"Ní iontas ar bith é go bhfuil an fear céanna a thóg canna anraith Campbell's agus a rinne íocón ealaíne as i ndiaidh an rud céanna a dhéanamh do Absolut," arsa Marion Kahan, coimeádaí bhailiúchán Absolut, faoi Warhol.
Chomh maith leis sin, áfach, beidh albam deas eile agat le cur i do bhailiúchán, albam a bhailíonn scata mór de cheoltóirí maithe le chéile ar aon diosca amháin.
Is ó bhailiúchán na bpátrún ealaíne Meicsiceach, Jacques agus Natasha Gelman, a thagann an saothar seo agus is díol suntais é go bhfuil roinnt de na píosaí is íocónaí a rinne an bheirt le feiceáil ann, cosúil le, ‘Diego ar M’intinn’, féinphortráid déanta ag Kahlo, agus ‘Díoltóirí Lilí Cala’ le Rivera.