Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mbrionglóidí dreams
" Is féidir le duine cur suas le buaireamh an tsaoil má éiríonn leis é féin a chailleadh i mbrionglóidí agus i bhfantaisíocht.
ag brionglóidí dreaming
" Cad é mar a leandáil an bhean seo de bhunadh na Gaeltachta ina leithéid d'áit a raibh eachtraí a bhí suarach agus eipiceach ag an aon am amháin ag titim amach? Nuair a bhíonn cailíní óg, bíonn siad ag brionglóidí fá bheith ina mbanphrionsaí nó ina réalta pop, ní bhíonn siad ag dúil go mbeidh siad ina bpolaiteoirí, agus leoga, ní sin an aisling a bhí ag Bríd Rodgers.
radharc brionglóideach dreamy scene
" Rinneadh an pictiúr *Interior Scene* i gConamara i 1948, mar shampla, ina dtaispeánann sé radharc brionglóideach de bhean agus a corp leathchlúdaithe ag géag sméar dubh agus cuirtín.
brionglóidí dreams
" Cinnte, bhí brionglóidí agam; theastaigh uaim bheith i m’aisteoir sna blianta a bhí romham, ach níor smaoinigh mé ar an domhan lasmuigh de Zabkowice fad is a bhí mé ann.
lán de bhrionglóidí full of dreams
" Tá a scannán bunaithe ar an dráma amharclainne The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy agus dírítear ann ar scaifte fear a fhágann a mbaile i gConamara sna seachtóidí lán de bhrionglóidí faoin saol úr atá rompu i Londain, agus ar na deacrachtaí a bhíonn acu ag dul i ngleic leis an saol úr seo mar atá sé i ndáiríre.
brionglóidí dreams
" Agus í ina girseach óg, ní chuireadh sí críoch le dán go dtí go mbíodh léaráid déanta aici le cur leis, agus le linn a déaga dhéanadh sí cur síos ildaite ar na brionglóidí a bhíodh aici.
millteanach brionglóideach terribly dreamy
" Is fear millteanach brionglóideach mé, agus imíonn m’intinn ar strae mar a bheadh leipreachán beag ann, agus roimh i bhfad, bhí mé ar shiúl leis na féileacáin in ionad a bheith sa léachtlann – an áit ba chóir domh a bheith, ag diúl isteach gach focail a bhí le rá ag na daoine léannta agus tábhachtacha seo.
brionglóidigh dreaming
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
ollmhaitheas na mbrionglóidí the full realm of dreams
" Don chuid is mó den domhan is é ollmhaitheas na mbrionglóidí atá san idirlíon, ach ní bhfaighfidh siad rochtain orthu go deo na ndeor.
mbrionglóidí of dreamland
" Shocraíos isteach i seanbhruíon mhaorga na mbrionglóidí ar Shráid an Mhargaidh chun bata tomhais a cur ar obair l’enfant terrible cineama na Breataine sna seascadaí, Ken Loach.
brionglóidí dreaming
" “Tá X ag brionglóidí fá rudaí áille .
brionglóidí dreams
" I gcás tíortha beaga, níl sa neamhspleáchas ach brionglóidí.
mbrionglóidí dreamy (dreams)
" Nuair is in ísle brí ar fad atáim casaim ‘Window To Paris’ le Yuri Mamin (1993) – pléaráca ceart faoi dhornán beag Rúiseach ar féidir leo dreapadh caol díreach isteach i bPáras mealltach na mbrionglóidí trí fhuinneog a n-árasán suarach i gCathair Naoimh Peadar! Mairid idir ganntanas na scuainí vodca sa bhaile agus an rabharta raidhsiúil thar lear.
Ó Brionglóidí o' dreams
" Eoin Ó Brionglóidí Méala mór do Bhalor imeacht Cheann Comhairle Dháil Éireann ar shlí an phinsin.
féidir le héinne a bhrionglóidí a bhaint amach anyone can realise their dream
" Taispeánann Adele gur féidir le héinne a bhrionglóidí a bhaint amach má oibríonn siad go crua.
ina bhrionglóidí in his dreams
" Cuireadh cosc ar Bhalor dul chuig Irish Fest Milwaukee i mbliana ach d’éirigh leis dul ann, mar sin féin – ina bhrionglóidí.
ar fíoraíodh a chuid brionglóidí if his dreams were fulfilled.
" Tháinig sé go hÉirinn i dtosach toisc a spéis sa cheol Gaelach agus mar a deir sé féin, na smaointe rómánsacha a bhí aige faoin tír! Labhair Antaine Ó Faracháin leis le déanaí le fáil amach ar fíoraíodh a chuid brionglóidí.