Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbéal na Cásca at the beginning of Easter
" Ag Dia atá a fhios cad é mar a bheas sé agus muid i mbéal na Cásca.
lile na Cásca Easter lily
" "Maidir le lile na Cásca, braitheann sé an mbíonn biorán nó guma ar a cúl.
faoi Cháisc at Easter
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh é ar dtús le cúrsaí Gaeilge a reáchtáil do mhic léinn na hOllscoile faoi Cháisc agus i gcaitheamh mhíonna an tsamhraidh.
Luan Cásca Easter Monday
" Cé nár phoblachtach é, bhí a athair báúil leis na réabhlóidithe agus, aisteach go leor, bhí sé ar saoire i mBaile Átha Cliath ar Luan Cásca, 1916.
ráiteas Cásca Easter statement
" Díol spéise sa chomhthéacs seo ab ea ráiteas Cásca an IRA go bhfuil Rialtas na hÉireann agus na Breataine ag iarraidh coirpigh a dhéanamh díobh.
an Cháisc Easter
" Bhí mé i mo cheannaire ar chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ag an Cháisc i mbliana, mar is gnách.
laochra na Cásca the Easter (rising) heroes
" Fimíneacht ======= Léiríonn rúin a cuireadh chun tosaigh agus ar glacadh leo ag Ard-Fheiseanna Fhianna Fáil idir 1968 agus 1970 go raibh céatadán mór den pháirtí a chreid gur fimínteacht a bhí ann a bheith ag comóradh laochra na Cásca agus ag an am céanna gan teacht i gcabhair ar a mbráithre i nDoire, an Dún, Ard Mhacha, Fear Manach, Aontroim agus Tír Eoghain agus iad faoi ionsaí.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Ar an 10 Lúnasa, chonaic mé John Connolly, garmhac James Connolly, ag labhairt ar RTÉ faoin drochbhail atá ar 16 Sráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath, an cheanncheathrú dheireanach in Éirí Amach na Cásca.
ón Cháisc go dtí an fómhar from Easter to autumn
" * Bíonn an tseirbhís seo ar fáil ón Cháisc go dtí an fómhar, agus tá uimhir chláraithe ghreannmhar air: AD122! Tá tuilleadh eolais le fáil ó www.
ón Cháisc go dtí an fómhar from Easter to autumn
" * Bíonn an tseirbhís seo ar fáil ón Cháisc go dtí an fómhar, agus tá uimhir chláraithe ghreannmhar air: AD122! Tá tuilleadh eolais le fáil ó www.
Fhorógra na Cásca the Easter Proclamation
" “Ar mo bhealach suas a bhí mé,” arsa Dead Eye O’Dea, “nuair a chonaic mé an fógra mór a bhí crochta faoi bhun Fhorógra na Cásca ar cheann de cholúin Ardoifig an Phoist.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Foilsíodh an leabhar le comóradh a dhéanamh ar 90ú bliain Éirí Amach na Cásca agus, mar a mhíníonn an t-údar, leabhar don ghnáthléitheoir atá ann, is é sin, leabhar léitheoireachta nach gcuirfeadh eagla do chraicinn ort ó thaobh líon na leathanach nó nach mbáfadh faoi thonn mhór fonótaí thú.
teacht na Cásca, the coming of Easter,
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc we used to spend the whole summer, Halloween, Easter
" Tógadh muid ansin ach cionn is go raibh sé ag teagasc chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc i Rann na Feirste.
féile ollmhór cheoil um Cháisc a massive festival at Easter
" Bíonn neart féilte bliantúla ar siúl sa cheantar, féile ollmhór cheoil um Cháisc agus féile idirnáisiúnta do scríbhneoirí i mí Lúnasa ina measc.
Éirí Amach na Cásca. Easter Rising.
" Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca.
lucht sínithe Fhorógra na Cásca. the signatories of the Easter Proclaimation
" ”Is léir nach bhfuil meas madra ag Myers ar lucht sínithe Fhorógra na Cásca.
duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca one of the signatories of the Easter Proclamation
" Rinneadh coimircí cúirte di agus ba í a coimirceoir ná baintreach Éamoin Ceannt, duine de lucht sínithe Fhógróra na Cásca 1916.
ag an Cháisc at Easter time
" Nuair a d’fhill mé ar Shliabh Liag ag an Cháisc, chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe.
um Cháisc during Easter
" Bhíothas ag súil go mbeadh sé foilsithe le linn tréimhse na Nollag agus mhaígh an tAire ansin gur um Cháisc a fhoilseofaí é.
i rith na Cásca during Easter
" Tá an t-eolas seo a tugadh dom ag teacht sna sála ar thaighde a léiríodh le linn comhdháil bhliantúil Chumann Múinteoirí Éireann (INTO) i rith na Cásca maidir le neamh-chomhionannas inscne sa ghairm.
Cháisc Easter
" Tá moill curtha ar fhoilsiú na straitéise agus tá teipthe ar a n-údar trí spriocam a bhaint amach go dtí seo – deireadh na bliana 2008, an Cháisc agus tús an tSamhraidh.
Domhnach Cásca Easter Sunday
" Cuirfidh muid an nath sin ar mheirge an armshlua, an ceann a bheas á iompar trí lár Bhaile Átha Cliath Domhnach Cásca seo chugainn.
Cásca Easter
" ar an dearcadh a bhí sa Fhrainc ar Éirí Amach na Cásca, ábhar a raibh spéis aige ann i gcónaí.
Sheachtain na Cásca Easter Week
" Is mac é Seosamh le Michael Mallin, duine de cheannairí 1916 a lámhachadh i gCill Mhaighneann i ndiaidh Sheachtain na Cásca.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" Tá sé fíor-riachtanach go mbeadh a fhios againn céard a thug sinn go dtí an pointe seo, go dtuigfimis an Drochshaol, Cogadh na Talún, Éirí Amach na Cásca, Titim Gheilleagair 1929 agus 1999.
Éirí Amach na Cásca the Easter Rising
" (Mo thrua nach raibh ceamaraí againn ar lucht athscríofa na staire, pé áit a rabhadar, nuair a d’aithin an Bhanríon Eilís a Dó, ina beart sa Gháirdín Cuimhneacháin Náisiúnta, nár choirpigh, ach saighdiúirí in Arm na Poblachta na fir sin a d’fhear Cogadh na Saoirse agus Éirí Amach na Cásca ar an Choróin).
fána lile Cásca with his Easter lily
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
Cásca Easter
" “Agus tarlóidh in earrach na bliana céanna nach mbeidh muintir na hÉireann sásta leis an daoradh seo chun báis; agus teacht am na Cásca tosóidh an pobal a bhí faoi chois le fada ag ullmhú le haghaidh Éirí Amach eile um Cháisc.
Oileán na Cásca Easter Island
" Nuair a bhreathnaigh mé an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir sé ag smaoineamh mé ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann dá raibh ar an oileán.
roimh an Cháisc before Easter
" Déantar comóradh bliantúil ar Phádraig Ó Beirn i gCarraig Mhachaire Rois, chuile bhliain seachtain roimh an Cháisc nuair a chuireann an Comhaltas áitiúil ‘Féile Phádraig Uí Bheirn’ ar siúl, i gcuimhne ar an chláirseoir.
Luan Cásca Easter Monday
" Bíonn an scoil ar siúl go bliantúil ó Luan Cásca go dtí an Satharn dár gcionn.
Cásca Easter
" Samhlaíonn Breandán Delap cad é a bheas le rá ag ceannaire nuathofa Fhianna Fáil Nua ina aitheasc d'Ard Fheis a pháirtí sa bhliain 2016, tráth a bheas céad bliain Éirí Amach na Cásca á chomóradh.