Pota Focal Intergaelic
| breas | bas | béas | beast | eas
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bheas thíos leis that will suffer
" Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O'Toole agus a leithéidí.
a bheas thíos leis who will suffer
" Níl amhras ar dhaoine ach gur deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.
Is é a bheas thíos leis he'll pay for it
" "Is é a bheas thíos leis," ar sí agus tharraing sí uirthi ualach mór páipéir agus níor thóg sí a ceann ar feadh uaire.
dheamhan mórán a bheas ar a shon aici she won't have much to show for it
" "Tá sí amuigh ansin anois agus dheamhan mórán a bheas ar a shon aici mura gcuireann sí a gualainn leis.
Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis it will be the fishermen who will suffer most
" Is iad na hiascairí is mó a bheas thíos leis nuair a chuirfear an plean seo i bhfeidhm.
cé bheas in uachtar who will be on top
" Dealraíonn sé nach bhfuil aon athrú le theacht sa todhchaí luath ar aon nós maidir le cé bheas in uachtar ar leathanta deiridh an tsamhraidh.
táthar ann a bheas á rá sin there are people who will be saying that
" Agus, i ndáiríre, i gcomparáid lena bhfuair muid amach ó d’fhág tú an tír seo, bhuel ní thig liomsa a rá gur aingeal thú, ach táthar ann a bheas á rá sin.
a bheas thíos leis who will suffer
" Is iad na daoine atá i bpostanna cléireachais agus riaracháin, agus chan amháin na daoine sin i bpostanna sinsearacha, a bheas thíos leis.
Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil. We'll be the poorer for it if the sector fails.
" Is boichte a bheas muid má theipeann ar an earnáil.
is mó a bheas thíos leis. which will suffer the most.
" Beidh tuilleadh galar, tuillte, stoirmeacha agus ganntanas uisce ann, agus is iad tíortha bochta an domhain is mó a bheas thíos leis.
na deontais ar fad a bheas ar fáil. all the grants that will be available.
" Agus cuirfidh Caoimhín My Erse agus Éanna na Gruaige Finne agus a gcairde go tréan ina éadan, go dtí go gcluinfidh siad faoi na deontais ar fad a bheas ar fáil.
a bheas lena leas. which will benefit them.
" Tá bunadh fadfhulangach na Sé Chontae ag dúil le go bhfaighidh siad rialtas a bheas lena leas.
a bheas thíos leis. who will suffer.
" Mura gcuirtear ar bun córas oiliúna Gaeilge sna blianta atá romhainn, is iad na daltaí ar mian leo a gcuid oideachais a fháil trí mheán na teanga sin a bheas thíos leis.
na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann the crowds which will be drawn to the Glen
" I nGleann Cholm Cille a bheas sé ag oscailt roimh Nollaig, díreach in am do na sluaite a bheas ag tarraingt ar an Ghleann fá choinne chóisirí na Nollag.
is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé it will up to the national parliaments
" Chan ionann agus Conradh Nice, measadh go mbeadh sé "mí-dhaonlathach" iarraidh ar phobail na dtíortha a dhiúltaigh don Bhunreacht vótáil in athuair, agus dá bharr sin, is faoi na parlaimintí náisiúnta a bheas sé an conradh úr a dhaingniú.
a bheas ag teacht chun cinn which will be coming up
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir that it doesn't matter who is manager
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, which will be ongoing for another generation or two
" Ní hea; ní ag caint faoin gcogadh atá mé – a bheas ar siúl ar feadh glúin eile nó dhó, má thagann sé chun críche riamh – ach faoi shéasúr réamhthoghchánaíochta pháirtithe polaitíochta Mheiriceá.
bheas ar bun shall be happening
" Is ait an tAthair an Saol! Tá foireann curtha le chéile anseo i gCois Fharraige de bhuachaillí faoi 12 le mise mar bhainisteoir! Sea, táimse im bhainisteoir ar fhoireann sacair sa Ghaeltacht! Tá muid le páirt a thógáil i gcomórtas sacair a bheas ar bun le gairid mar chuid de Chluichí Pobail na Gaillimhe.
bheas shall be
" Plean oibre cuimsitheach é seo a bheas mar mhúnla do chur chun cinn na Gaeilge sa scór bliain atá le teacht mar aon le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
bheas shall be
" Toisc nach raibh na mic léinn in ann freastal ar ranganna i rith an ama sin, ná an obair leanúnach a mbíonn céatadán den mharc iomlán ag dul di a chur ar fáil, tá amhras ann faoin stádas a bheas ag na scrúduithe deireadh bliana sna hollscoileanna seo.
bheas shall be
" Ceacht sách crua dúinn atá ann agus is ceacht é a bheas ann go ceann tamaill eile, ach is tábhachtaí dúinn mar dhream daoine ná an Ardteistiméireacht féin an ceacht céanna a fhoghlaim! -------------------------------- Is ball gníomhach í an t-údar de Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.
bheas shall be
" fr/) Beidh leagan Bhaile Átha Cliath de Vélib á sheoladh ag deireadh na míosa seo agus tá cuid mhaith den ullmhúchán a bheas riachtanach, idir lánaí rothair agus stáisiúin pháirceála, tógtha cheana féin.
bheas shall be
" Abair “’dé mar?” le @enormous an chéad uair eile a bheas tú ann tú féin!
bheas shall be
" 4 FM, nod don té a bheas ag taisteal abhaile tráthnóna Dé hAoine, nó ag am ar bith.
bheas shall be
" Ach nuair a bheas a shaibhreas caite aige, an mbeidh sé fágtha ar an trá fholamh? Nó céard faoi Phádraigín? Brú na hArdteiste, gan spás aici di féin agus obair an tí go léir á déanamh aici.
bheas shall be
" Is faoi na Glasaigh a bheas sé an cinneadh a dhéanamh ag comhdháil speisialta a thionólfar go gairid.
bheas shall be
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.
bheas shall be
" Trí sprioc a bheas ag an Independent leis an chomhpháirtíocht seo: cur le líon a gcuid léitheoirí, cur lena n-ioncam fógraíochta agus glúin úr léitheoirí a mhealladh tríd an leas a bhainfear as Foinse i scoileanna na tíre.
bheas againn we shall have
" Sea, is é a bheas againn feasta, fuacht agus dorchadas: tréithe an bháis.
bheas shall be
" Faoin Roinn cheanann chéanna a bheas feidhmiú na stráitéise a fhad is a bhaineann sé le hoideachas.
a bheas cinniúnach which shall be final, determinate
" Cheap tú nuair a bhain tú 16-17 amach go raibh a fhios agat cér thú féin, ach anois, bíonn roghanna le déanamh, roghanna a bheas cinniúnach is a fhanfas leat go deireadh do shaoil.
bheas shall be
" Is léir anois agus le roinnt blianta anuas, nach i mí Bhealtaine, mí Mheitheamh ná i mí Iúil féin a imrítear na cluichí móra, cinniúnacha a shocraíonn cé a bheas san iomaíocht faoi dheireadh na biaiste.
bheas acu they’ll have
" Craic ar bith ag gabháil sa tír, taobh amuigh de na múinteoirí bochta ag gearán faoi tháillí eitilte *Ryanair* i rith na seachtaine saoire a bheas acu ag deireadh na míosa seo.
bheas i gcumhacht shall be in power
" Tá Páirtí an Lucht Oibre sásta cionn is go bhfuil an Comrádaí Gilmore an-mhór leis na Comrádaithe Bellyband, mo leithscéal, Miliband thall, agus gurb é Mister Ed a bheas i gcumhacht in Uimhir 10 go luath.
bheas shall be
" Beidh níos mó suíocháin Dála ag Fine Gael ná a bheas ag Fianna Fáil don chéad uair riamh agus d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh Fianna Fáil taobh thiar den Lucht Oibre, i bhfianaise na bpobalbhreitheanna a tógadh agus a foilsíodh le déanaí.
Bheas an Lá matters shall be
" ” Mar is Toil leis an bPobal a Bheas an Lá =============== Deir sé más sin atá uainn, togha, leanaigí oraibh, ach mura bhfuil sin fíor, caithfear athruithe a dhéanamh, ach chun go dtarlóidh na hathruithe seo “caithfidh toil láidir a bheith taobh thiar den ghníomh mar sin an t-aon uair a dhéanfaidh polaiteoirí, forais agus eagraíochtaí rud éigin.
bheas againn we’ll have
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
bheas shall be
" De réir mo chuid taighde ag an bpointe seo, creidim gur mar seo a bheas an roinnt ar an 166 suíochán: FF (35); FG (65); LO (35); SF (16); Eile (15).
Ar le Kíla a bheas tú shall you be with Kíla
" Cill Cheallaigh ====== **SMM: Ar le Kíla a bheas tú?** RÓS: Beidh mé ag seinnt ceoil le IMDT.
bheas shall be
" Má théann an Lucht Oibre isteach i gComhrialtas le Fine Gael, is é an Lucht Oibre a bheas thíos leis.
bheas shall be
an áit a bheas mé where I shall be
bheas ar a gcumas they shall be able to
" Beidh Sinn Féin agus an DUP mar chomhrialtas do-ionsaithe - an mbeidh an SDLP agus an UUP ann ag leibhéal ar bith fiúntach - ach ó tharla an tuaisceart a bheith comhtháthaithe i ngeilleagair nualiobrálach domhanda, is beag a bheas ar a gcumas briseadh as an mhúnla atá cruthaithe go daingean ag an chaipitleachas ó thosaigh sé, má chreideann tú Karl Polanyi, in 1834.
bheas ag shall have
" Is fearr an radharc a bheas ag an turasóir uaidh anseo.
bheas shall be
" Bhí ar an seandálaí Finbar Moore muid a fhágaint in Ailt an Chorráin Faoin am a bheas an t-alt seo á léamh, tá súil agam go mbeidh muid ar an mbealach go hAlbain.
bheas thíos leis shall suffer because of it
" Ach in ionad fadhbanna an réigiúin a réiteach, tá a fhios go maith ag comhairleoirí Obama go gcruthóidh na hiarrachtaí seo uilig olagarcacht airgid sa Mheánoirthear mar a tharla in Oirthear na hEorpa, agus an gnáthduine a bheas thíos leis.
bheas iontub shall they become
" Sílim go mbeidh siad éifeachtach agus go mbeidh siad sa rialtas amach anseo ach céard a bheas dá bharr aghainn? Céard a bheas iontub? Bhí mé ag caint an lá faoi dheireadh le fear a bhfuil post ard aige – níor mhaith liom a ainm a thabhairt amach – fear as Fine Gael.
bheas faoi lúchair shall be delighted
" Ach is iomaí foras stáit a bheas faoi lúchair gur cuireadh múineadh ar an Choimisinéir óir gur bhior sa bheo a bhí ann agus é i mbun póilíneachta gan scíth ar chearta teanga phobal na Gaeilge is na Gaeltachta.
a bheas á gcur i bhfeidhm acu which they shall put into effect
" Breathnaíonn urlabhraithe an Lucht Oibre truamhéileach ar an dteilifís agus iad ag iarraidh leithscéal a dhéanamh faoi na ciorruithe a bheas á gcur i bhfeidhm acu.
bheas á tuar shall be foretold
" A bás a bheas á tuar – a marú a bheas á tuar – a dúnmharú, fiú.
a bheas thíos leis who shall suffer
" Is iad na glúnta inár ndiaidh a bheas thíos leis.
na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh the following generations
" Is é an rud is tábhachtaí go mbeidh sé ansin do na glúnta a bheas ag teacht inár ndiaidh.
An fhadhb is mó a bheas acu the greatest problem they’ll have
" An fhadhb is mó a bheas acu ná an díospóireacht a dhíriú ar an chonradh féin in ionad a bheith ag plé na mbeartas náisiúnta, ar nós cúrsaí uisce nó sláinte, atá ag cur as don saol Fódlach faoi láthair.
a bheas le n-íoc to be paid
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
bheas mise faoi chré na cille when I’m dead and gone
" Níor éirigh linn sa deireadh go teicniúil íoc as ach tá sé déanta anois agus is dóigh nuair a bheas mise faoi chré na cille ní bheidh daoine ag cur na ceiste orm, an ndearna muid aon airgead as Scéal na Gaeilge nó nach ndearna.
cad é a bheas i ndán what’s in store
" Píosa reachtaíochta thar a bheith tábhachtach é seo a chinnteoidh cad é a bheas i ndán don Údarás.
an foras cruthú fostaíochta a bheas ann whether it’s an employment creating institution
" Socrófar an foras cruthú fostaíochta a bheas ann feasta nó an mbeidh fócas níos leithne aige mar atá leagtha amach ins an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
is soghonta a bheas thíos léi most vulnerable who shall suffer as a result
" Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.
bheas aonaithe shall be agreed
" Anuas ar sin, beidh ar an Roinn na pleananna, a bheas aonaithe ag na pobail Ghaeltachta éagsúla le hÚdarás na Gaeltachta, a cheadú.
bheas a cheiliúradh shall be celebrated
" Tá méadú suntasach le feiceáil sa fhrith-Chaitliceachas le bliain anuas agus measaim go bhfuil baint aige le cothrom céad bliain síniú Chúnaint Uladh a bheas a cheiliúradh an mhí seo (Meán Fómhair).
a bheas ag ransú fríd who shall be searching through
" Deirtear liom gur tú féin a bheas ag ransú fríd éadaí daoine áirithe.
is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas shall be darker, wetter and colder
" Íseal Grian, Gearr a Rith ======== Má ba dhona an samhradh a fuair Éire, is doirche, is fliche agus is fuaire a bheas an aimsir in íochtar domhain go ceann ráithe.
gur beag fiacla a bheas ag shall have very little bite
" Tá an chosúlacht ar an scéal gur beag fiacla a bheas ag an Chomhdháil agus nach bhfuil ann ach iarracht mar dhea eile chun cuma na maitheasa a chur ar an rialtas i leith leasú a dhéanamh ar an chóras pholaitiúil.
Más amhlaidh a bheas if it turns out like that
" Más amhlaidh a bheas, bheadh sólás beag éigin ag a muintir, fortacht nach bhfuil ag muintir Greg Bebensee fós trí bliana déag tar éis a dhúnmharaithe.
Is beag an t-ualach a bheas it shall be of little consequence
" Is beag an t-ualach a bheas san aos óg atá ag teacht i méadaíocht sa Ghaeltacht faoi láthair ar an státchiste sna blianta beaga amach romhainn.
Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann who’ll see the heartfelt trauma
" Titim ó Chion mar Gheall ar Aineolas =============== Ach cad é an bhaint atá aige seo liomsa agus leis an ghasúr a bhfuil mé ag siúl amach leis? Cé a fheicfidh an crá croí a bheas ann más éigean dúinn scaradh mar gheall ar an aineolas atá ar a chairde - a chuaigh ar scoil iomlánaithe, dála an scéil.
I measc iad siúd a bheas i láthair amongst those present
" I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh.
ag fanacht a bheas siad áfach they’ll be waiting
" Tá faitíos orm gur ag fanacht a bheas siad áfach.
bheas ina ghlaic aige he’ll be gripping
" Cá bhfios, mar sin, nuair a dhúisíonn Henry Ó Seibhleáin maidin Lá Nollag, nach camán saorga ‘Cúltec’ a bheas sa stoca nó faoin gcrann giúise agus nach é an camán ‘plaisteach’ céanna a bheas ina ghlaic aige nuair a bhuann sé an deichiú bonn uile Éireann!?
is mó a bheas cuimhne agamsa ar I shall mostly remember
" Is mar bhall d’fhoireann chaithréimeach Chiarraí na seachtóidí agus na n-ochtóidí is mó a bheas cuimhne agamsa ar Pháidí Ó Sé, ardfhear caide agus iarbhainisteoir, a fuair bás de thaom croí, cheaptar, go luath Dé Sathairn 15 Nollag 2012 in aois seacht mbliana déag is dhá fhichead.
nuair a bheas siad bailithe anseo when they’re gathered here
" Seo an deis aighneacht láidir a chur le chéile, sínithe ag na mílte le cur os comhair Comhairle na nAirí Eorpacha, nuair a bheas siad bailithe anseo faoi chathaoirleacht na hÉireann.
a bheas chun sochair gach duine which shall benefit all
" Tá súil agam go n-aithneoidh na baill na fadhbanna atá acu - agus ag an phobal náisiúnaíoch chomh maith - agus go gcuirfidh siad beart indéanta le chéile a bheas chun sochair gach duine ó thuaidh, ní dá bpobal amháin.
ag brath ar an siúl a bheas faoi dhaoine depending on the speed which people are travelling at
" ** SÓDonnchú: Is féidir linn daoine le Gaeilge a chur in aithne dá chéile lá an Dúshláin, ag an óstán in Acaill, Bialann Alice, agus ag brath ar an siúl a bheas faoi dhaoine seachas a chéile, is féidir leo oibriú amach cén dream Gaeilge a bhfanfaidh siad in éineacht leo ar an mbealach isteach go Cathair na Mart.
cuntas seiceach cloigeann a bheas ann it shall be a sectarian head count
" Measann daoine atá in eadan an vóta gur cuntas seiceach cloigeann a bheas ann, ach sin mar a bunaíodh an Stát sa chéad dul síos! Bhí ciall sa rud a dúirt an feisire sóisialach, Joe Higgins, sa Dáil an tseachtain seo nuair a dúirt sé gur córa go mbeadh an aicme oibre Chaitliceach agus an aicme oibre Phrotastúnach ag caitheamh dua le theacht le chéile leis na fadhbanna a chránn iad araon a réiteach in áit a bheith gafa ag ceisteanna ceannasachta.
Córas iasachta úr a bheas acu they’ll have a new loan system
" Córas iasachta úr a bheas acu.
bheas tinneas cinn ort when you’re ill
" An chéad uair eile a bheas tinneas cinn ort, tarraing amach an bhileog eolais sa bhosca anadin nó nurofen agus cífidh tú go bhfuil na treoracha tugtha in an iliomad teanga éagsúil.
gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici that it shall have little practical benefit
" Más riachtanas é Béarla a bheith ar do thoil agat le bileoga eolais faoi tháirge leighis a léamh cén teachtaireacht a thugann sé sin faoi sheasamh agus faoi stádas na Gaeilge? Agus tá ceist níos leithne ag eascairt ó chás seo: cén mhaitheas stádas oifigiúil a bheith faighte ag an Ghaeilge mar theanga oibre de chuid na hEorpa má tá an rialtas féin i mbun socruithe faoi choim lena chinntiú gur beag an leas feidhmiúil a bheas aici?
A fhad is bheas na húdaráis bog, leamh nó patuar as long as the authorities are soft, nonchalant or indifferent
" A fhad is bheas na húdaráis bog, leamh nó patuar maidir le hiompar uiríseal agus contúirteach, ní thiocfaidh aon athrú ar iompar imreoirí.
gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann it shall be a very retrograde step
" Níl aon cheist ach an oiread gur chéim mhór ar gcúl a bheas ann do chaighdeán na Gaeilge labhartha sna scoileanna seo má chuirfear na rialacha úra iontrála do scoileanna atá beartaithe ag an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, i bhfeidhm.
bheas mé thall ann I’ll be over there
" Shíl sí go mbeadh sí ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann – cheap mé gur álainn an leagan cainte é sin… Meiriceá Ag siúl ar bheilbhit a bheas mé thall ann Beidh clú agus cáil ormsa ar ball ann Meiriceá.
gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar they’d more than likely as not be
" An Cheannasaíocht Toilteanach ============== D'fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile.
foirgneamh adhmaid, modúlach a bheas éiceabhách a modular wooden eco-friendly building
" I bplean s'againn, tógfar foirgneamh adhmaid, modúlach a bheas éiceabhách i gcomórtas le foirgnimh thraidisiúnta.
bheas achan scéal againn we shall know all
" An cheist atá ann anois don chláruimhir 132 ná – an ndíolfar níos mó caranna i mbliana ná mar a díoladh anuraidh? Ón eolas atá faighte agam, d’éirígh leis an tseift seo san Ísiltír, ach, ar ndóigh, is ag deireadh na bliana seo a bheas achan scéal againn.
a bheas iontu amach anseo they shall be in the future
" Ba dhóigh leis an bpainéal go bhfuil dhá leagan ann feasta ar na teangacha Ceilteacha éagsúla, an leagan traidisiúnta agus an leagan nua; ba dhóigh leo nach dtiocfaidh ceann ar bith de na teangacha Ceilteacha i réim ina dtír dhúchais féin arís; ba dhóigh leo gur teangachaí mionphobail – micrea-phobail go deimhin – a bheas iontu amach anseo, seachas teangacha mionlaigh.
a bheas ar siúl which shall happen
" Seolfar dhá leabhar le linn Féile Learphoill a bheas ar siúl an mhí seo 10-20 Deireadh Fómhair.
bheas foscadh cruthaithe acu siúd they will have created shelter
" mar leas talún), ach nuair a bheas foscadh cruthaithe acu siúd, d’fhéadfaí cineálacha eile a chur ar ball.
is eachtraíocht a bheas it shall be an adventure
" Mar is i measc dhream na gáifeachta agus na bpleotaí a thiocfaidh tú ar an bplúr agus is eachtraíocht a bheas sa gheandáil leis an duine sin.
an mheitheal bheag a bheas ina bhun the small group who’ll be in charge of it
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
a bheas ag teacht ar an bhfód which shall come into being
" Agus tá impleachtaí móra aige seo d'aon nuachtán nua a bheas ag teacht ar an bhfód.
an tSín a bheas mar eiseamláir China shall be an example
" Chuir mé sonrú ar leith i gcaint a thug an Dr Dambisa Moyo, eacnamaí idirnáisiúnta ón tSaimbia, agus í ag caint ar an dóigh gur féidir gurb í an tSín a bheas mar eiseamláir do thíortha i mbéal forbartha (cé gur thug sí margaí éiritheacha orthu) in áit Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Is i dtreise a bheas shall be gaining strength
" Is i dtreise a bheas an tsíocóis chéanna ag dul sna blianta beaga amach romhainn ó tharla go bhfuil an troika curtha de dhroim seoil againn agus go bhfuil muid ar tí comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca.
bheas ag maíomh shall be claiming
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
a bheas thart fós who’ll be around still
" Ach dá gcuirfinn mo cheann ar an duine a bheas thart fós in am don teiliompróir, nó a chruthódh é fiú, chuirfinn ar Ray Kurzweil é.
Ní haon rogha éasca a bheas le déanamh ag won’t have an easy choice to make
" Ní haon rogha éasca a bheas le déanamh ag an bhainisteoir Eamonn Fitzmaurice, go háirithe anois agus Tomás Ó Sé, Eoin Brosnan agus Paul Galvin éirithe as an fhoireann le ceithre mhí anuas.
nuair a bheas fógraí á lorg when seeking advertising
" na cnaganna luchóige) agus na léitheoirí fíorthábhachtach nuair a bheas fógraí á lorg.
is beag forbairt a bheas i ndán don little development shall be on the cards for
" Ach is beag forbairt a bheas i ndán don nuachtán gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht.
a bheas in inmhe who shall be able
" Luífidh toradh na gcinntí sin go trom ar lucht riartha an nuachtán ar líne agus iad ag iarraidh glúin úr iriseoirí a earcú a bheas in inmhe scéalta a bhriseadh.
bheas á gcraoladh shall be broadcast
" Ceithre chluiche dhéag a bheas á gcraoladh ar Sky TV, cluichí nach mbeidh le feiceáil ‘beo’ ar aon bhealach teilifíse eile, agus beidh cead acu sé cinn eile de na cluichí craoibhe a thaispeáint ag an am céanna is a bheidh siad ‘beo’ ar RTÉ.
a bheas which shall be
" Tá líne dhaite de bhróga agus t-léinte don samhradh á thairg ag Seán Ó Corráin i stíl bhratacha na náisiúin a bheas páirteach sa chomórtas sacair a thiteann amach gach ceithre bhliain.