Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na cearta is bunúsaí the most basic rights
" Bhí troid uafásach le déanamh chun na cearta is bunúsaí, fiú amháin, a bhaint amach, chun go nglacfaí le guth ban le meas agus go n-éisteofaí linn.
níos bunúsaí fós more basic still
" Tá an dara ceist atá ag cur as do mhuintir an bhaile níos bunúsaí fós.
an cruth is bunúsaí agus is simplí the most basic and simple shape
" Tá gach rud ann briste síos go dtí an cruth is bunúsaí agus is simplí, mar shampla plánaí geoiméadracha atá le feiceáil i bpíosaí ailtireachta.
níos bunúsaí more basic
" Béim eile ======= Ach ní féidir an milleán ar fad a chur ar an aimsir - tá fadhbanna níos bunúsaí ná sin ann.
i bhfad níos bunúsaí much more basic
" Tá cúiseanna i bhfad níos bunúsaí ann go bhfuil líon na dturasóirí tite i mbliana.
níos bunúsaí more basic
" Bíonn an mac léinn is fearr i bpáirt an léitheora; glacann an mac léinn a bhfuil scileanna níos bunúsaí aige/aici páirt fhear nó bhean na haimsire.
bunúsaithe fundamentalists
" Tá sé cineál íorónta go bhfuil cuid ráiteas na mbunúsaithe i Meiriceá ag éirí níos cosúla agus níos cosúla le cuid ráiteas na mbunúsaithe Moslamacha.
níos bunúsaí more basic
" Ach tá ceist i bhfad níos bunúsaí ann: Conas is féidir ár sibhialtacht a athrú i rith na haoise seo chun gur féidir linn maireachtáil ar i bhfad níos lú fuinnimh? Is féidir bheith dóchasach, mar shampla, go ndéanfar freasaitheoirí comhtháthála núicléacha (an próiseas céanna a tharlaíonn sa ghrian) a fhorbairt chun fuinneamh glan a dhéanamh, sa chaoi is nach mbeidh níos mó áiteanna mar Sellafield agus a leithéid riachtanach ar fud na domhain.
an cur síos is bunúsaí the most basic account
" Ní dhéantar ach an cur síos is bunúsaí ar a dtréithe agus ní chuirtear spás amú ag cur síos ar shaol clainne ach sa mhéid is go mbogann a leithéid de chur síos an scéal ar aghaidh.
an ghné is bunúsaí the most basic aspect
" Mar sin, b'fhéidir gurb í an tsaoirse an ghné is bunúsaí den damhsa ar an sean-nós.
is bunúsaí most basic
" Bhíodh an-chuid taistil á dhéanamh agam thart fán am sin agus nuair a bhíonn tú ag dul anonn is anall idir do bhaile agus an Astráil, an tSeapáin agus an tSín go minic – agus obair le déanamh agat chomh luath is a thig tú den eitleán ar an taobh eile – creideann tú go bhfuil grád gnó tuillte agat agus, i ndáiríre, ar an rud is bunúsaí a thiocfadh le d’fhostóirí a thabhairt duit.
is bunúsaí most basic
" Tá an bonneagar is bunúsaí fós in easnamh ar phobal Ogoniland.
níos bunúsaí fós yet more basically
" Níl íomhá níos treise ná an chóiréagrafaíocht a chleachtaíonn Georges, a dhá láimh timpeall uirthi, an chuma orthu gur ag válsáil le chéile atáid, ise á bhogadh ón gcathaoir chun na leapan aige, nó, níos bunúsaí fós, ón leithreas chun na cathaoireach, agus ar ais arís – aithris thruamhéalach ar an gcúpla steip.
na ceisteanna is bunúsaí i saol an duine basic questions in everyone’s life
" Tá an scéal amhlaidh ar fud na tíre agus ar fud na hEorpa – níl go leor sagart ar fáil le freastal ar an phobal agus an áit a bhfuil sagart, ní éisteann an pobal leis maidir le cuid de na ceisteanna is bunúsaí i saol an duine.
feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a more serious and more basic cause
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.