Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
buille marfach deadly blow
" An teannas dochreidte agus na Cait réidh chun buille marfach a thabhairt d'Áth Cliath.
mbuille marfach mortal blow
" Sin ráite, ní shamhlaím na toghcháin a bheith ina mbuille marfach ag an Taoiseach.
buille marfach mortal blow
" Meastar nach bhfuil aon driopás ar an DUP socrú a dhéanamh roimhe sin le go dtig leo buille marfach, an *coup de grace*, a thabhairt do pháirtí Trimble agus seasamh s'acu féin a dhéanamh do-ionsaithe.
bhuille marfach killer blow
" Trí bhuille marfach a bhualadh ar fhaicsean poblachtánach an pháirtí bhí ar chumas an Loingsigh agus a chomrádaithe na seanslabhraí a chaitheamh díobh agus treo nua a thabhairt don pháirtí agus, anuas ar sin uilig, d'éirigh leo an céile comhraic ba dhainséaraí a bhí acu a chur as an imirt ar feadh tréimhse fada.
buille marfach fatal blow
" Thuig fórsaí slándála na Breataine agus an IRA araon nach dtiocfadh leo buille marfach a thabhairt dá chéile agus d’fhóir an idirbheartaíocht do gach taobh.
bhuille marfach fell stroke, death blow
" ‘Bunaíodh formhór na gcuntas ar an nGorta Mór dar foilsíodh go fóill ar dhoiciméid Bhéarla, ainneoin gur chainteoirí Gaeilge go leor acu sin ar bhuail an t-imeacht úd a bhuille marfach féin orthu.
an buille marfach the killing blow
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.