Mhol ionadaí Eorpach amháin, Servaas Deroose, gur chóir do na Gréagaigh a gcuid tránna a dhíol, chun
borradh a chur faoi mhargadh tithíochta na turasóireachta! Cé a déarfadh nach dtarlódh amhlaidh anseo?
Cé gur beag duine nach maíonn gurbh fhéidir le stát na hÉireann áiseanna áirithe a phríobháidiú, fós tagann chun cuimhne an phraiseach a rinne díol Eircom do bhonneagar cumarsáide na tíre seo.