Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhunsraith foundation
" Agus bliain eile romhainn anois, caithfear a chinntiú go mbeidh bliain chomh rathúil céanna againn agus go dtógfar ar an bhunsraith atá leagtha síos le tamall anuas.
bhunsraith base
" Bíonn fáilte roimh dhíospóireacht agus easaontas san Iarthar, ach sa tSín, a bhfuil Cóinfúiceachas mar bhunsraith inti, ní luíonn an dearcadh ansiúd leis an díospóireacht sáraíochta.
bhunsraith foundation
" Ráiteas iontach a bhí ann ag teacht ó cheannaire pháirtí a bhfuil an creideamh i measc a chomharthaí sóirt, agus a bhfuil a cheangal leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach - naimhde dochta an éacúiméineachais - ina bhunsraith aige le fada an lá.
bunsraith foundation
" Tá sé chomh maith freisin tuiscint, tar éis go raibh lochtanna ar an méid a tharla le céad bliain i dtaobh na teanga, go bhfuil sár-dul chun cinn déanta agus go bhfuil bunsraith iontach le tógáil air.
faoin Bhunsraith under the foundations
" Athruithe faoin Bhunsraith =============== Cé gur bhuaigh Fianna Fáil sé thoghchán as a chéile, bhí siad ag imeacht ó chaidreamh ar na daoine.
bhunsraith tacaíochta support base
" Fuair siad beannú na ndaoine fad is a bhí an t-airgead flúirseach ach bhí an bhunsraith tacaíochta a bhí fúthu fíorleochaileach.
ar an mbunsraith sin on that foundation
" Níorbh fhada go raibh seilbh glactha acu ar chumainn an pháirtí úd ar fud Mheiriceá, agus ar an mbunsraith sin bhíodar in ann bata agus bóthar a thabhairt do sheanbhaill an pháirtí, nach raibh an fuinneamh ná an tacaíocht acu an ghluaiseacht nua seo a stopadh.