Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
costais bheartaíochta transaction costs
" Beidh deireadh le costais bheartaíochta (suas go 0.
beartaíochta scheming
" Tháinig mé i gcomharbacht ar an bhoc eile sin Leamh Ó Cuinneagáin, alias Crocodile Dungloe, fear maith beartaíochta agus idirbheartaíochta, fear a fheiceann agus a thuigeann an dá thaobh in aighneas ar bith, mar ba léir ón agallamh a rinne sé ar TG4 ar na mallaibh ar ghéarchéim na Gaelscoile i nDún Bóinne.
beartaíocht chogaidh war planning
" Ba chuma nó feachtas cogaíochta é, idir cogadh bréagach mhí na Nollag is seomraí cogaidh na bpáirtithe polaitiúla, idir bolscaireacht dhubh a gcomhlachtaí fógraíochta is beartaíocht chogaidh a lucht straitéise.
beartaíocht airgeadais financial scheming
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
bheartaíocht shlítheanta sly carry on
" ”* I bhfianaise a leithéid de bheartaíocht shlítheanta níor mhiste go gcuirfí go mór le leibhéal na hoiliúna a chuirtear ar dhaoine a cheaptar ar bhoird sula dtéann siad i mbun cúraim lena chinntiú go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoi réim na bhfreagrachtaí a thiteann orthu, faoina gcuid dualgais shainiúla, faoi na paraiméadair trína bhfeidhmíonn siad agus faoina ndliteanas i gcás teipe.
sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig lodged in the burden of all the noble enterprise
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
bheartaíocht policy
" D’fhógair an rialtas coiméadach anseo, le Stephen Harper mar Phríomh-Aire aige, gur mhaith leo athruithe suntasacha a thabhairt isteach sa bheartaíocht, go háirithe maidir le cumhacht agus pleanáil na n-uiscebhealaí agus na talún ar fud na tíre.