Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhundúchasaigh Mheiriceá native Americans
" Miotaseolaíocht ======= Bhain Morrison úsáid as miotaseolaíocht na Gréige agus bhundúchasaigh Mheiriceá ina shaothar agus cumadh go leor miotaseolaíochta faoi féin agus an dúil a bhí aige san alcól.
bundúchasach aboriginals
" Píosa é a dhéanann iniúchadh ar an dearcadh coilíneach a bhí ag an Chaptaen James Cook agus a chuid fear i leith na mbundúchasach nuair a bhain siad an Astráil amach.
bhundúchasach aboriginal
" Bhí Chipawa, teanga bhundúchasach Cheanadach, ina príomhtheanga agus an Ghaeilge sa dara háit.
bundúchasach aboriginal
" Is anseo a bhí an náisiún bundúchasach ar a dtugtar na Kaurna.
bundúchasaigh aboriginals
" Tá teoiric eile ann freisin - gur bunaíodh é ar chluiche a bhí á imirt ag bundúchasaigh na hAstráile le tamall maith, b'fhéidir na céadta bliain, sular leagadh síos rialacha dó sa naoú céad déag.
na Bundúchasaigh the Native Americans
" Taobh amuigh de na Bundúchasaigh, is inimircigh an chuid eile de dhaonra na tíre, nó sliocht inimirceach, nó sliocht na ndaoine a tugadh chun na tíre i gcoinne a dtola.
bhundúchasaigh aboriginals
" Thuig mé an focal "dúchas" den chéad uair, agus go leor againn de bhunadh an domhain thuaidh anseo san Astráil inár gcónaí sna cathracha móra, agus sinn scartha go hiomlán ó dhúchas agus ó bhundúchasaigh na tíre seo.
phobail bhundúchasacha communities of native people
" Tá cónaí ar phobail bhundúchasacha fud fad na Nua-Ghuine, pobail atá ag maireachtáil ar a ndóigh thraidisiúnta féin leis na mílte bliain.
in éadan na mbundúchasach ansin against the indigenous people there
" Déanann an eagraíocht West Papua Action comparáid idir feachtas na hIndinéise i bPapua Thiar agus feachtas na ndaoine geala i Meiriceá Thuaidh in éadan na mbundúchasach ansin.
cultúr na mBundúchasach Meiriceánach the culture of the Native Americans
" Ceann de na cultúir ghonta sin é cultúr na mBundúchasach Meiriceánach, dream a bhfuil spéis ar leith ag Gearóid iontu.
bhundúchasaigh aboriginals
" Bhí sí ina hiarrthóir do na Liobrálaigh sa toghchán sin ar dtús go dtí gur díbríodh í nuair a dúirt sí rudaí maslacha faoi bhundúchasaigh na hAstráile.
inphrionta na mbundúchasach Ceanadach the imprint of the Canadian natives
" Tá "géarchéim féiniúlachta" againn i gCeanada - cé hé muid féin, agus cén rud faoi leith atá againn le tabhairt don chomhphobal domhanda? Faoi dheireadh (i gceann 500 bliain, b'fhéidir) beidh orainn a admháil gurb é inphrionta na mbundúchasach Ceanadach an t-aon rud amháin sainiúil atá againn nach bhfuil le fáil in aon áit eile ar domhan - sin í " an fhéiniúlacht" agus an "rud áirithe sin" atáimid ag lorg.
bhundúchasaigh native people
" De bhrí gur tháinig an Mhaighdean i láthair Indiaigh, chuaigh an creideamh Caitliceach i bhfeidhm go mór taobh istigh de thréimhse ghairid ar bhundúchasaigh Mheicsiceo.
troid na mbundúchasach i gcomhair féinrialtais the native people's fight for self-rule
" Baineann téamaí mhórchuid na n-amhrán a scríobhaim leis an gceantar sin, mar aon le troid na mbundúchasach i gcomhair féinrialtais, agus oidhreacht an Ghorta Mhóir i gCeanada.
bundúchasaigh Aboriginals
" AÓF: An raibh mórán de theagmháil agat le bundúchasaigh na hAstráile nó ar tháinig tú ar aon tuiscint faoina dtraidisiúin siúd ó thaobh na hamhránaíochta de? MÓS: Táim an-cheangailte agus an-mhór leo, agus lena dtraidisiún, agus is minic a chanaimid inár dteanga féin dá chéile.
bundúchasaigh aborigines
" Tá Gairdín Leighis Dhomhanda ann fosta, ina bhfuil plandaí mar “teatree”, a úsáideann bundúchasaigh na hAstráile, agus a úsáidtear go coitianta mar fhrithsheipteach ar fud an domhain anois.
na céadta míle Bundúchasach hundreds of thousands of Aborigines
" Bhí na céadta míle Bundúchasach sa tír, ag maireachtáil go síochánta mar a bhí déanta acu leis na mílte bliain.
i ngnáthshaol Bhundúchasaigh an cheantair. in the ordinary life of the Aborigines of the area.
" Tá gach cuid di chomh héagsúil sin, agus bhí ról lárnach ag áiteanna áirithe ar Uluru i ngnáthshaol Bhundúchasaigh an cheantair.
áit ar lámhachadh bundúchasaigh. where the natives were shot.
" “Ní raibh Alasca riamh mar a bhí an *Wild West*, áit ar lámhachadh bundúchasaigh.
bundúchasaigh aborigines
" Tugtar Walgun, focal a chiallaíonn “gualainn”, ar an gceann tíre i dteanga na Arawakal, ar bundúchasaigh na háite iad.
teanga bhundúchasach aboriginal language
" Tugtar an “Gabba” ar an staid seo toisc go bhfuil sé suite sa bhruachbhaile Woolloongabba, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cainte agus troda” i dteanga bhundúchasach na háite.
bundúchasach aboriginal
" Is é Bennelong an t-ainm atá ar thoghcheantar Howard, a ainmníodh as fear bundúchasach áitiúil.
páistí Bundúchasacha aboriginal children
" Sa tuarascáil seo, tugadh “na glúnta goidte” ar na páistí Bundúchasacha a aistríodh go hinstitiúidí agus go teaghlaigh eile in éadan thoil a muintire.
Bundúchasaigh na hAstráile aboriginees of Ausralia
" Mar chéad mhír ar chlár gnó an tseisiúin, mhol Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, rún inar ghabh sé leithscéal oifigiúil le Bundúchasaigh na hAstráile as ucht a gcultúr a bheith scriosta ag muintir gheal na hAstráile.
an Forógra ar Chearta na mBundúchasach Declaration on the Rights of Indigenous Peoples
" ” I gcomhthéacs éagothroime níos leithne, cuireann tráchtairí na ruathair seo ar liosta ar a bhfuil *débâcle* na hUrthrá agus Leaba na Farraige 2003 (nuair a thóg an Stát gnáthchearta iascaireachta), agus scannal nár craoladh go forleathan inár shínigh an Nua-Shéalainn an Forógra ar Chearta na mBundúchasach ag deireadh 2007.
ar son na mBundúchasach. on behalf of the Aboriginees
" Dúirt sé freisin go dtabharfaidh sí guth do dhreamanna éagsúla – do mhuintir na tuaithe, cuir i gcás, agus dóibh siúd atá ag éileamh comhionannais ar son na mban agus ar son na mBundúchasach.
Bundúchasaigh áitiúla, local Aboriginals
" Thug an Ngunnawal, Bundúchasaigh áitiúla, an logainm Canberra ar an gceantar, focal arb é is brí leis ná “áit le haghaidh cruinnithe”.
Is bundúchasach é he is an aborigine
" Is bundúchasach é Dodson agus tugtar ‘Athair Athmhuintearais’ air mar gheall ar an tsárobair atá déanta aige le fada an lá le hathmhuintearas idir bundúchasaigh agus muintir eile na tíre a chur chun cinn.
bundúchasacha native, aboriginal
" Gheall Howard agus an t-aire a bhí freagrach as gnóthaí bundúchasacha, Mal Brough, go gcaomhnófaí ord poiblí sna comhphobail agus caitheadh baill an airm chuig comhphobail áirithe le cuidiú leis na póilíní áitiúla.
mBundúchasach aboriginal(s)
" Rinne a scoileanna dianiarracht oideachas a thabhairt do pháistí na mBundúchasach freisin, tionscnamh ceannródaíochta faoin am sin.
gorm nó bundúchasach black or native
" Táimid ag caint ar réamhchlaontaí i gcoinne dhuine ar bith atá bocht, gorm nó bundúchasach; réamhchlaontaí a théann siar go dtí gur ghabh máirnéalaigh Phortaingéileacha cuan is caladh na Brasaíle i 1501.
ar caitheadh le bundúchasaigh aboriginals were treated
" Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.
cúlra bundúchasach aboriginal background
" Anuas ar sin, mhol an tuarascáil go mbeadh maoiniú sa bhreis ar fáil do na scoileanna ina mbeadh mic léinn faoi mhíbhuntáistí éagsúla, eadhon míchumas, cúlra bundúchasach, bochtaineacht agus cúlra neamh-Bhéarla.
teangacha bundúchasacha native languages
" Meastar go dtagann a ainm as focail éagsúla sna teangacha bundúchasacha a labhraítí sa dúiche ina bhfuil *Sydney* anois.
focal bundúchasach a native word
" Is focal bundúchasach é Canberra agus bhí na húdaráis éiginnte faoin dóigh cheart é a fhuaimniú.
cimí Éireannacha agus bundúchasaigh na hAstráile Irish prisoners and native Australians
" 
Mar shampla, an caidreamh idir cimí Éireannacha agus bundúchasaigh na hAstráile.
focal Bundúchasach an Aboriginal word
" Is focal Bundúchasach é Galong a chiallaíonn má seascainn (swamp plain).
na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo the native heroes who fell
" Nach mithid an urraim chéanna a thabhairt san iarsmalann do na gaiscígh bhundúchasacha a thit sa ghleo i gCogadh na Teorann agus iad ag iarraidh an Astráil a chosaint in éadan na ngabhálaithe eachtrannacha?
bundúchasaigh natives
" Meastar gur de chúlra Iodálach a shíolraigh 24 milliún Airgintíneach, 60% den daonra agus tá Gearmanaigh, Spáinnigh, muintir na Siria, Seapánaigh, beo beathach sa tir, chomh maith le bundúchasaigh na hAirgintine agus imircigh ón Bholáiv agus as Paragua.
mbundúchasaigh aboriginals
" Scríobh Bolt sna colúin go raibh na ceannairí seo ag maíomh go raibh siad ina mbundúchasaigh le tairbhí a bhaint as an ionannas.
lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach amongst whom are the only native M.P.
" Labhair baill áirithe pháirtí Abbott in éadan an leasaithe freisin, lena n-áirítear an t-aon fheisire bundúchasach i dTeach na n-Ionadaithe, Ken Wyatt, a thug le fios go raibh sé ar intinn aige urlár an tí a thrasnú le vótáil ina choinne.
sanasaíocht bhundúchasach a native etymology
" Maítear i bhFoclóir Mhic Guaire, an foclóir is údarásaí sa tír, go bhfuil sanasaíocht bhundúchasach ag an bhfocal, ach gan aon tagairt d’fhocail atá cosúil leis i dteangacha dúchasacha.
ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh treating the Aboriginals badly
" Tá na rialtais stáit san Astráil fós ag caitheamh do dona leis na bundúchasaigh, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.
teangacha bundúchasacha Alasca Alaska's native languages
" Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí.
páistí Bundúchasacha aboriginal children
" Gabhadh leithscéal oifigiúil le gairid le páistí Bundúchasacha a aistríodh go teaghlaigh gheala agus institiúidí in éadan thoil a muintire idir 1910 agus 1970.