Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buailte ar an Aigéan Ciúin beside the Pacific Ocean
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
a bholg buailte thiar ar a dhroim extremely thin
" Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige.
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann that there is no alternative
" Caithfear cur ar a súile don Aire Síle de Valera nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann - go gcaithfear an £380,000 a chur ar fáil ar ais nó ar éigean.
tar éis a mbuailte after being defeated
" Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b'éigean d'Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d'Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.
buailte leis beside it
" Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam I'll have no choice
" "Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i *Timire An Chroí Ró-Naofa*, ag cumadh litreacha ó na léitheoirí agus freagraí ó Dhia, mura scríobhfaidh mé altanna a mbeidh an guilpín sin sásta leo," arsa an Laoch Liteartha agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam I'll have no choice
" "Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i *Timire An Chroí Ró-Naofa*, ag cumadh litreacha ó na léitheoirí agus freagraí ó Dhia, mura scríobhfaidh mé altanna a mbeidh an guilpín sin sásta leo," arsa an Laoch Liteartha agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile she had sunken cheeks
" Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile agus fiú agus í ina codladh, ba léir go raibh an dá shúil sáite thiar ina ceann.
i mbaol a bhuailte in danger of being beaten
" I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken i mbaol a bhuailte ach d'éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach.
Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige he claimed he had no choice
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura mbíonn breith acu ar a n-aiféala.
Níl an dara suí sa bhuaile ann there is no alternative
" Níl an dara suí sa bhuaile ann - caithfidh an IRA, ní hamháin a rá go bhfuil deireadh lena bhfeachtas míleata, ach caithfidh siad gníomhú de réir a mbriathra.
Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán she had just sat down
" Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, "Sin tú, a Fiona.
buailte go dona ag an ngorta badly affected by famine
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
ní raibh an dara suí sa bhuaile agam I had no choice
" Mar a deirim sa leabhrán, bhí an ceann seo agam le Ceoltóirí Ghoill, agus bhí sé ar intinn agam féin é a cheol, ach nuair a chuala mé leagan Alan, ní raibh an dara suí sa bhuaile agam ach ligean dósan é a cheol.
buailte small grazing fields
" Airgead mór a bhí siad á ghearradh ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann as ionlanna a thógáil amuigh sna buailte sna laethanta fadó.
buailte ar a chéile next to each other
" Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?” Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta.
buailte le cathair bhríomhar beside a lively city
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
Níl an dara suí sa bhuaile againn we have no alternative
" “Níl an dara suí sa bhuaile againn,” a mhínigh Súoráiste Ó Miwadi, urlabhraí solabhartha na nOráisteach do Laoch na Tuairisceoireachta.
nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin that the Vatican will have no choice
" Seans nach mbeidh an dara suí sa bhuaile ag an Vatacáin ach géilleadh ar an cheist seo agus ar oirniú na mban, mar nach léir go dtiocfaidh aon bhorradh faoi líon na n-ábhar sagairt amach anseo.
Ní raibh an dara suí sa bhuaile aige he had no choice
" Ní raibh an dara suí sa bhuaile aige ach éirí as a phost, cé go ndearna sé tréaniarracht a chur ina luí orainn nárbh amhlaidh a bhí.
buailte beaten
" Bhí mo dheartháir i gcúpla troid ar scoil agus tháinig sé abhaile chuig mo mháthair agus é buailte.
nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige that he'd have no choice
" Ach b’fhéidir fosta nach mbeadh an dara suí sa bhuaile aige agus gurbh fhusa i bhfad dó dúshlán a thabhairt do cheannairc agus é ina Thánaiste! Corrlach Paddy Power: FG/LO/Na Glasaigh 9/4; FG/LO/PD 14/1 Fianna Fáil agus an Lucht Oibre Tá naimhdeas binbeach idir Pat Rabbitte agus Fianna Fáil ach b’amhlaidh an cás sa Ghearmáin idir na Daonlathaigh Shóisialta agus na Daonlathaigh Chríostaí.
ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith no one will have any choice
" Agus de réir an fhorógra seo ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. that time of the year is upon us again
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís.
is iondúil nach mbíonn an dara suí sa bhuaile aige ach bailiú leis his only choice usually is to pack it in
" Nuair a théann na meáin in éadan bainisteora, is iondúil nach mbíonn an dara suí sa bhuaile aige ach bailiú leis (cuimhnigh ar Steve, Mick, Brian, Warren agus eile).
nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois that there is no other option now
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
nach raibh an dara suí sa bhuaile againn that we have no alternative
" Bheartaigh mé féin agus Norrie nach raibh an dara suí sa bhuaile againn ach dul i mbun gnímh ar son na bpáistí seo.
ní raibh an dara suí sa bhuaile had no alternative
" Ba ríléir gur rugadh maol ar an naonúr agus ní raibh an dara suí sa bhuaile acu, ach an choir a admháil agus dul i muinín trócaire na cúirte.
nach raibh an darna suí sa bhuaile acu they had no alternative
" Go deimhin déanadh oiread sin de chiorrú ar bhuiséad an Údarás Comhionannais (43%) gur bhraith Príomhfheidhmeanach na heagraíochta, Niall Crowley agus seisear ball den bhord, nach raibh an darna suí sa bhuaile acu, ach éirí as a gcúram.
Ní bheidh an darna suí sa bhuaile no second chance
"Ní bheidh an darna suí sa bhuaile agam ach dul ar ais chuig mo sheanphost i Timire An Chroí Ró-Naofa,” arsa Balor agus cuma iontach míshásta ar a ghnúis.
an dara suí sa bhuaile second chance
" Níl an dara suí sa bhuaile acu ach gealtacht a phléadáil i ndiaidh dóibh an tír a chur sa chac agus a thumadh sa chac agus a fhágáil sa chac.
atá buailte linn which is upon us
" Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn.
darna suí sa bhuaile other choice
" Mhaígh sé nach raibh an darna suí sa bhuaile aige ach peann a chur le pár agus rabhadh a thabhairt do mhuintir na hÉireann faoina bhfuil i ndán dóibh mura n-éiste siad go cúramach le soiscéal Naomh George Lee agus David Beannaithe McWilliams, agus beart a dhéanamh de réir a mbriathar siúd.
mbuailte beaten
" Bhí Mícheál Ó Conaill ann agus Mícheál Ó Duibhir, Tadhg Ó Laighin, Páidí Síthigh agus mar sin de ann agus iad go léir agus a raibh ann de thraenálaithe agus d’oifigigh chontae ina dtost tar éis a mbuailte ag foireann an Dúin.
dara suí sa bhuaile other choice
" Is é an lag trá geilleagair is cúis leis, is dóiche, agus níl an dara suí sa bhuaile againn ach cur suas leis, bail ó Dhia air mar mheathlú beag bíoganach.
bhuailte downbeat
" com/watch?v=qK3n_u7KkOY) Bóiscéalta na gCaorach Ós ag caint dúinn ar chaoirigh, tá muintir bhocht bhuailte an Chomhaontais Ghlais fós sásta tacaíocht a thabhairt do na distressed assets eile sa chomhrialtas.
buailte linn arrived
" Agus deireadh bliana eile buailte linn, níor mhiste roinnt machnaimh a dhéanamh ar staid an domhain.
darna suí sa bhuaile second chance
" Agus de réir an fhorógra seo, ní bheidh an darna suí sa bhuaile ag duine ar bith ach dul ar ais chuig an áit sa domhan Gaeltachta a dtáinig sé as.
sách buailte damaged enough
" Tá an Ghaeltacht sách buailte, gan ár gcairde i saol na Gaeilge a bheith ag iarraidh tairne a bhualadh sa chónra.
buailte linn arís arrived again
" Tá mí Dheireadh Fómhair buailte linn arís, a chairde.
buailte linn has arrived
" Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne.
buailte leis bordering on
" Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas.
buailte stricken
" Dhá Mháthair an Mhí-Áidh ============= Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte.
buailte faoi arraing suffering pain
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
buailte go dona badly hit
" Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
ní bheidh an dara suí sa bhuaile had no alternative
" Agus ní bheidh an dara suí sa bhuaile ag lucht an tobac ach é sin a chur faoina bhfiacail agus é a chogaint.
buailte linn has arrived
" Uair na cinniúna buailte linn maidir le craobhchomórtas na bliana seo.
buailte le hurchar millte suffered a stroke
" Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte.
buailte linn almost upon us
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
Ní raibh an dara suí sa bhuaile had no alternative
"Ní raibh an dara suí sa bhuaile mar sin, dar le hAire na Gaeltachta, ach an comhlacht a leachtú.
bliain úr eile buailte linn into a new year
"bliain úr eile buailte linn, a léitheoirí dílse.
buailte leis an ngalar dubhach depressed
" Tá an bhrídeog Justine fionn, buailte leis an ngalar dubhach, tláith, dúnta, aonarach, ag titim as a chéile.
frithlaochra buailte broken antiheroes
" Athraíonn a chuid frithlaochra buailte a riocht agus a gcultúr agus iad ag dul ó áit go háit trí chríocha briste, macarónach.
agus an buille maraithe buailte when the fell blow is struck
" Ní chuirtear aon bhall dá ballaibh amú agus an buille maraithe buailte: beirítear na cluasa, mar shampla, leagtar i gcorcán le glasraí iad dá éis, agus dáiltear sin mar réamhghoblach, nó tapa.
beagnach buailte linn almost upon us
" Is cinnte go bhfuil údar maith ag lucht leanúna sacair scleondar agus sceitimíní a bheith orthu agus Euro 2012 sa Pholainn agus san Úncráin beagnach buailte linn.
Dream Buailte nó Dream a Buaileadh a beaten people or a people who have been hit
" Dream Buailte nó Dream a Buaileadh? ================== Deir seanfhocal linn, ‘an madadh a bhuailtear sa chloigeann, cuimhníonn sé!’ B’fhéidir gur ag cuimhneamh le fada a bhí muintir na hÉireann agus gurb ’in é an fáth a raibh na coiscéimeanna malltriallach le breis is céad bliain anuas: Cogadh na Talún, Cogadh na Saoirse as ar glacadh le mionn ‘don Rí’ le ‘Saorstát’ a bhaint amach.
aon síocóis atá buailte orm every psychosis I suffer from
" Ach dá olcas an dá leabhar úd, ní thig liom an milleán a chur orthu as gach aon síocóis atá buailte orm! Lena chois sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil an ghráin agam ar theanga ná ar litríocht an Bhéarla dá bharr.
níl an dara suí sa bhuaile agam I’ve no choice in the matter
" Ní maith liom go gcaithfidh mé an friskeáil a dhéanamh, ach níl an dara suí sa bhuaile agam.
cheantair atá buailte ag area which are affected by
" Scriosadh 35,000 crann óg d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo.
buailte linn has come around (again)
" Tá an Late Late Toy Show buailte linn agus mé ag machnaimh go dian ar bhur mianta Nollag, a chairde nerd.
cé chomh buailte how badly struck
" Cailleadh Cumhachta ========= Ar maidin, agus an aibhléis gearrtha, níorbh eol dúinne ná d'éinne eile sa cheantar, cé chomh buailte is a bhíomar.
buailte ag cruachás airgid hit by money problem(s)
" Anois tá an *‘landlady’* buailte ag cruachás airgid, de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta.
Agus ré na teicneolaíochta buailte linn with us now in the technological era
" Agus ré na teicneolaíochta buailte linn, tá sise den tuairim gur cheart bunphrionsabail na ríomhaireachta a chur ar shúile ár bpaistí go luath sa saol.
Imbolg buailte linn February has arrived
"Imbolg buailte linn, a léitheoirí dílse.
buailte ag an ngéarchéim hit by the crisis
" ‘68% de mhuintir na Beilge buailte ag an ngéarchéim’ an ceannteideal a bhí i bpáipéar nuachta Le Soir ar an suíochán le mo thaobh sa tacsaí.
gan an dara suí sa bhuaile aige having no alternative
" Le fada anois tá drochghníomhartha agus míchleachtais, ó thaobh spóirt de, curtha i leith Armstrong agus ar deireadh, agus gan an dara suí sa bhuaile aige dáiríre, d’admhaigh sé go raibh na líomhaintí fíor: gur bhain sé áirge as drugaí, cógais agus as cleachtais a bhí cosctha ag na húdaráis spóirt agus a chuidigh leis bua i ndiaidh bhua a bhaint amach i spórt na rothaíochta.
ba mheasa buailte ag triomach struck worst with drought
" Is intuigthe má leagtar béim áirithe ar athrú aeráide leis an té a shiúil tailte agus campaí seasca na Somáile nó tíortha teo na Saiheile, an chuid sin den domhan ba mheasa buailte ag triomach agus ag leathnú an ghaineamhlaigh dá réir.
buailte go tobann struck suddenly
" D’fhógair sé ag tús Mí Aibreáin go bhfuil sé buailte go tobann agus go dona tinn le hailse.
buailte linn faoi dheireadh thiar thall arrived at long last
" Tá an samhradh buailte linn faoi dheireadh thiar thall agus tá múinteoirí na hÉireann ag ullmhú dá gcuid laethanta saoire.
ag am nuair atá an tír buailte go holc when the country is badly hit
" Tá sé seo tarraingteach go maith ag am nuair atá an tír buailte go holc ag an dífhostaíocht.
buailte lena chéile side by side
" Agus más féidir Gaeltacht a thabhairt ar an áit a bhfuil dhá theach Ghaelacha buailte lena chéile, ní bréag a rá go bhfuil a leithéid an taobh seo den chuan.
go mothódh an dream atá buailte síos that a group who are beaten down
" Ní fios cén tábhacht a bhaineann leis an méid sin, go mothódh an dream atá buailte síos nó sliocht sleachta an dream a buaileadh síos, go gcoipeann an fhuil iontub i gcónaí agus go bhfuil brí agus fuinneamh ina ndúchas.
nó slat do bhuailte féin or someone you may regret meeting
" B’fhéidir go bhfaighfeá ‘súisteoir’ ceart as an gcleas, sin nó slat do bhuailte féin! Cinnte tá deacrachtaí faoi leith ag baint leis seo.
An Buaile agus an Seanbhaile the home away and the old home
" Is Éireannach mé sa deireadh thiar thall agus muna n-airím ar mo shuaimhneas i measc mo mhuintire féin, cén mhaith é sin? An Buaile agus an Seanbhaile ============ Bíonn ar dhaoine dul i ngleic leis an suaitheadh cultúir contrártha níos minicí ná mar a cheapfá.
agus an bhliain úr buailte linn as we come into the new year
" Shíl Balor nárbh fhearr dó rud a dhéanamh ná moladh nó dhó a thabhairt do roinnt daoine atá i mbéal an phobail i dtaca leis na gealltanais a dhéanfaidh siad, nó ba chóir go ndéanfaidís, agus an bhliain úr buailte linn anois.
buailte síos sa tsaol worsted in life
" Beannacht Dé leis, déanaim amach go gcaithfeadh sé gur imir focail Donal Walsh tionchar ar dhaoine a bhí buailte síos sa tsaol ag an am.
fadhbanna den chineál céanna buailte anuas orthu similar problems landed on top of them
" Trí leas a bhaint as mo leathanach Smutleabhair, bhailigh mé thart ar €400 do Féileacáin agus bhain sé seo siar asam go hiomlán – daoine agus cairde a raibh fadhbanna den chineál céanna buailte anuas orthu ag bronnadh airgid ar an iarracht agus dár moladh as ár n-iarrachtaí an chartanacht a chur chun cinn.
beagnach buailte linn arís nearly here again
" Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
beagnach buailte linn, nearly upon us
" Agus Ardteist na bliana seo beagnach buailte linn, beidh an dream atá ar tí an scoil a fhágáil ciaptha leis an imní.