Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bob a bhualadh ort to play a trick on you
" Má fhaigheann tú teachtaireacht mar gheall ar víreas is fiú i gcónaí a bheith amhrasach - seans go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort.
bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic trick their opponents
" Tá sé deacair go leor ag réiteoir súil a choinneáil ar thríocha imreoir atá ag déanamh a seacht míle ndícheall bua a fháil agus bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic gan duine éigin eile a bheith ag teacht ar an bpáirc agus a fhoighid a thástáil.
bob dána a bhualadh struck a brazen trick
" Níorbh fhada gur léir do gach duine go raibh Cerný i ndiaidh bob dána a bhualadh leis an tsaothar ghéar seo, atá ar taispeáint sa Bhruiséil, agus a bhain an anáil díobh siúd a chonaic é.
bob a bhualadh orm tricked me
" Shíl mé gur i dtír anaithnid a bhí mé, nó b’fhéidir go raibh an t-am tar éis bob a bhualadh orm agus mé a chur siar go dtí an seachtú haois déag san am a mbíodh amhráin Chaitliceacha fós á rá faoi rún i mBreatnais ar dhá thaobh na teorann san áit a raibh tearmann le fail.
chun bob a bhualadh ar dhaoine to trick people
" Léiríonn sé seo an tslí a bhfuiltear ag úsáid an idirlín chun bob a bhualadh ar dhaoine.
bob ollmhór a bhualadh to play a huge trick
" D’éirigh le John Drewe agus John Myatt bob ollmhór a bhualadh ar shaol na healaíne i rith na n-ochtóidí agus na nóchaidí.
as bob ollmhór a bhualadh of playing a huge trick
" Ciontaíodh beirt phinsinéirí agus a mac le gairid as bob ollmhór a bhualadh ar (i)cognoscenti(/i) shaol na healaíne.