Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buailte ar an Aigéan Ciúin beside the Pacific Ocean
" Domhnach Cásca, 15 Aibreán, léadh Aifreann mar a dhéantar chuile Dhomhnach Cásca le fada ag leacht cuimhneacháin laochra 1798 i reilig Waverley in oirthear Sydney, atá buailte ar an Aigéan Ciúin.
bob a bhualadh ort to play a trick on you
" Má fhaigheann tú teachtaireacht mar gheall ar víreas is fiú i gcónaí a bheith amhrasach - seans go bhfuil duine éigin ag iarraidh bob a bhualadh ort.
á bualadh amach printing it out
" Bhí an litir scríofa agus ní raibh le déanamh ach á bualadh amach.
a bholg buailte thiar ar a dhroim extremely thin
" Bhí sé caol fada, a bholg buailte thiar ar a dhroim agus scead liath os cionn an dá chluais aige.
ag bualadh bob playing a trick
" Bhí mé ag bualadh bob orm féin go raibh an cumas ionam eitilt.
thoiligh sí bualadh leo she agreed to meet them
" Ghéill Moratti sa deireadh agus thoiligh sí bualadh leo.
ag bualadh bos clapping
" Chruthaigh siad atmaisféar iontach an tráthnóna sin, agus chuir siad achan duine ag gáire agus ag bualadh bos.
tar éis a mbuailte after being defeated
" Rud eile ná go raibh briseadh deas cúpla seachtain chun traenála agus pleanála ag an gClár, ag Tiobraid Árann agus ag Corcaigh tar éis a mbuailte ach b'éigean d'Áth Cliath, do Loch Garman, don Mhí agus d'Uíbh Fhailí dul chun páirce arís sé lá tar éis dóibh cluiche a chailleadh.
buailte leis beside it
" Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic trick their opponents
" Tá sé deacair go leor ag réiteoir súil a choinneáil ar thríocha imreoir atá ag déanamh a seacht míle ndícheall bua a fháil agus bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic gan duine éigin eile a bheith ag teacht ar an bpáirc agus a fhoighid a thástáil.
ag bualadh le meeting
" Is breá liom an bhís a bhíonn ort ó bheith ag canadh ar an stáitse agus a bheith ag bualadh le daoine ó gach ceard.
a bualadh breoite é that he became ill
" Bhí sé ag obair go crua ar chúrsaí léinn agus ag imirt chaide, agus is timpeall an ama seo a bualadh breoite é.
Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile she had sunken cheeks
" Bhí a dhá pluc buailte ar a chéile agus fiú agus í ina codladh, ba léir go raibh an dá shúil sáite thiar ina ceann.
bualadh isteach drop in
" Is féidir le duine ar bith bualadh isteach ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
i mbaol a bhuailte in danger of being beaten
" I mbeagnach gach babhta den chomórtas i mbliana bhí Ken i mbaol a bhuailte ach d'éirigh leis tarraingt ar spiorad agus ar mhisneach go domhain ina chnámha chun an bua a fháil agus an chraobh a bhaint amach.
ag bualadh léi meeting her
" Thosaigh mé ag bualadh léi ag seisiúin agus ag féiltí éagsúla.
Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán she had just sat down
" Ní raibh ach a tóin buailte ar an tsuíochán nuair a scairt an fáilteoir, "Sin tú, a Fiona.
buailte go dona ag an ngorta badly affected by famine
" Beidh an Bhanglaidéis faoi uisce ar fad, nach mór, agus na milliúin teifeach ag brú isteach san Ind agus sa tSín, dhá thír mhóra a bheas buailte go dona ag an ngorta.
ag bualadh bob ar an phobal playing tricks on the public
" Bhí go leor den phobal an-chorraithe faoin "chur amú scannalach seo airgid phoiblí" agus mheas go leor eile gur athinsint ar an seanscéal faoi éadaí nua an impire ab ea é agus nach raibh ann ach cuid den aos ealaíne ag bualadh bob ar an phobal agus ag déanamh ceap magaidh díobh.
buailte small grazing fields
" Airgead mór a bhí siad á ghearradh ar mhuintir bhocht fhadaraíonach na hÉireann as ionlanna a thógáil amuigh sna buailte sna laethanta fadó.
Thug muid bualadh bos ó chroí dó. We clapped him warmly.
Ní dócha go bhfuil á bhualadh le fáil. It probably can't be bettered.
" Dúirt sé le Siobhán: "Ní dócha go bhfuil á bhualadh le fáil.
agus leanann de bheith á bhualadh and continues beating him
" A Mholly, an bhfuil tú istigh? FX: Buaileann Molly Mánas ar a cheann le scilléad agus leanann de bheith á bhualadh le linn an chomhrá.
ag bualadh an dá scór hitting the big four O
" Thit croí Shusaidh nuair a smaointigh sí go mbeadh sí ag bualadh an dá scór.
ní thiocfaí seo a bhualadh amach you couldn't beat this
" “Is cuma cad é mar a théann an oíche anocht anois,” arsa Susaidh, “ní thiocfaí seo a bhualadh amach.
buailte ar a chéile next to each other
" Deir siad go n-éiríonn daoine níos réchúisí sna daichidí – cad é bhain duitse!?” Ar an drochuair, nuair a shuigh siad síos bhí Bríd agus Kate buailte ar a chéile agus bhí deireadh déanta.
buailte le cathair bhríomhar beside a lively city
" Tá Gaeltacht Chonamara faoi bhrú de bharr é a bheith buailte le cathair bhríomhar atá ag síorfhás agus a bhfuil a cuid bruachbhailte ag bogadh siar de réir a chéile.
gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige that they almost touched his chin
" Shuigh Rufus ar an tolg agus bhí an tolg chomh híseal sin agus cuid cos Rufus chomh fada sin gur bheag nach raibh siad ag bualadh an smigid aige.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
a mhacasamhail de bhualadh a similar beating
" Maíonn cara Bhrian, Anthony, ní hamháin gur thug baill áirithe ón Gharda Síochána bualadh dó féin sa stáisiún ach gur tugadh a mhacasamhail de bhualadh freisin do Bhrian Rositter.
bualadh bos applause
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
ag bualadh bóthair heading off
" Bhí sé ar Thoraigh Dé Máirt; gafa le cruinnithe leis an Aire Éamon Ó Cuív agus leis an gCoimisinéir Teanga, agus le gnóthaí eile, Dé Céadaoin; agus díreach tar éis an agallaimh liomsa go moch Déardaoin, bhí sé ag bualadh bóthair go Luimneach agus go ceantar Mhúscraí agus é i mbun oibre ar son na teanga agus mhuintir na Gaeltachta.
ag bualadh go fiáin beating wildly
" Shiúil mé síos an staighre go mall agus go ciúin, mo chroí ag bualadh go fiáin i mo chliabhrach, na deora réidh le sileadh.
buailte beaten
" Bhí mo dheartháir i gcúpla troid ar scoil agus tháinig sé abhaile chuig mo mháthair agus é buailte.
ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil beating the wood of the counter with the rhythm of the music
" Le linn na bpolcaí úd, thug mé sracshúil ar an mbeár agus ansin os mo chomhair bhí Gearóid (scíth bheag á glacadh aige ón obair), é ag stánadh amach roimhe ar thada agus méaracha a láimhe clé ag bualadh adhmad an chuntair le rithim an cheoil.
chun bualadh isteach chuig Simon to drop in to Simon
" Ní hamháin sin ach go raibh coinne eagraithe aige le hathair Simon agus go rabhamar chun bualadh isteach chuig Simon maidin Dé Sathairn! Níor chreid mé é go dtí gur chnagamar ar an doras agus cé a d’oscail é ach Crowe féin! Bhí mé dhá bhliain déag, lán de cheol nua, *rock ’n’ roll*, stáisiúin bhradacha raidió Bhaile Átha Cliath – Radio Dublin Two-Five-Three, Big-D Radio, Radio 257 – *punk*, na Sex Pistols, Johnny Rotten agus ár mbanna Éireannach, Bhleá Cliathach féin, na Boomtown Rats – cúigear buachaillí a bhí dána, réabhlóideach, torannach.
bóthar a bhualadh to hit the road
" Tar éis dom cúpla oíche a chaitheamh i Lilongwe, agus go leor iarrachtaí a dhéanamh teacht ar mo mhála, a bhí imithe ar strae go dtí Harare na Siombáibe, bhí sé in am dom bóthar a bhualadh go dtí mo bhaile nua.
dorn a bhualadh ar imreoir eile, to give another player a punch,
" Tá sé mar chuid den chluiche freisin dorn a bhualadh ar imreoir eile, cic a thabhairt dó, é a lascadh le camán, a gheansaí a tharraingt agus é a tharraingt síos go neamhdhleathach.
dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush his wife refused to meet Bush
" Tháinig Uachtarán na Fraince ar cuairt, ach dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush agus chuaigh sí ag siopadóireacht ina áit sin.
le bualadh lena dteaghlach to meet with their families
" Tá siadsan ag iarraidh rud iontach simplí a dhéanamh – daoine a chuaigh ar imirce a thabhairt ó Londain le bualadh lena dteaghlach ar ais in Éirinn.
Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn the next Christmas is almost with us
" Tá an chéad Nollaig eile beagnach buailte linn – Nollaig nach bhfeicfidh mé m’iníon lena linn agus Nollaig nach mbeidh mé in ann taitneamh a bhaint aisti ina héagmais.
taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile. the sides of two vehicles hitting against each other
" Is éard atá i gceist le *side swipes* ná taobhanna dhá fheithicil ag bualadh in éadan a chéile.
a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, to introduce as a penaltt for having sex
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
bualadh bos ollmhór, a huge round of applause,
" ’ Ach ag deireadh an tseó, fuaireamar bualadh bos ollmhór, agus na gasúir ar fad ina seasamh ag ligean gár molta astu.
ag bualadh a chloiginn hitting his head
" Léirigh sé cúpla ceann de na sainchomharthaí a bhaineann leis an aicíd seo, nó bhí sé ag bualadh a chloiginn go láidir in éadan balla – balla mór láidir cloiche, a bhí i bhfad ní ba chrua ná a chloigeann bocht breoite.
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís. that time of the year is upon us again
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís.
ag bualadh le daoine meeting people
" Bhí am chomh deas sin againn ag taisteal timpeall na tíre ag bualadh le daoine suimiúla.
ag bualadh bob playing a trick
" Ach d’fhéadfaí a chur ina leith go mbíonn sé ag bualadh bob ar mhuintir na tíre seo go minic agus gur cur i gcéill é an *persona* a bhíonn i gceist agus é ag labhairt go poiblí – is é sin, *persona* an ghnáthdhuine a labhraíonn mar a labhraíonn an gnáthdhuine.
buille a bhualadh to strike a blow
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
bualadh bos béasach polite applause
" Ar an ócáid seo, nuair a bhí an t-amhrán curtha díom, d'osclaíos mo shúile go mall agus an bualadh bos béasach ar siúl.
ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir. hitting his stick strongly against the ground
" Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir.
ag iarraidh bualadh le daoine nua wanting to meet new people
" "Tá cuid de na rannpháirtithe ag iarraidh bualadh le daoine nua agus tá cuid eile acu ag iarraidh aclaíocht a dhéanamh.
ag bualadh lena chéile meeting with each other
" Beidh Robinson agus McGuinness ag bualadh lena chéile le bealach chun cinn a oibriú amach an tseachtain seo, ach ní dócha go mbeidh cruinniú den Fheidhmeannas – an chéad cheann a bhí le bheith ar siúl ó bhí mí an Mheithimh ann – ag dul ar aghaidh Déardaoin.
ag bualadh sciath banging shields
" Tá príosúnaigh phoblachtacha ina seasamh go tostach ina gcillíní, na ballaí smeartha le cac agus bia, ag éisteacht go míshuaimhneach leis an racán taobh amuigh - áit a bhfuil dhá line eochróirí príosúin, gléasta ó bhun go barr in éadaí círéibe, ag bualadh sciath go fíochmhar le smachtíní.
bob dána a bhualadh struck a brazen trick
" Níorbh fhada gur léir do gach duine go raibh Cerný i ndiaidh bob dána a bhualadh leis an tsaothar ghéar seo, atá ar taispeáint sa Bhruiséil, agus a bhain an anáil díobh siúd a chonaic é.
atá buailte linn which is upon us
" Is soiléire é seo i rith Seachtain na Gaeilge atá buailte linn.
ag bualadh playing
" Is cuimhin liom oíche amháin sa teach tábhairne i nGleann, áit a raibh Séamus ag bualadh.
bualadh bob orthu they were tricked
" Tosaíodh stailc ocrais i bpríosún na Ceise Fada le stádas polaitiúil a bhaint amach i 1980 agus creideann cimí go réiteofaí an chéad stailc ocrais sin go macánta ach gur bualadh bob orthu agus gur Thatcher a bhí taobh thiar de sin.
bhualadh beating
" Bhain Rangers sraith na hAlban an la sin i ndiaidh iad Dundee United a bhualadh agus Celtic cluiche cothrom a imirt in éadan Hearts agus ba leor sin mar leithscéal ionsaí a dhéanamh ar cheantar Caitliceach.
le bualadh to meet
" D'fhágas slán ag na leads - bhíos ag taisteal go Londain le bualadh le mo bhean.
bualadh le meeting with
" Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
mbuailte beaten
" Bhí Mícheál Ó Conaill ann agus Mícheál Ó Duibhir, Tadhg Ó Laighin, Páidí Síthigh agus mar sin de ann agus iad go léir agus a raibh ann de thraenálaithe agus d’oifigigh chontae ina dtost tar éis a mbuailte ag foireann an Dúin.
ag bualadh craicinn having sex
" Cad chuige mire na mná (Charlotte Gainsborough), i gcomparáid le bris ‘réasúnta’ a fear chéile (Willem Dafoe)? Tarlaíonn go bhfaca sí an leanbh ag breathnú orthu ag bualadh craicinn.
bualadh ceoil playing music
" Sa nead beag suáilcis seo, i bhfad ón daoscarshlua, i bhfad ó na hairí, na cinn chomhairle agus ó na wannabes, i bhfad ón Wild Rover agus ó Brennan on the Moor, bhí blaiseadh beag de na flaithis le fáil: Johnny Connolly ag bualadh ceoil agus ag canadh agus ag damhsa ag an aon am amháin, na sluaite ban dathúla Meiriceánacha thart air ag brú shú na heorna agus eile air, agus Johnny ag baint sú as an rud ar fad.
bhuailte downbeat
" com/watch?v=qK3n_u7KkOY) Bóiscéalta na gCaorach Ós ag caint dúinn ar chaoirigh, tá muintir bhocht bhuailte an Chomhaontais Ghlais fós sásta tacaíocht a thabhairt do na distressed assets eile sa chomhrialtas.
bualadh le to meet
" Tá sé go deas agus tá sé deacair bualadh le gach duine.
buailte linn arrived
" Agus deireadh bliana eile buailte linn, níor mhiste roinnt machnaimh a dhéanamh ar staid an domhain.
á bhualadh being struck
" Mar atá luaite agam cheana, bhíodh "curfew bell" á bhualadh i gCúl Raithin ag a 9 a chlog gach oíche le foláireamh a thabhairt do Chaitlicigh gurbh fhearr dóibh dul chun an bhaile suas go dtí 1954.
sách buailte damaged enough
" Tá an Ghaeltacht sách buailte, gan ár gcairde i saol na Gaeilge a bheith ag iarraidh tairne a bhualadh sa chónra.
bualadh é he was stroke
" De thoradh na tuaiplise sin díríodh maslaí agus tarcaisní ar an réiteoir, bualadh é agus caitheadh diúracáin leis.
Ag Bualadh Bóthair getting on the road
" Ag Bualadh Bóthair ======== Creideann Ó Tuairisg go bhfuil daoine óga breá ábalta dul i ngleic le hàbhair dhúshlánacha agus go bhfuil siad ábalta casadh dá gcuid féin a chur ar scéal nó tuiscintí éagsúla a bhaint amach as – mar a chonaic sé féin le linn na seisiúin cainte a bhí acu i ndiaidh An Rón Dall.
buailte linn arís arrived again
" Tá mí Dheireadh Fómhair buailte linn arís, a chairde.
bhualadh an chloig the bell’s stroke
" Mar sin féin, a luaithe a sheas an tAire Lenihan sa Dáil, d’fholmhaigh binsí an fhreasúra ar an gcaoi a d’fholmhódh seomra ranga ar bhualadh an chloig ag am lóin.
buailte linn has arrived
" Tá an Nollaig buailte linn agus tá margaí le fáil ar líne.
ag bualadh ringing
" Deirtear gur féidir cloig séipéil Ys a aireachtáil ag bualadh ó am go chéile le fuineadh gréine tráthnóna samhraidh.
buailte leis bordering on
" Tá sí buailte leis an gCéinia ar an teorainn thuaidh agus tá an Mhósaimbíc léi aneas.
bualadh ar aghaidh head on
" Mar sin, is féidir leat a bheith i d'óstán agus bualadh ar aghaidh go dtí an tsiopalann taobh istigh d'uair an chloig tar éis tuirlingt duit.
buailte stricken
" Dhá Mháthair an Mhí-Áidh ============= Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte.
bualadh banging
" Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig ceanncheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme.
is deacair a bhualadh it’s hard to beat
" Thar aon talamh eile ar domhan a raibh mé ar cuairt ann go dtí seo, is deacair a bhualadh.
bualadh le to meet
" Agus bhí an ceart ar fad aige! An tráthnóna céanna agus an chéad lá caite againn, tugadh deis dúinn bualadh le cuid eile den lucht saoire ag teacht le cheile beag a eagraíodh i halla an bhaile.
bhualadh craicinn having sex
" Ach Danny Kennedy? Is é mo bharúil go bhfuil seal den bhualadh craicinn 'blaisín beag daor'.
buailte faoi arraing suffering pain
" Bhí a saol lán le fadhbanna sláinte; bhí polio uirthi nuair a bhí sí óg agus bhí sí i dtaisme bóthair millteanach agus í ina déagóir a d’fhág í briste brúite agus buailte faoi arraing go minic don chuid eile dá saol.
bhualadh craicinn copulation
" Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
ag iarraidh bualadh leo want to meet
" Ach feictear dom go bhfuil Pat Kenny ar liosta na ndaoine a bhfuil tú ag iarraidh bualadh leo nuair a thiocfaidh tú go hÉirinn.
ag bualadh isteach going into
" Ag dul chomh fada leis an Íoslainn atá an bád, ag bualadh isteach go háiteacha éagsúla atá luaite le Naomh Breandán agus le Colm Cille.
buailte go dona badly hit
" Tá an fhoirgníocht scriosta ar fad sna ceantair tuaithe, tá an miondíol buailte go dona de dheasca an chúlaithe, agus tá ceist mhór faoi thodhchaí na déantúsaíochta, rud a fhágann deacrachtaí ar leith ag an cheantar sin.
buailte linn has arrived
" Uair na cinniúna buailte linn maidir le craobhchomórtas na bliana seo.
buailte le hurchar millte suffered a stroke
" Tá obair pháirtaimsireach ag Mija – í ag tabhairt aire do sheanfhear atá buailte le hurchar millte.
ag bualadh a gcomharsana beating their neighbours
" 
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile! Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
ag iarraidh bualadh leo wanting to meet them
" Agus Geallúintí Abhus ======== Ach cén baint atá ag seo leis na Sé Chontae? Cúpla seachtain ó shin, fuair clann Pat Finucane scairt ghutháin ó oifigeach shinsearach de chuid Rialtas na Breataine, ag inse dóibh go raibh an Príomh-Aire, David Cameron, ag iarraidh bualadh leo agus go mbeadh siad sásta lena mbeadh le rá aige.
bualadh isteach call in
" Agus d’iarr orm bualadh isteach an tseachtain dár gcionn san áit a mbíonn tae agus caifé á ndéanamh do dhaoine gan dídean.
Gíoscán agus bualadh doirse squeaking and slamming
" Gíoscán agus bualadh doirse, siopaí á ndúnadh.
An Ball Lag a Bhualadh hitting the weak spot
" ”* An Ball Lag a Bhualadh ========== Cé gur thacaigh an tSiria leis an gcogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta ar dtús, chinntigh an brúghrúpa Iosraelach nach leanfadh an comhoibriú idir an an Damaisc agus Washington.
buailte linn almost upon us
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
bliain úr eile buailte linn into a new year
"bliain úr eile buailte linn, a léitheoirí dílse.
buailte leis an ngalar dubhach depressed
" Tá an bhrídeog Justine fionn, buailte leis an ngalar dubhach, tláith, dúnta, aonarach, ag titim as a chéile.
bualadh bos clapping
" Ní bhíonn bualadh bos ann, caint ná tráchtaireacht idir na hamhráin.
bob a bhualadh orm tricked me
" Shíl mé gur i dtír anaithnid a bhí mé, nó b’fhéidir go raibh an t-am tar éis bob a bhualadh orm agus mé a chur siar go dtí an seachtú haois déag san am a mbíodh amhráin Chaitliceacha fós á rá faoi rún i mBreatnais ar dhá thaobh na teorann san áit a raibh tearmann le fail.
frithlaochra buailte broken antiheroes
" Athraíonn a chuid frithlaochra buailte a riocht agus a gcultúr agus iad ag dul ó áit go háit trí chríocha briste, macarónach.