Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gan cháim flawless
" Gan dabht, tá sé fíorthábhachtach agus riachtanach go mbeadh gach duine fásta atá ag plé le daoine óga ó thaobh spóirt de gan cháim agus nach mbeadh ceist ar bith ann faoina gcarachtar, agus tá sé fíorthábhachtach go mbíonn na daoine óga atá faoi chúram cumann spóirt slán, sábhailte i gcónaí.
an cháim sin that fault
" Caithfidh go raibh duine eile ar fad ar intinn acusan a chuir an cháim sin i leith Uí Choileáin.
gan cháim faultless
" Deir Armstrong go bhfuil sé “glan”, is é sin go bhfuil sé gan cháim, maidir le drugaí mídhlisteanacha a bheith in úsáid aige, agus go bhfuil sé sásta go ndéanfaí é a thástáil go rialta.
gan cháim faultless
" Is seirbhís phoiblí é agus ba cheart a bheith gan cháim.
gan cháim faultlessly
" Is cosúil go raibh saol eile ar fad á chaitheamh aige seachas saol an tsárpheileadóra ghairmiúil gan cháim agus an chéile dhílis.
choinneáil saor ó chathú agus ó cháim to keep safe from temptation and blemish
" Tá dualgas ormsa mar Rí ar an chreag seo i lár na farraige mo phobal a choinneáil saor ó chathú agus ó cháim.
saor ó cháim free from blemish
" Bhí an chosúlacht air go raibh dea-spéir os a chionn, go raibh sé chomh saor ó cháim agus chomh soineanta le naíonán.
gan cháim faultless
" An té a mbíonn súil na sluaite air, caithfidh sé a bheith gan cháim áfach, nó beidh siad ina dhiaidh air.