Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bladair cajolery
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
bladar cajolery
" Ní táirge é seo atá teilgthe amach ar mhargadh an cheoil le blustar agus le bladar.
neart bladair plenty of blattering
" Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil.
ag bladar fríd a dtóin talking through their ass
" Tá Feargus Finnicky Finlay, a iar-shaoiste Ruairí Ropaigh Uí Chuinn, agus Gerrymander Adams ar a mbealach go Féile na bhFéasóg i gCúba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don réabhlóid atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó a raibh siad uilig fós ábalta bheith ag bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é.
bladar nonsense
" Bean de shliocht inimirceach (athair as Maracó, an mháthair as an Ailgéir), is í ‘la femme symbole’ de chuid rialtas Sarkozy, fianaise (b’fhéidir!) nach bladar é an chaint seo ar fad ar ré nua na hoscailte.
bhladar blether
" Bhraith mé go raibh a chuid cainte difriúil ón ngnáthmheascán de bhladar is plámás, a chloistear rómhinic ó pholaiteoirí Mheiriceá.
bladar dothuigthe unintelligible nonsense
" Gaeilge bhreá Chúige Uladh! Míle uair níos fearr is níos saibhre ná bladar dothuigthe sin Chonamara.
bladar nonsense
" Mí-úsáid na meán atá ansin, go ndéanfaí iarracht an dream scabhaitéirí a scanradh le bladar nuachta tráthnóna, in áit an rud ceart a dhéanamh.
ag bladar leis yapping on
" Nuair nach raibh sé ag bladar leis bhí ag dul thart ar chairrín gailf le stoc fógartha i láimh amháin agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
bhladar yapping
" Bhí an dá chúis aige leis an mholadh sin, a dúirt sé: ar an chéad dul síos, níl rud ar bith ar thalamh na hÉireann chomh glas leis an Ghaeilge, agus ar an dara dul síos, níl duine ar bith ar chlár na cruinne a chruthaíonn an oiread sin CO2 lena bhladar gan stad gan staonadh chomh flúirseach fras fairsing leis an Ghaeilgeoir dhúthrachtach.
Bladair smart talk
" Seo mar a bhí scríofa: Réaltaí an Oireachtais ========= - Seisiún Ceoil le Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Óg Connolly - Lúibín le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Seisiún Amhránaíochta le Gearóid Ó Mórghuth & Emer de Barra - Damhsa ar an Sean-Nós ar Bhairille le Brains Ó Cuinneagáin - Agallamh Beirte le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Tuilleadh Ceoil le Meaití Jó, Johnny Óg, Ray agus Gearóid - Ranganna Gaeilge Uladh le Joe agus Ray - Ranganna Gaeilge Bhaile Átha Cliath le Gearóid & Emer de Barra - Ranganna Seana-Ghaeilge Chonamara le Meaití Jó agus Johnny Óg - Ranganna Gaeilge Nua Mheiriceá le Brains Ó Cuinneagáin - Ranganna Bladair le Joe, Ray, Mí, Fá, Só, Lá… “In ainm Chroim!” arsa Balor leis féin, “Seo tromluí cinnte.
ag bladar talking nonsense
" - Bígí ag éisteacht le Micheál Ó Sé ag bladar leis ó Bhóthar na Léinsí ar Raidió na Galltachta agus sibh ag cumadh bhur gcuid dea-rún.
an mbladar is bladhmann noise and nonsense
" Tá Gilmore ina ghéibheannach ag an mbladar is bladhmann polaitíochta a bhíonn ar bun ag daoine, ar nós Pat Rabbitte, faoin gceist seo.
Bladar éigin some nonsense
" Bladar éigin faoi ‘mí-úsáid substaintí’ agus, munar chlis na cluasa orm, rud éigin faoi Íosa freisin.
bladar bolscaireachta bland propaganda
" Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sa gcaint faoi *“highly educated workforce”* ach bladar bolscaireachta, le hollchomhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh le lonnú in Éirinn.
Bladar Tóna bull shit
" Bladar Tóna ====== Tá Feargus Finnicky Finlay agus a iar-shaoiste Ruairí Ropach Ó Cuinn, chomh maith le Gerrymander Adams agus Ming the Merciful Flanagan ar a mbealach go Féile na bhFéasóg in Cuba, áit a mbeidh roinnt oícheanta go maidin acu lena seanchara Fidelity Castrato – nó lena thaibhse, b’fhéidir – cibé acu a bheas thart ag an am, iad ag caitheamh a gcuid todóg, ag déanamh a gcuid pleananna don mhuirthéacht atá fós le teacht agus ag dul siar ar bhóithrín na smaointe go dtí na seanlaethanta san am fadó nuair a bhí siad uilig fós in ann bladar fríd a dtóin agus nár aithin daoine é mar bhladar.
mbladar fógraíochta the advertising blurb
" ‘Níl a shárú seo ann ó aimsir ‘The Unforgiven’’ – ní minic a thagaim leis an mbladar fógraíochta, ach géillim do bhreithiúnas Total Film an babhta seo.
Luas bladar I mentioned bullshit
" Luas bladar (fógraíochta) ó chianaibh – ach cad faoin nathán a chuirtear i leith Andreotti: ‘You sometimes have to do evil in order to do good’.
ag bladar go mursanta talking BS
" Ba shin an t-am a raibh siad ag bladar go mursanta in aghaidh a n-údaráis féin, SAM.
cuid mhaith bladair a fair bit of waffle
" Bhí cuid mhaith bladair, go háirid ó thaobh ceannairí an pháirtí, faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfaidís isteach sa rialtas, ach nuair a thángadar isteach i rialtas, a mhalairt ar fad atá tarlaithe agus níor sheas siad leis na bunphrionsabail a mheas mise a bhí tábhachtach.
sa gcaint sin ach bladar gan bhunús that talk (is) just nonsense
" Tuigeann na tuismitheoirí a mbeidh orthu leath lá saoire a thógáil óna gcuid oibre le freastal ar chruinniú le meánmhúinteoirí, nach bhfuil sa gcaint sin ach bladar gan bhunús.
in ainneoin a bhladair despite all his bombast
" Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí ina dháilcheantar féin.
ag bladar faoin tuiseal ginideach talking bs. about the genitive case
" Ansin gach lá ar feadh seachtaine ina dhiaidh sin beidh mé i mo shuí sa seomra ranga ag éisteacht le May Mac Ránais ag bladar faoin tuiseal ginideach agus faoin mhodh choinníollach agus ag ceol Thíos i Lár an Ghleanna arís agus arís agus arís eile; agus beidh mise ag samhlú dom féin go bhfuil mé ar ais sa Róimh ag ól cappuccino i gcaife beag i gCathair na bhFáithe.