Pota Focal Intergaelic
barr | boar | Boer | boor | borb
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
borradh growth
"borradh tagtha ar chúrsaí scríbhneoireachta chomh maith, go mór mhór i measc na mban.
borradh growth
" Tá sé beo bríomhar agus borradh faoi, an caimileon fealltach agus gránna seo.
borradh agus meathlú boom and bust
" "Amharc ar na rudaí dearfacha atá curtha i gcrích ag an rialtas: íosphá, ráta íseal boilscithe, suíocháin i dTeach na dTiarnaí bainte de chuid mhaith tiarnaí dúchasacha, cearta spaisteoireachta faoin tuath, deireadh le 'borradh agus meathlú'; ansin, amharc ar na rudaí diúltacha: beartas fioscach mar a bheadh ag na Coiméadaigh, rátaí úis agus *sterling* ró-ard don tionsclaíocht, barraíocht *spin* agus dlí in aghaidh na gceardchumann i bhfeidhm go fóill.
an bhorrtha the boom
" ) Tá costas na dtionscadal sa Phlean Forbartha Náisiúnta ardaithe go mór de bharr an bhorrtha i dtionscal na tógála, agus tá moill curtha ar go leor de na tionscadail.
borradh growth
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Glór na nGael? Léiríonn an fhorbairt atá tagtha ar na pobail a bhfuil an eagraíocht gníomhach iontu leis na blianta go soiléir go bhfuil borradh, an-éileamh agus suim méadaithe sa gcultúr agus sa teanga.
borradh eacnamaíoch economic boom
" Ní bhíonn ach trí thréimhse ghnóthacha sa bhliain ag an stáisiún ó thaobh fógraíochta de, áfach (an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig agus an Cháisc), agus bheadh sé deacair duine a fháil a bheadh toilteanach oibriú ar coimisiún, go háirithe na laethanta seo agus borradh eacnamaíoch sa tír.
borradh growth, expansion
" Leis an mborradh mór sna meáin Ghaeilge, idir chraolta agus scríofa, tá sé doiligh do scríbhneoirí agus do léitheoirí Gaeilge coimeád suas leis na hathruithe atá tagtha ar an saol.
borradh growth
" Thosaigh Tearmann ag tús an Charghais trí bliana ó shin agus tagann borradh iontach ar líon na gcuairteoirí gach Carghas.
bhorradh growth
" Borradh ======= Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Céard tá taobh thiar den bhorradh seo le scór bliain sa CLG ar fud na tíre? Freagra simplí atá ar an gceist seo dar liom, is é sin, muintir na hÉireann! Gnáthchosmhuintir na tíre atá ag dul i mbun a saol sóisialta agus spórtúil féin gan beann ar rialtas ná Aontas Eorpach.
borradh expansion, growth
" Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s'acusan agus an SDLP? I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae.
borradh growth
"borradh ar shaol na Gaeilge: i mórán slite, is ina thosach atáimid, agus is breá an t-am é chun a bheith ag cruthú.
borradh growth
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
borradh growth
" Creidim féin, áfach, go bhfuil borradh in Aontroim faoi láthair agus go mbuafaidh siad Craobh Uladh.
borradh growth
" Cé go bhfuil borradh ar an mhéid daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig, go mór mhór sna bailte móra, tá an líon cainteoirí ag titim go fóill mar go bhfuil níos mó sean-Ghàidhligeoirí ag fáil bháis gach bliain.
borradh geilleagrach economic boom
" Tá treocht den chineál céanna le fáil in Éirinn ón am a tháinig méadú i líon na mbialann bia sciobtha sa tír de bharr borradh geilleagrach a bheith ann.
bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise Welsh rock music was thriving
" Nuair a bhí sé ina dhéagóir sna 1970í, bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise, agus bhí leithéidí Barry Llewellyn agus Huw Jones i mbéal an phobail.
Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge Irish was really thriving
" Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge sa Bhruiséil nuair a bhí Gearóid Ó Cléirigh, file, mar Ambasadóir na hÉireann sa Bheilg i lár na nóchaidí.
borradh growth
" Ní áibhéil ar bith a bheadh ann a rá gurb é an borradh atá faoi TG4 ceann de na cúiseanna is mó mórtais atá ag lucht na Gaeilge sa lá atá inniu ann.
borradh growth
" Más rómhall a bhí leasú dhlíthe leabhail an stáit seo don iris *Magill*, d'fhéadfadh fós an leasú atá i ndán don stát borradh a chur faoin iriseoireacht fhiosraitheach, ach, chomh héasca céanna, d'fhéadfadh an chomhairle preas mar atá sí á beartú ag an rialtas a chinntiú nach bhfeicfí leithéidí *Magill* riamh arís.
an borradh mór geilleagrach the big economic growth
" Agus an borradh mór geilleagrach tráite go maith faoin am seo, áfach, ní mór an t-airgead a aimsiú in áit éigin.
borradh mór a big growth
" Ansin, le linn na nóchaidí, bhí saghas athbheochana ar siúl, is é sin tháinig borradh mór ar liricí Gearmánacha in athuair sa gcaoi is go raibh rapcheol, rac-cheol agus araile ar fáil as Gearmáinis.
borradh growth
" Ach de réir mar a tháinig borradh faoi chúrsaí neamhspleáchais, bhí scoilt ag teacht chun cinn i measc na ndaoine maidir leis an méid neamhspleáchais a bhí ag teastáil.
borradh as cuimse a great growth
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
borradh growth
" Cuireann an borradh seo sa dúlra croí Bhalor, agus níos mó ná a chroí, ar crith.
borradh growth
" AÓF: Agus an chláirseach, a Mhichíl, an bhfuil borradh faoin spéis san uirlis cheoil sin le blianta beaga anuas, an gceapann tú? Tá go leor cláirseoirí maithe ag teacht chun cinn anois, nach bhfuil? Cén fath? MÓR: Sna hochtóidí rinne Janet Harbison agus Máire Ní Chathasaigh a lán múinteoireachta agus bhí sé sin ina chuidiú mór.
borradh growth
"borradh faoin DUP faoi láthair i ndiaidh thoghcháin an Tionóil i mí na Samhna anuraidh agus is iarrthóir cumasach é Allister.
nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar when there was an economic boom
" Shocraigh siad go gcuirfidís fúthu in Éirinn arís sna seascaidí nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar le linn ré Lemass.
borradh growth, blossoming
" "Ansin, i rith na seascaidí, tharla borradh faoin Ghaeilge ar ár dtaobhna den oileán.
borradh growth
" Tá an tIontaobhas ag iarraidh deontóirí eile a aimsiú chun a chinntiú go dtig leo borradh a choinneáil faoin Ghaelscolaíocht ó thuaidh, fiú in éagmais tacaíocht cheart ón stát.
bhorradh polaitiúil political growth
" Thiocfadh leat a rá gurb é an stailc ocrais a bhí mar thúsphointe leis an bhorradh polaitiúil a tháinig faoi Shinn Féin le scór bliain anuas.
borradh growth
" Bhí mé ceapaithe a bheith mar bhainisteoir faoi oiliúint ann ach obair innealtóireachta ar fad a bhí ar bun agam mar go raibh go leor obair thógála ar siúl ag Gaeltarra ag an am - bhí borradh ceart ag teacht faoi chruthú fostaíochta.
borradh growth
"borradh nach beag fán earnáil thar sáile de bharr an baol sláinte a bhaineann le saoirí gréine.
borradh growth
" Cuirfidh corrscannán de chuid Hollywood borradh faoin turasóireacht i gceantar ar feadh tréimhse - go dtí go ndéanfar scannán eile in áit éigin eile.
borradh growth
" Cén t-iontas, mar sin, go bhfuil borradh mór tagtha fosta ar an imní atá ar an phobal faoin bhaictéir? Is léir, mar shampla, go mbíonn níos mo imní ar othair áirithe faoi tholgadh an ghalair ná mar a bhíonn orthu dul faoin scian.
bhorradh growth
" Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo.
borradh growth
" Na príomhchúiseanna nach bhfuil borradh faoin teileachomaitéireacht in Éirinn ná go bhfuil costais teileachumarsáide ard agus nach bhfuil fáil ag go leor daoine ar an leathanbhanda.
bhorradh growth
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
borradh growth
" borradh faoi Shinn Féin ======= Eagla roimh Shinn Féin is cionsiocair le go leor den mhí-éifeacht seo i mo thuairimse.
bhorradh growth
" De réir na teoirice seo, caithfimid dearmad a dhéanamh don choincheap gurb í an Ghaeltacht fíorthobar na teanga agus aitheantas a thabhairt don bhorradh atá fán Ghaeilge sna cathracha agus sna bailte móra.
borradh geilleagrach economic boom
"borradh geilleagrach tagtha leis an mhéadú seo agus an margadh baile d’earraí ag fás i gcónaí.
ag borradh swelling
" Anois siúlaim leat i gcaorán na bhfuiseog is éistim le monabhar abhna do bhriathra ó Bhéal an Áthaagus cuirim mo bheola le do chneas atá cumhra, a ghrá, le sméara dubha Ghleann an Átha …i dtobainne, tá mé lán díot, a mhian, is níl a dhath le déanamh agam ach luí síos leat go dianar leaba seo an dáin agus tú a bhriatharú chun beatha … Gluais • Glossary glao coiligh a póigethe rooster call of her kiss mullaightop of house buí-ómrayellow-amber bruth análahot breathing múr teasabank of heat cága callánachanoisy jackdaws á ngríosúinciting them a ngiúmaráilhumouring them go breabhsántasprightly meall gréineorb cabhail chathrachcity body spréite go hanástaspread awkwardly tnáitejaded basár a brollaighthe bazaar of her bosom ag borradhswelling dlaoithe casacurly tresses cabhsaí dúshlánachachallenging lanes á gclutharú féinhiding themselves méalasorrow buairtvexation cruachásdistress ag déanamh tochtagrieving silently an tréanthe strong ag tromaíocht ar an truadenigrating the wretch meannánkid méileachbleating scrínteshrines bean feasa na gclós ársawise woman of the ancient yards dhorchaigh spéir a súlthe sky of her eyes darkened ceannaircrevolt a d’fheall orthuwhich failed them boige paidrethe softness of prayer le báinífurious bhruth bréan bildeálathe foul heat of the building site ag déanamh angaidhfestering i bhforógraí bagracha lucht léirsithein the threatening proclamations of the demonstrators bhachlógachindistinct siogairlínípendants glémhaiseachexquisitely beautiful go ríogúilregally teanga túisetongue of incense ag clingireachtringing bantracht bheoshúileachthe quickeyed women le coim na hoícheat nightfall ag spréamh cheannbhrat glé an dorchadaisspreading the bright canopy of darkness bioráinpins ag lonrúshining clóca sróilcloak of satin aigeantaspirited buimefoster-mother deoch shuainsleeping-draft spréachspark súgachmerry ag glinniúintsparkling tú a mhuirniúto caress you linntepools cumhaloneliness le tú a aoibhnniúto make you blissful ionúinbeloved másaíthighs a niamhraigh mo dhánwho made resplendent my poem i gcaorán na bhfuiseogin the bog of the larks monabharmurmur chneasskin cumhrafragrant miandesire
borradh growth
" Flash 8 Ceann de na rudaí atá tar éis an borradh agus fás sa réimse físe ar líne a luasghéarú ná bogearraí Flash 8 ón gcomhlacht Macromedia.
ar an bhorradh on the growth
" Ábhairín áibhéalach b’fhéidir, ach is é fírinne an scéil ná go bhfuil rath an Tíogair Cheiltigh bunaithe cuid mhór ar an bhorradh atá faoi thionscal na tógála sa tír le dornán blianta anuas.
borradh suntasach remarkable growth
" Thug an pobal bata agus bóthar dó in olltoghchán na bliana 1948, in ainneoin an borradh suntasach a chuir Fianna Fáil faoi thógáil thithe Bardais agus Chomhairle Chontae.
borradh faoin ngeilleagar growth in the economy
" Bhí borradh faoin ngeilleagar, é ag fás 4% in aghaidh na bliana.
agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar and the growth that occured in the economy
" Cuimhneofar, áfach, ar an obair mhór a rinne sé ar son na síochána ó thuaidh agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar le linn a sheala mar Thaoiseach.
bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann the Irish economy was still booming
" Post nua Nuair a d’fhág Natasha a post le Fianna Fáil, bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann go fóill ach bhraith sí go raibh go leor daoine míshásta lena saol oibre.
borradh growth
" **borradh faoi na meáin** Níl mé ag séanadh gur iontach an rud é go bhfuil borradh faoi na meáin Ghaeilge agus go bhfuilimid ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht.
borradh growth
" Ba é an t-athrú ó TnaG go TG4 an rud is mó a chuir borradh fúinn, mar go ndearna sé cúpla rud.
borradh mór big growth
" Chaith mé seal sna hAlpa san Iodáil i mí Mheán Fómhair, áit nach raibh mé le fada, agus bhí sé suimiúil an borradh mór atá faoin turasóireacht siúlóide ansin a fheiceáil agus comparáid a dhéanamh le cúrsaí in Éirinn.
borradh suntasach significant growth
"borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
an-bhorradh great growth
" “Tá obair ar siúl ag daoine ar an talamh, go háirithe an Gaelacadamh agus Pléaráca agus dreamanna éagsúla in áiteacha ar fud na nGaeltachtaí eile, ach is dócha gurb é an t-aitheantas atá faighte ag an ealaín ón Oireachtas agus ón gcomhoibriú le TG4, tá sé tar éis stádas nua a thabhairt agus tá an-bhorradh anois faoi na ranganna damhsa ar an sean-nós.
borradh growth
" D’éirigh rudaí níos measa i lár na 1970í nuair a bhí borradh faoin National Front (NF) agus thosaigh siad ag déanamh ionsaí ar dhíoltóirí an *Socialist Worker*, ar an phríomhshráid, Church Street, maidin Dé Sathairn.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha. The closeness of Pamplona is the reason for this boom, I suppose.
" Cóngaracht Phamplona is cúis leis an mborradh seo, is dócha.
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath. the Dublin team is thriving.
" Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
borradh as cuimse huge growth
" “Tá borradh as cuimse tagtha faoin earnáil neamhspleách léiriúcháin Ghaeilge sa Tuaisceart le blianta beaga anuas.
borradh as cuimse huge growth
" Cuireadh tús leis an táirgeadh fíona anseo i gceart sna seachtóidí agus tháinig borradh as cuimse faoin tionscal i rith na n-ochtóidí nuair a thit an tóin as an margadh idirmhalartach leis an mBreatain.
an borradh atá faoi na meáin úra the growth in the new media
" Pléitear an borradh atá faoi na meáin úra sa chaibidil seo, na féidearthachtaí atá iontu don phobal agus na dúshláin a thugann siad do na meáin mhóra.
borradh mór big growth
" Cé gur cuid de chathair Learphoill é Walton anois, ba bhaile ar leith é go dtí gur tháinig borradh mór faoin chathair sa 19ú haois.
na tréimhsí de bhorradh agus meathlú. the periods of growth and downturn.
" Sa deireadh, buíochas le Dia, d'éirigh na vótálaithe, iad siúd i lár Shasana fiú, breán de Voodoo Economics, agus na tréimhsí de bhorradh agus meathlú.
borradh ollmhór huge growth
" Ag tógáil an chomhlachta “céim ar chéim”, mar a deir sé féin, tá borradh ollmhór tagtha faoi Nemeton, faoi stiúir Mhic Mhurchú, ón uair a bunaíodh é.
borradh growth
" Nuair a tháinig borradh faoi thrádáil anseo, bhí easpa fostaíochta in Éirinn.
borradh growth
"borradh faoi chúrsaí ealaíon agus cultúrtha sa tír le dornán blianta anuas, rud a chuireann go mór le muinín na tíre ar ndóigh.
borradh growth
" Tháinig borradh faoin gcathair seo sa naoú haois déag mar thoradh ar dhéantúsaíocht síoda, agus bhí cáil uirthi mar "an chathair ab Éireannaí i Meiriceá" ag an am.
borradh mór a big growth
" Fadhbanna dearthaAdmhaíonn Leas-Rúnaí Ginearálta Aontas Múinteoirí Éireann, John Mac Gabhann, go bhfuil borradh mór tagtha ar “fhadhbanna deartha” nó “*designer difficulties*” i measc daltaí a bhfuil sé d’acmhainn ag a dtuismitheoirí íoc as tuairiscí shíceolaithe a chiallóidh go bhfaighidh a gcuid páistí díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge.
bhorradh growth
" Is as Ard Mhacha í Ethel Brogan agus is ise, gan agó, a chur tús leis an bhorradh atá tagtha faoi fhoghlaim na Gaeilge ar chósta thoir Mheiriceá.
borradh growth
" Tagann borradh faoin imeartas focal le linn an scéil agus baineann Biddy Jenkinson leas as an bhFraincis agus as an mBéarla i dteannta na Gaeilge chun íomhánna úra, spraíúla a chruthú.
borradh growth
" Agus b’fhéidir gurb é an maitheas a bhainfidh daoine áirithe as na heachtraí seo ar fad ná go bhfoghlaimeoidh siad ceacht agus nach gcaillfidh siad srian orthu féin ó thaobh tomhaltachais agus caiteachais de an chéad uair eile a bheidh borradh i gceist.
borradh eacnamúil economic growth
" Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
borradh growth
" Deir sé liom gurbh é athair Joe a chuir tús le siopaí ceirníní san ardchathair ag deireadh na seascaidí agus borradh ag teacht faoi rac is roll in Éirinn – Murray’s Discs ar Bhóthar na Trá Thuaidh ba ainm don siopa a bhí aige.
borradh san fhoirgníocht. the growth in construction
" Sea, sín í an fhadhb ba mhó a bhí againn – an borradh san fhoirgníocht.
borradh as cuimse tar éis teacht faoi a great increase has taken place in
" Ní hamháin ag an leibhéal náisiúnta a tharla sé seo, ach tá borradh as cuimse tar éis teacht faoi chlubanna na tíre leis.
borradh seo faoin daonra this growth in population
" Ina theannta sin, cuireadh i gcuimhne dúinn gur chun leas na tíre atá an borradh seo faoin daonra.
borradh increase
" Spórt an-fheiliúnach don teilifís ab ea é agus tháinig borradh faoin lucht féachana i ndiaidh craoladh beo Chraobh Snúcair an Domhain don chéad uair i 1978.
borradh increase
" Tá sé againn ó Chogadh na Talún, ó bhunú ChLG, ó bhunú ChnaG, ó Éirí Amach na Cásca i leith, cé gur buaileadh siar sinn in amanna agus gur roinneadh Éire ina dhá leath, philleamar chun sracadh an athuair le borradh a chur faoi cheol, faoi chluichí, faoi Ghaelscoileana agus níor as an aer a thosaigh an borradh mór geilleagair faoi Éire Inc.
borradh progress, growth
" Mar shampla, ní théann daoine thar lear chomh minic agus a théadh nuair a bhí an borradh ann, agus ar ndóigh, titfidh líon na bpaisinéirí ag na haerfoirt.
bhorradh na mblaganna comhlachta increase of company blogs
" Is léargas ar leith é seo ar bhorradh na mblaganna comhlachta in Éirinn fiú le bliain anuas.
borradh mór a great increase
" Agus tá borradh mór faoin ngnó ó d’fhógair George W.
borradh a bheith faoi an increase in
" Mí-úsáid an PTA agus ionsaithe ó na dílseoirí an sórt drochscéalta a scríobh mé agus borradh a bheith faoi ranganna Ghaeilge agus faoi ealaíon Éireannach ba ea na dea-scéalta.
le borradh a thabhairt don to give a lift to
" Ina leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation and Sense of Place in a Globalising Ireland, maíonn an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin gur cheart d’Éire tarraingt go tréan óna thobar saibhir cultúrtha (an teanga san áireamh) le borradh a thabhairt don gheilleagar.
ag borradh increasing
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.
borradh mór tagtha faoina líon an increase has occurred in
" Léirigh taighde Uí Bhraonáin nach bhfuil aon laghdú tagtha ar líon na mbunmhúinteoirí fireanna in Éirinn le 75 bliain anuas ach gur amhlaidh go bhfuil a gcóimheas le hais líon na mbanmhúinteoirí titithe go mór mar go bhfuil borradh mór tagtha faoina líon siúd.
borradh uplift
" Síltear leis an dearcadh sin, más féidir an geilleagar a tiomáint go dtí go dtarlóidh fás agus borradh faoin ngeilleagar go dtarraingeoidh sé sin an tsochaí agus an pobal aníos leis chomh maith.
borradh increase
" Tháinig borradh mór faoi na meáin shóisialta toisc pléascadh bolgáin dot com ag deireadh na nóchaidí.
borradh growth
" Tá siad báite i bhfiacha agus chuaigh siad thar fóir nuair a bhí an borradh eacnamaíochta i mbarr a réime.
borradh geilleagair economic growth
" Ba léir go raibh borradh geilleagair faoi lán seoil: bhí ionaid siopadóireachta á n-oscailt sna cathracha, bhí carranna móra breátha i measc na seanrudaí caite, bhí traein faoi thalamh á tógáil i nDelhi.
mborradh growth, increase
" Leis an mborradh a tháinig faoin ríomhaireacht le linn blianta an tsaibhris, d’imigh mé féin agus mo chairde - cosúil le chuile dhuine eile - bán i ndiaidh an suntas ba dhéanaí: na ‘gréasáin sóisialta’.
borradh faoin an increase in
" Bíonn an-tóir ar na heitiltí agus tá borradh faoin turasóireacht ar siúl sna bailte beaga sa lár, go háirithe in Coober Pedy.
bhorradh growth
" Ba léir dúinn le linn an bhorradh faoi gheilleagar na tíre seo go raibh cúrsaí á stiúradh i dtreo na tubaiste.
borradh growth
" Ar theacht do Shéamas II agus dá chúirt chuig an Château-Vieux, tháinig borradh arís faoi gheilleagar an bhaile.
neacha borrtha varicose beings
" Léirití iad mar neacha borrtha, gléasta i dtaiséadach, agus a n-aghaideanna ar lasadh leis an fhuil úr a bhí súite acu as na beo.
borradh growth
" Is leor a rá go raibh borradh geilleagair ann, gur dírialáladh (deregulated) an córas baincéireachta, agus gur imir titim an APSS(USSR) drochthionchar ar gheilleagar na Fionlainne.
borradh as cuimse enormous growth
" Ráig a Bhuaileann Pobail An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
borradh geilleagair economic growth
" Anuas ar sin, síníodh Kyoto le linn borradh geilleagair, ach ní raibh ach bliain idir titim an Bhainc Lehmans agus comhdháil Chóbanhávain, agus tá an geilleagar domhanda fíorlag go fóill.
borradh increase
" Ach ba cheart don tromlach glan seo tabhairt faoi deara cé a bhí an-sásta le “borradh” amháin eile.
mborradh increase
" In alt dar teideal “*Laboratory for a Fortressed World*,” chuir Naomi Klein síos ar an mborradh a tháinig faoi earnáil na slándála dúiche i ndiaidh 9/11.
bhorradh increase
" ” Ar ndóigh, meastar go mbíonn 40% de thithe an chontae folamh don chuid is mó den bhliain, ach is dócha gurb é neart an phunta Sterling in éadan an Euro dornán blianta ó shin a ba chúis go príomha leis an bhorradh i dtithe saoire.
borradh faoi growth in
" Ach le borradh faoi ríomhairí cumhachta, fóin chliste, banda leathan ag druidim ar uileláithreacht agus leis na meáin sóisialta, tá ré an geek sa gharáiste thart.
borradh as cuimse a massive growth
" Go dtí tús na bliana 2007, bhí an borradh as cuimse faoin gheilleagar beo fós in intinn na ndaoine.