúlacha opinions
" Ach d'aonghuth a bhronn na moltóirí an bonn óir agus Gradam an Iompaithe Ghasta ar iomaitheoir uimhir a sé mhíle naoi gcéad nócha is a naoi, an tAire Spóirt, Seán Ó Dunno Who, as a bharúlacha éagsúla dochta daingne faoi cén bhliain go díreach a bhainfeadh Éireannach bonn óir eile sna Cluichí Oilimpeacha.
chomh daingean ina bharúlacha opinionated
" Anois, cén t-ainm seo arís atá ar an tráchtaire sin atá chomh daingean ina bharúlacha a mhaíonn gurb eisean an t-aon duine sa lá atá inniu ann atá toilteanach fimíneacht agus ainbhearta a nochtadh? An duine sin, a mbíonn sé féin agus Clooney de shíor in adharca a chéile? Ó, sea, Bill O’Reilly ó Fox News.
barúlacha éagsúla different opinions
" Costas ard maireachtálaTá barúlacha éagsúla á nochtadh ar cad atá taobh thiar den chinneadh anseo i dtuaisceart na hÉireann.
a bharúlacha his opinions
" Bhí alt thar a bheith suimiúil sa *Guardian *ag deireadh mhí na Bealtaine inar nocht Sir Hugh Orde, Ardchonstábla Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart na hÉireann, a bharúlacha mar gheall ar an sceimhlitheoireacht.
smaointí agus barúlacha an duine human thoughts
" Agus é ag labhairt ar an fhealsúnacht san eacnamaíocht, ’sé sin an tionchar a bhíonn ag smaointí agus barúlacha an duine ar an gheilleagar, dúirt sé gur cheart dúinn uile go léir ár gcuid teilifíseán a mhúchadh agus éirigh as a bheith ag léamh scéalta nuachtáin faoin gcruachás ina bhfuil muid faoi láthair.
barúlacha opinions
" Tráchtairí Tomhaiste? Is doiligh, áfach, gan aird a thabhairt ar na barúlacha atá nochtaithe ag tráchtairí níos tomhaiste ar an ábhar.
barúlacha opinions
" Bhí muid ag brath ar bhlagadóirí agus ar chláracha plé éagsúla, ach dá fheabhas an díospóireacht agus na barúlacha spéisiúla a nochtaíodh orthu, ní raibh iontu i ndeireadh ama ach tuairimíocht seachas tuairisceoireacht, údarásach, neamhchlaonta.
barúlacha opinions
" ” Cinnte, bhí a barúlacha maidir le homaighnéasaigh doghlactha ach chreid sí go diongbháilte gur theagasc Íosa Críost di go raibh an homaighnéasachas “*abominable*.
Barúlacha thar a bheith spéisiúil very interesting opinions
" Tá radharc ag tús an scannáin Dead Poets Society, scannán a raibh an-ráchairt air tamall de bhlianta ó shin ina bpléitear an cheist – “Cad is filíocht ann?” Barúlacha thar a bheith spéisiúil a shíolraíonn ó stócaigh na meánscoile uasaicme sa scannán céanna agus óna múinteoir (an t-aisteoir Robin Williams i gcarachtar Mr Keating).