Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
beochan animation
" Go hiondúil bíonn dhá shraith teilifíse in aghaidh na bliana againn agus thar am tá muid i ndiaidh réimse maith cláracha a dhéanamh - cláracha faisnéise, drámaí, beochan, cláracha do pháistí, cláracha d'fhoghlaimeoirí, irischláracha, sobalfhaisnéisí, cláracha ceoil, srl.
beochana animations
" Sraith do pháistí réamhscoile a bheidh sna beochana 'Katie agus Rookie'.
bheochan animation
" " Lean an spéis sin sa bheochan, mar le linn a chuid taithí oibre agus é fós sa mheánscoil, chuaigh sé ag obair le Sullivan Bluth Studios i mBaile Átha Cliath.
bheochan fíorúil idirghníomhach interactive virtual animation
" " Tá go leor plé á dhéanamh ar bheochan fíorúil idirghníomhach de theach iargúlta ar chónaigh Osama bin Laden ann ar feadh tamaill san Afganastáin i 1996, saothar a chruthaigh na healaíontóirí Ben Langlands agus Nikki Bell.
i gcúrsaí beochana in animation
" Ceannródaithe a bhí i Barbera agus a pháirtí, William Hanna, agus chuir an bheirt acu spréach agus úire i gcúrsaí beochana le cartúin mar *The Flintstones*, *Scooby Doo*, *Yogi Bear*, *The Jetsons *agus *Tom and Jerry*.
beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, two of the most famous characters in the animantion world,
" Ba theacht le chéile stairiúil é agus thosaigh an bheirt acu ag obair ar shraith cartún dar teideal *Puss Gets the Boot *– cartúin a thug beirt de na carachtair is clúití i saol na beochana, Tom agus Jerry, chun beatha agus a bhain seacht nGradam Acadaimh do Hannah agus Barbera sna blianta a bhí le theacht.
d'fhorbair siad stíl bheochana they developed a style of animation
" Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
bheochan enliven
" Téacs aimrid don chuid is mó a bhí i gceist san idirlíon ag an am, le corrphictiúr, chun triomacht an fhásaigh a éascú agus a bheochan.
beochana animation
" Thug go leor de na tuairiscí luatha le fios go mb’fhéidir go raibh baint ag an eachtra le *South Park*, an scigchlár beochana teilifíse, ós rud é gur páirceáladh an SUV, líonta le leasachán neamhphléascach, thart ar bhloc ó cheanncheathrú Viacom ar leis *Comedy Central*.
bheochan animate, bring to life
" Tá an tsamhlaíocht in ann seanlaochra a bheochan dúinn, mórgacht a chur lena ngaiscí, orlaí lena n-airde, fad lena bpoic, iontas lena ngíomhartha, uaisleacht lena bpearsa agus glaine lena gcroí.
beochan animation
" (Ceart is cóir dó, seachnaíonn Malick an deabhal CGI – beochan ar an sean-nós is ansa leis.
ag ‘beochan na brionglóide living the dream
" Labhair mé le hÉireannach óg atá ag caitheamh an tsaoil amhlaidh, nó ag ‘beochan na brionglóide’ mar is nós le daoine a rá.
beochan animation
" EO Teilifís ó thaobh Ros na Rún, tá siad ag déanamh sraithe dramaíochta do TV3 agus tá siad ag obair linne ar an scéim Scéal i mbliana; Telegael ar bhun idirnáisiúnta, ní dóigh liom go dtuigeann daoine an méid atá bainte amach ag Telegael ó thaobh sraitheanna beochan idirnáisiúnta agus an t-airgead atá said ag tarraingt isteach sa tír.