Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
barbarthacht Mheiriceá a chloí to overcome American barbarism
" Nár éirigh linne, dornán beag Éireannach, an ceann is fearr a fháil ar cheann de na tíortha impiriúla ba chumhachtaí ar domhan ag tús na haoise seo caite? Gan ach cúpla céad seanghunna agus armlón beag inár seilbh againn? Nár éirigh le muintir Vítneam barbarthacht Mheiriceá a chloí in ainneoin gur scriosadh an tír le hairm cheimiceacha agus gur maraíodh na céadta míle sibhialtach? Thug mé féin suntas do thuairisc amháin a tháinig chugainn ó theorainn na hIordáine leis an Iaráic.
barbarthacht barbarity
" Seasann uafás an uileloiscthe ar ardán eile, in éindí le huafás Ruanda, cuir i gcás, nó le barbarthacht Stailín, nó le díothú na nAirméanach faoi lámha na dTurcach ag tús na haoise seo caite.
barbarthacht barbarism
na blianta barbarthachta sin. those years of barbarism.
" Nó an méid sin ama a bheith imithe ó na blianta barbarthachta sin.
B’eiseamláir den bharbarthacht (it) was an example of barbarism
" B’eiseamláir den bharbarthacht agus den easpa sibhialtachta í an fhánaíocht dar leo.
an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine the barbarism which lies in the heart of man
" D’eascair an t-arm eithneach as an dul chun cinn iontach a rinneadh i réimse na fisice sa chéad leath den fhichiú aois, agus léiríonn tógáil agus úsáid an airm chéanna an bharbarthacht a luíonn i gcroí an duine.