Bhí na meáin lán cainte le déanaí mar gheall ar spiairí agus brathadóirí - ach an gcreidfeá go bhfuil spiaire pearsanta ag leanúint 80% de dhaonra na hÉireann? Gach cúpla nóiméad bíonn na gutháin shoghluaiste atá ag os cionn dhá thrian de mhuintir na tíre ag craoladh eolais ar an áit ina bhfuil siad.
Ach tá an tuairim ann freisin go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin, go raibh brathadóirí acu san eagraíocht agus gur b'in an fáth nár ciontaíodh riamh duine ar bith as dúnmharú an Gharda Fallon.
Ach cén fáth go raibh suim ag brathadóirí agus coirpigh in eaglais Moon? Is cosúil gur thosaigh cuid de Sheirbhís Shicréideach SAM ag plé le coiriúlacht, drugaí ina measc, agus iad in ainm is a bheith ag troid an Chogaidh Fhuair.