Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níl ionam bogadh I'm dog-tired, I can't move
" "An bhfuil a fhios agat seo," ar Sinéad, "níl ionam bogadh.
ag bogadh moving
" Chaith Pádraigín a hóige ag bogadh ó áit go háit - ó Chontae Lú, go Maigh Eo, go Dún na nGall - de bharr gur cigire scoile a bhí ina hathair.
a dhiúltaigh bogadh who refused to move
" Taobh istigh d'achar gearr bhí glais lámh phlaisteacha curtha ag póilíní in éide chíréibe agus ar chapaill ar 150 den lucht agóide a dhiúltaigh bogadh.
á bogadh moving her
" Nuair a chuaigh mé anonn le scrúdú a dhéanamh air, chonaic mé gur scaoth beach a bhí ann, iad ar fad i mbun a chéile, ag iarraidh an bhanríon a chosaint agus iad á bogadh go nead eile.
ag bogadh siar moving west
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
le bogadh to be moved
" Bhí roinnt daoine ann nár thaitin a cheangal le Cearta Sibhialta na Gaeltachta leo, agus nuair a dúradh leis, tar éis sé mhí, go raibh sé le bogadh go Dún na nGall, thosaigh sé ag faire amach do phost nua.
bogadh to move
" Ní fhéadfadh an luichín féin bogadh sa tábhairne.
atá de shíor ag bogadh siar which is forever moving west
" I gConamara, mar shampla, tá go leor de Chois Fharraige i mbaol a bheith slogtha isteach mar bhruachbhailte de Chathair na Gaillimhe, atá de shíor ag bogadh siar.
bogadh ar aghaidh to move on
" ” Bhí cuid fuinnimh Natasha agus na ndaoine eile a bhí ag bailiú airgid d’Fhianna Fáil dírithe ar olltoghchán na bliana 2002 agus, nuair a bhí an toghchán thart, bhraith Natasha go raibh sé in am bogadh ar aghaidh, nach raibh dúshlán nua ar bith i ndán di ina post.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
ag bogadh go Conamara moving to Conamara
" Tá an baol ann go bhfuil sórt *brain drain* ar bun, is é sin go bhfuil daoine a bheadh ina gceannairí pobail ag bogadh go Conamara ó na Gaeltachtaí eile.
bogadh isteach i dteach altranais to move into a nursing home
" Tá sé i gceist réimse seirbhísí a chur ar fáil chun nach gá dóibh bogadh isteach i dteach altranais ach gur féidir aire a thabhairt dóibh ina mbaile féin.
Céard a thugann orthu bogadh? What makes them move?
" Céard a thugann orthu bogadh? Más fíor na tuairiscí, tá an aimsir ar cheann de na cúiseanna is tábhachtaí, chomh maith leis an gcostas maireachtála sa mBreatain agus daoine a deir “níl tada anseo dúinn”.
ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe moving into our newly-refurbished headquarters
" AÓF: Cad í an uaillmhian is mó ó thaobh an cheoil nó na hamhránaíochta de gur mhaith leat a bhaint amach i 2007? TM: Smacht a fháil ar na diabhal *regulators* ar an bpíb uilleann! AÓF: Cad é an rud is mó go bhfuil tú ag súil leis i 2007? TM: Tá mé ag tnúth go mór leis an lá nuair a bheidh Na Píobairí Uilleann ag bogadh isteach inár gceanncheathrú nua-chóirithe i Sráid Henrietta.
ag bogadh i dtreo na polaitíochta moving towards politics
" Bhí Sinn Féin ag bogadh i dtreo na polaitíochta agus mhothaigh sé go raibh sé ina éan corr.
Beartaím bogadh chun cinn, I decide to move ahead,
" Beartaím bogadh chun cinn, áfach.
ag bogadh moving
" Cad a bhí aige ina lámha? Cén saghas croise a bhí á cur aige timpeall air féin? Agus cén fáth go raibh a lámha ag bogadh an t-am ar fad? Agus cad é an fhuaim dhiamhair sin a bhí ag teacht astu? Lacha? Coilleach? Gé? Ceol? Labhair an píobaire go mall sollúnta ach bhí gáire ina shúile agus bhí sé soiléir go raibh gean aige ar na páistí.
b'éigean dóibh bogadh they had to move
" Shocraigh Tauhara agus Putauaki go rachaidís i dtreo na farraige le mbeidís in ann breathnú amach ar éirí na gréine, ach b'éigean dóibh bogadh in aon oíche amháin.
bogadh, move,
" Ní raibh mé in ann análú, bogadh, éirí, screadáil – ní rabhas in ann tada a dhéanamh ach guí.
ag bogadh moving
" Baineann sé leis an eagla a bhíonn ar dhaoine roimh a bheith ag bogadh chun cinn.
bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta. their little fingers move so quickly
" Sílim go bhfuil cosúlachtaí idir Tír Chonaill agus Albain ó thaobh theicníc na bpíobairí de - bíonn a méara beaga ag bogadh chomh gasta.
gur cheart do phobal na heaglaise bogadh that the church's congregation should move
" Faoin am seo, nochtadh do Smith gur cheart do phobal na heaglaise bogadh go Ohio, áit a bhféadfaidís fanacht go dtí go mbeidís in ann bogadh siar go tailte de chuid na Meiriceánach Dúchasach in Missouri.
bogadh to move
" Nuair a rinne na dílseoirí ionsaí ar an áit sin i mí Lúnasa 1969 agus nuair a chuir siad cuid mhaith de na tithe trí thine, b’éigean don teaghlach bogadh go Baile Andarsan le dídean a fháil.
ag bogadh ar aghaidh go róthapa moving forward too quickly
" Is cosúil go raibh imní orthu go raibh an tAontas ag bogadh ar aghaidh go róthapa.
bogadh move
" Bhí air bogadh ó Mhín na Leice, áfach, nuair a cailleadh a iníon, Eileen, go tragóideach i dtimpiste bhóthair i 1978 toisc go raibh sé céasta ag cuimhní san áit sin.
ag bogadh suas dréimire moving up the ladder
" Cá ndeachaigh an t-am? Idir eatarthu, tá beirt eile ag bogadh suas dréimire na bunscoile.
ag bogadh timpeall lár na cathrach moving around the centre of the city
" Bhí an damhán alla ag bogadh timpeall lár na cathrach faoi smacht aon oibrí dhéag.
bogadh moving
" Fiche Bliain faoi Bhláth Bhí mé i Hamburg na Gearmáine nuair a d’fhág mé mo chuid fichidí i mo dhiaidh, agus cé go raibh mé ag damhsa go gairmiúil, chonacthas domh de réir a chéile go raibh mé ag bogadh isteach i ré ann a raibh mé i bhfad níos mó ar mo shuaimhneas ná mar a bhí mé go dtí sin.
bogadh moving
" Mo mhéaracha ag bogadh go fánach idir nótaí.
Bogadh Éigin some movement
" org/wiki/The_Troubles_in_Portadown) Bogadh Éigin *Ar an taobh eile den scéal, de réir pobalbhreith a rinne an Belfast Telegraph, nuachtán meánaicmeach Protastúnach Aontachtach, is é Martin McGuinness an polaiteoir is mó meas ó thuaidh.
bogadh move
" ” Beidh sé doiligh ag leithéidí Norman Tebbit bogadh ar aghaidh agus ní nach ionadh.
bogadh moving
" *Out of the frying pan, into the fire* a deirtear i mBearla – ‘ó mhaoil go mullach' is dóigh - agus tá muintir an tuaiscirt i ndiaidh bogadh ó ré na dTrioblóidí go dtí ré an chruacháis agus ciorruithe fíochmhara le cur i bhfeidhm ag Feidmheannas Stormont.
bogadh moving
" Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán.
ag bogadh moving
" Thóg an suíomh *“38 Degrees”* air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla.
bogadh amach move out
" ) “Nuair a theip ar shláinte m’athar, thit gach rud as a chéile agus bhí orainn, mé féin is mo dheartháir, bogadh amach chun na tuaithe le fuireach le mo mháthair.
ag bogadh moving
" “Ar an drochuair, bhí an Eoraip ag bogadh i dtreo na heite deise agus bhí mise ag dul sa treo eile, mar sin, ní thiocfadh liom an díospóireacht a thionscnamh ar -, mar shampla, cad é ba cheart don Eoraip a bheith a dhéanamh le fórsa a chruthú a bhéarfadh dúshlán fhorlámhas chultúr chósta thiar Mheiriceá?”
 Beith an Duine a Fhorbairt ============ Agus é ag caint i mBéal Feirste an mhí seo caite, labhair Michael D ar thábhacht na n-ealaíon don tsochaí.
ag bogadh moving
" Bhí ceamara teilifise de chuid ITN ann, agus ní raibh na póilíní róchrua ar dtús nuair a thosaigh siad ag bogadh na léirsitheoirí den bhóthar.
le bogadh to be moved
" Nuair a thugas cuairt ar mo neachtanna, déagóirí i gCathair na Gaillimhe, ní rabhadar le bogadh as an teach.
bogadh moving
" Tháinig Collins ar an saol i gCiarraí - b’as Cill Airne dá mháthair - ach ba mhó an tionchar a d’imir Áth Dara air i ndiaidh don teaghlach bogadh go Luimneach, contae dúchais a athar.
bogadh ag an meandar ceart move at the right second
" Níor thaitin an t-ardaitheoir liom áfach agus tharla gur fágadh mé ar an ardaitheoir uair nó dhó tar éis do m’fhear céile tuirlingt! Caithfidh tú bogadh ag an meandar ceart nó fágtar ar an suíochán thú agus bíonn ort dul suas go dtí an chéad fhargán eile chun teacht anuas de.
bhí nithe ag bogadh things were moving
" Bhí muintir athbheochan na Gaeilge ana-shásta – bhí nithe ag bogadh an treo ceart.
Bíogadh is Bogadh starting up and moving
"Bíogadh is Bogadh Faoin Reophointe ================ De réir mar a bhí sé ag teacht in am don cheol, ba léir nach mbeadh mórán i láthair.
taibhsí ag bogadh spectres moving
" Bhí taibhsí ag bogadh tríd an ngail ar chúl an tseomra.
bogadh níos minice to move more often
" Tá níos mó tocsainí agus níos lú cothú i nduilliúr na n-eoclaipí mar gheall ar an athrú seo, agus bíonn ar na cóálaí bogadh níos minice ó chrann go crann le bia sa bhreis a fháil.
bogadh was moved
" Mhair an stailc ocrais ar feadh 19 lá go dtí gur bogadh as carcair Kachanivskiego go hotharlann i gcathair Kharkiv í, ionann is 12 km ar shiúl.
an lánúin ag bogadh the couple moving
" Níl ach $5,000 de dhíth orthu chun an togra seo a chur i gcrích! Nuair a smaoiním ar na milliún a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil d’eagraíochtaí Gaeilge gach bliain! Chun an togra a chur i gcrích, beidh an lánúin ag bogadh go Tír Chonaill ar feadh dhá mhí chun páirt a ghlacadh i gcúrsa Gaeilge agus máistreacht a aimsiú.
go dtig linn bogadh that we can move
" “Ach ar dhaingnigh muid an próiseas sin, an bhfuil sé inmheánaithe (internalised) go leor ionainn le go dtig linn bogadh chun cinn i dtreo na síochána, an athmhuintearais inmheánaigh agus an mhaithiúnais?” ar sí.
Bogadh were moved
" Bogadh na Palaistínigh de leataobh agus tugadh isteach lucht plandála, teaghlaigh as gach cearn a raibh an creideamh ceart acu.
ag bogadh ó thuaidh ina treo moving north in its direction
" Bhailigh stoirm mhór fhuar i dtuaisceart an Atlantaigh agus thosaigh Spéirling Sandy, a bhí ag bogadh ó thuaidh ina treo, ag malartú nirt léi.
agus í ag bogadh i dtreo na poblachta while it moved towards becoming a republic
" Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.
a mheall mé le bogadh amach as which enticed me to move out of
" B’í an Ghaeilge a mheall mé le bogadh amach as Bleá Cliath, áit a raibh post innealltóireachta agam le Bord Soláthar an Leictreachais.
nach raibh aon fhonn orm bogadh I didn’t want to move
" Nuair a bagraíodh go mbogfaí go Iarthuaisceart Dhún na nGall mé, shocraigh mé ar Ghaeltarra a fhágáil mar nach raibh aon fhonn orm bogadh go Gaoth Dobhair.
pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol communities getting on with their lives
" Anuas ar a bhfuil ag titim amach sna nuachtáin, ag Stormont, i Westminster, tá pobail ag bogadh ar aghaidh lena saol in éagmais chórais aibí polaitíochta.
ag iarraidh bogadh trying to move
" Faoi cheann tamaill, bhí sí ag iarraidh bogadh go Baile Átha Cliath agus chuir sí iarratas isteach do RTÉ mar aisteoir glór.
i ndiaidh dó bogadh having moved
" Polaiteoir agus gníomhaí pobail a bhíodh ina athair, Pól Ó Foighil, fear ar éirigh leis an t-uafás rudaí a bhaint amach lena linn dá phobal altrama, i ndiaidh dó bogadh go Conamara as Tiobraid Árann sna 1960í.
le bogadh to move
" Athruithe Molta ====== Cé go raibh 100,000 cuairteoir gach bliain ar an iarsmalann bhí sé ag cailleadh airgid agus i 2009 thairg Comhairle Cathrach Manchain £2 milliún per annum dóibh le bogadh go dtí an chathair mhór sin.
slua mór ag bogadh mar thriacla a great crowd moving like treacle
" An bhfuil me as mo mheabhar? Tosaíonn muid go mall, slua mór ag bogadh mar thriacla suas an tsráid agus timpeall an choirnéil.
bogadh suas moved up
" Mhaígh sí go raibh sí sa rang céanna ón am a chuaigh sí ann an chéad bhliain riamh; go raibh a cuid cairde uilig i ndiaidh bogadh suas go rang eile, ach go raibh sise i ndiaidh fanacht ag an leibhéal céanna i gcónaí, a bhuíochas sin don mhúinteoir a bhí aici, May Mac Ránais.
bogadh go to move to
" Faraor, scriosadh na gnólachtaí sin ag tús an Chogaidh Chathartha sa Spáinn agus bhí air Balenciaga bogadh go Páras na Fraince agus tosú in athuair.
ag bogadh i dtreo an láir moving to centre stage
" Ní freagra iad Sinn Féin, domhsa, mar tá siad ag bogadh i dtreo an láir.
ba ghnách linn bogadh thart we were usually moving around
" Tharla sé i mo chás-sa nuair a bhí mé óg mar bhí m’athair insan Munster and Leinster Bank is ba ghnách linn bogadh thart ó áit go háit.
bogadh move
" Caithfidh daoine athrú agus bogadh amach as an aois seo chuaigh thart a deir Robert McMillen, óir ní gné de shaol na linne seo é an marú seicteach, ná ní leithscéal ar bith é go raibh bratach ar foluain sa cheantar nó nach raibh.