Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar bhuille na huaire on the hour
" Cúram s'agamsa é na míreanna nuachta uilig, ar bhuille na huaire gach uair an chloig, a sholáthar.
ar bhuille boise instantly
" Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
Ar bhuille a trí on the strike of three
" Ar bhuille a trí, chualathas trup mór taobh amuigh agus isteach thar an tairseach le Maidhc Dainín Ó Sé agus Micheál Ó Mórdha chun an Tóirse Oilimpeach a bhreith leo ar an chéad chuid eile dá chamchuairt.
buille ar bhuille blow by blow
" Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha! Léim na Leimíní le hAill ========= Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann.
ar bhuille on the stroke
" Is ar bhuille an mheán oíche ar an gCéadaoin a osclaítear an chéad bhairille den Beaujolais Nouveau agus tuigtear dom go scaoiltear suas le 39 milliún buidéal fíona ar an margadh náisiúnta agus idirnáisiúnta.
ar bhuille a dhá shúl before his two eyes
" Sheachain sé an autobahn an bealach ar fad, agus nuair a bhí nóin bheag agus deireadh an lae ann, drúcht ag méadú agus clocha ag géarú, agus éanacha beaga na coille craobhaí ag dul fá bhun dídine agus foscaidh, thóg sé a cheann agus d’amharc sé uaidh agus caidé a chonaic sé ar bharr cnoic ach an caisleán ba dheise dá bhfaca sé ar bhuille a dhá shúl riamh.