Pota Focal Intergaelic
cage | | ceig | ceo | clog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé go raibh fuadar fúthu although they were in a rush
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
cé go samhlaím é sin although I imagine that
" B'fhéidir go mbeidh cuid againn níos moille chun iad a cháineadh feasta - cé go samhlaím é sin a bheith deacair uaireanta! Ag deireadh an lae (mar a deir lucht spóirt go minic), is daoine an-tábhachtacha iad na réiteoirí, ní hamháin ó thaobh an jab a dhéanann siad ar an bpáirc Domhnach i ndiaidh Domhnaigh, ach ó thaobh a gcuid tuairimí agus moltaí i leith na gcluichí, bunaithe ar a dtaithí i lár na coimhlinte, mar a déarfá.
cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor even though I became ill, right enough
" D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú although the new laws will be enacted
" An é go bhfuil an gá seo leis an alcól i síol na nÉireannach agus go bhfuil sé á iompar ó ghlúin go glúin mar a bheadh gruaig rua ann nó súile donna? Cé go ndéanfar na dlíthe nua seo a achtú gan mhoill, is dócha go mbeidh siad cosúil le go leor dlíthe eile a thagann chun cinn in Éirinn - gan éifeacht mar nach gcuirfear i bhfeidhm i gceart iad.
cé go mbraitheann sé uaidh an baile although he misses home
" Thug sé le fios go láidir go bhfuil sé breá sásta a bheith lonnaithe i mbruachbhaile de chuid Los Angeles agus, cé go mbraitheann sé uaidh an baile, go bhfuil sé ar a shuaimhneas ansin mar sin féin.
cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois although we're much better off now
" " An dóigh leis gur cailleadh aon rud mar thoradh ar an dul chun cinn sa gheilleagar; ar chailleamar aon rud mar shochaí leis an bhforbairt sin? "Ní tharlaíonn aon athruithe, fiú amháin athrú chun feabhais, gan ceataithe cinnte a bheith ag baint leis agus, cé go bhfuil caoi i bhfad níos fearr orainn anois, is laige anois, creidim, an tionchar ar iompar na ndaoine, meas na gcomharsan agus an mhoráltacht thraidisiúnta.
cé go raibh a goile thiar ar a droim although she was starving
" Rinne Hannah mar a hiarradh uirthi ach, cé go raibh a goile thiar ar a droim, chomh luath agus bhris sí buíocán na huibhe tháinig samhnas uirthi.
Cé gur fhulaing sé go leor although he suffered a lot
" Cé gur fhulaing sé go leor bhí sé sásta dearmad a dhéanamh air sin agus oibriú chun go mbeadh an dá thaobh san Afraic Theas in ann teacht le chéile agus stát nua a bhunú.
cé go n-admhaíonn sé although he admits
" Bhí sé i gcónaí báúil leis an Socialist Workers Party agus chuaigh sé isteach sa pháirtí sin i 1983 mar gur mhothaigh sé go raibh "níos mó céille ag baint leis ná mar a bhí ag baint le páirtithe eile" agus, cé go n-admhaíonn sé nach dtiocfaí a rá gurb é an réabhlóidí a bhfuil an féinsmacht is fearr aige, gur ball "réasúnta dílis" é .
cé go n-admhaíonn sé although he admits
" Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile i dtrátha an ama chéanna.
go mbeinn féin ar an chleas céanna that I could be up to the same thing
" “Ní dócha gur smaointigh sí riamh,” arsa Gráinne léi féin, “go mbeinn féin ar an chleas céanna.
dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna the more teaching changes, the more it stays the same
" Ach tá rud amháin an-soiléir dom tar éis leabhar McCourt a léamh, mise a chaitheann gach lá ag múineadh an Bhéarla chomh maith i ngairmscoil gharbh, is é sin, dá mhéad a athraíonn an mhúinteoireacht is amhlaidh go bhfanann sí mar an gcéanna.
cé go raibh an croí ag réabadh ina ucht although he was heart-broken
" Agus cé go raibh an croí ag réabadh ina ucht ag smaointiú go scarfadh siad, bhí sé anois den bharúil gur cineál faoisimh a bheadh ann, dó féin agus don bheirt acusan.
agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna and that he'd finish the same season
" Ceanglaíodh na foirne seo le foirne na *Major Leagues* (ba mhinic gur le foirne *Major League* na foirne beaga seo), agus ba mhinic a thosaíodh imreoir éigin an séasúr daorchluiche leis na Memphis Redbirds (nó a macasamhail) agus go gcríochnaíodh sé an séasúr céanna leis na St.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá who imagined that the day would ever come
" Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned.
cé go raibh fhios ag an saol mór although everyone knew
" Tugadh cuireadh dó dul ag imirt le cumann an Athar Uí Mhurchú, cé go raibh fhios ag an saol mór gur le cumann eile ar fad, i gcontae eile raibh ceangal stairiúil aige leis an bhfíor-Athair Ó Murchú, a bhain sé a cháil amach.
agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, and though I didn't warm to them for a while,
" I ngach teach bhí aisteoir éigin a raibh scéal suimiúil le n-insint aige nó aici faoin saol mar a bhí, agus cé go raibh mé fuar orthu ar feadh tamaill, d'éirigh leo teacht timpeall orm lena mblúirí beaga staire.
cé mhéad duine a mharófaí go fealltach how many people would be killed foully
" Faraor, ní raibh cruinneog chriostail acu a thuarfadh dronga sráide nó daoine mire ag marú páistí, agus cá bhfios cad a dhéanfadh siad dá mbeadh a fhios acu cé mhéad duine a mharófaí go fealltach i Meiriceá gach bliain.
cé go n-éilíonn sí go tréan although she strongly claims
" Bhí Clinton chomh mór sin ar son an chogaidh nuair a thosaigh sé in 2003 gur deacair di anois dul ar mhalairt treo, cé go n-éilíonn sí go tréan nach vótálfadh sí don chogadh dá mbeadh a fhios aici ansin a bhfuil ar eolas aici anois.
Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil although Peter makes light of his father's lack of interest in football
" “Agus idir an lá sin agus an lá a fuair m’athair bás, ceithre bliana ina dhiaidh sin, níor chiall sé oiread is cluiche amháin!” Cé go ndéanann Peter spior spear den easpa suime a bhí ag a athair sa pheil nuair a bhí siad níb óige, is léir go bhfuil rian den bhrón ann mar sin féin.
Cé go maítear go minic although it is regularly claimed
" Cé go maítear go minic go bhfuil an tír seo ceannródaíoch maidir le gach gné d'fhorbairt na teicneolaíochta nua-aimseartha, is cosúil go bhfuil na gardaí ag brath fós ar theicneolaíocht na haoise seo caite.
Measaim go bhfuiltear ag léiriú na méine céanna I think the same desire is being shown in the country
" Measaim go bhfuiltear ag léiriú na méine céanna sa tír faoi láthair.
cé go n-aithníonn sé go raibh an locht air féin go príomha, although he recognised that the fault, primarily, lay with him
" Níl cuntas iomlán tugtha ag Myers ar an taifead go dtí seo ar an tslí a ndeachaigh an eachtra i bhfeidhm air agus cé go n-aithníonn sé go raibh an locht air féin go príomha, ní raibh cuid de na nithe a thit amach tar éis fhoilsiú an ailt tuillte aige, dar leis féin.
cé go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta. even though his logic would confuse a person at times
" Easpa loighceIs léir gur fear fíoréirimiúil é Myers, cé go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta.
go díreach cé chomh bríomhar exactly just how lively
" Ach tá míbhuntáistí ann freisin agus tá ráflaí ann go mbíonn fostóirí ag breathnú ar na suíomhanna sin nuair a fhaigheann siad CV chun féachaint go díreach cé chomh bríomhar is atá saol sóisialta daoine atá ag lorg poist.
Cé go ndealraíonn sé although it seems
" Bhí siad ag déanamh an oiread sin gáire go ndearna siad dearmad gur i nGaeilge a bhí sé!”Cé go ndealraíonn sé go n-éiríonn le Fíbín an lucht féachana a shásamh, cuireann sé as do Dharach nach mbíonn an meon céanna ag cuid de na múinteoirí a gcasann sé leo.
go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh that they could do the same thing
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach even though I don't concede that it is essential
" Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga: cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
ní fios dúinn cé mhéid go díreach it is not known have many exactly
" Chomh maith leis sin, níl an oiread sin daoine ann a bhfuil go leor den Ghaeilge acu chun nuachtán laethúil a léamh: ní fios dúinn cé mhéid go díreach ach níl ach 1.
Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, even though there was great demand for their music
" Cé go raibh an-tóir ar a gcuid ceoil, deir sé go raibh sé an-deacair slí bheatha cheart a dhéanamh as a bheith ag seinm leis an ghrúpa.
cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, even though the turf of Ireland is in my blood
" no problem!” * Bheadh sé deacair gan titim i ngrá leis na Malávaigh agus leis an Maláiv, agus cé go bhfuil móin na hÉireann san fhuil agam, tá ithir dhearg na hAfraice go dlúth i mo mheon, i mo chroí agus i m’anam.
Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, Even though it is far away in our minds
" Cé go bhfuil sí i bhfad i gcéin inár n-aigne, níl Manainn ach ar leic an dorais againn i ndáiríre.
Cé go although
" Cé go mbíonn sé i gceist acu cabhair a thabhairt don eán róin, uaireanta, ní bhíonn siad gortaithe ar chor ar bith, agus tá an bhainirseach san fharraige leis an mac ar an trá ag glacadh sosa! Bheadh an bhainirseach an-chrosta le duine ar bith a thiocfadh i ngaobhar dá heán, agus is féidir leo a bheith an-ionsaitheach ar fad má cheapann siad go bhfuil an t-eán i gcontúirt.
Cé go bhfuil an chuma ar an scéal although it appears
" Cé go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil méadú ag teacht an t-am ar fad ar líon na n-eagraíochtaí atá ag iarraidh dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus méadú comhfhreagrach ar líon na bpáipéar dúnghaoise, na mbeartas is na dtionscnamh atá á gcur ar bun, is fadhb í nach éasca a réiteach mar go bhfuil a fréamhacha go domhain in éagóracha struchtúracha atá mar chuid lárnach den saol comhaimseartha.
Cé go raibh rath ar although (NG) was successful
" Is é a thugann siad orthu *‘a human rights group’*, - ar an EDL! Cé go raibh rath ar Nick Griffin, ceannaire an BNP, sa toghchán Eorpach i 2009, theip orthu in gach toghchán, idir áitiúil agus náisiúnta, ó shin agus tá fearg agus mífhoighid orthu mar gheall ar sin, dúirt Paul Jenkins.
Cé go mbíonn tú cumhdaithe although you’re covered
" Cé go mbíonn tú cumhdaithe faoin acht seo, molaimse duit iarraidh ar an ngaráiste nó ar an díoltóir, barántas a thabhairt duit.
Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe although I work as a mountain guide
" Cé go mbím ag obair mar threoraí sléibhe sa Spáinn le comhlachtaí mar Ramblers Holidays, tugaim faoi deara go mbíonn níos mó ‘siúlóirí neamhspleácha’ amuigh ar na cnoic sa tír sin le roinnt bliana anuas.
cé go mba dheas liom altought it was nice for me
" Níorbh é an brabach ba thábhachtaí, cé go mba dheas liom go bhfuil €65 breise sa gciste atá agam le Betfair thar mar a bhí ag tús an tséasúir.
cé go raibh taifead coiriúil aige despite him having a criminal record
" Tháinig Athrú Sheán na Scuab Air ================ Glacadh mar bhall den uasaicme é agus baisteadh an teideal oinigh ‘scuibhéir’ air, cé go raibh taifead coiriúil aige.
Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid although I’ve tried a large amount
" Thit mé i ngrá léi ar an bpointe! Cé go bhfuil triail bainte agam as an-chuid carranna le tamall de bhlianta anuas, tá mé anois den tuairim go bhfuil an Yeti ar cheann de na feithiclí is fearr dar shuigh mé isteach iontu riamh.
cé go n-admhaím although I admit
" B’fhearr liom féin an 4X4, cé go n-admhaím go bhfuil an 2X4 go han-mhaith freisin.
Cé go léiríonn an phobalbhreith although the Red C poll shows
" Cé go léiríonn an phobalbhreith Red C, a foilsíodh ar an 13 Meitheamh, go bhfuil 52% den pobal i bhfábhar fáil réidh le Seanad Éireann, táim den tuairim go dteipfidh ar an reifreann nuair a thiocfaidh lá na vótála sa bhfómhar.
cé go raibh sé deacair i mbliana although it was difficult this year
" ”* Níl Aon Dul Siar ====== Tá Nick Taylor den tuairim nach bhfuil aon bhealach ar ais ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, cé go raibh sé deacair i mbliana leis na hagóidí faoin bhrat an aontais i mBéal Feirste: *“They cost the economy millions.
cé mhéad mac léinn go n-éiríonn leo how many students succeed in
" Táthar ag caint anois ar gach saghas measúnú a thabhairt isteach ar léachtóirí agus ar choláistí agus an rud a mbeinn buartha faoi ná cé mhéad mac léinn go n-éiríonn leo dul ó bhliain amháin go bliain eile agus an chéim a chríochnú.
cé go although
" Mhol siad do Rialtas Éireannach na hÉireann go dtabharfaí vóta dom le caitheamh i dtoghchán na huachtaránachta mar Éireannach agus mar Ghael, cionn is, dar liom, dalta an fhile a d'imigh ar shlí na fírinne an mhí seo caite, "tá mo phas glas" - cé go bhfuil mé i mo chónaí i Leath Choinn.
cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta although there’s more journalistic substance
" Tá Seachtain bunaithe a bheag nó a mhór ar mhúnla Foinse cé go bhfuil níos mó téagair iriseoireachta le sonrú sa chéad cúpla eagrán den nuachtán úr ná mar a bhí ar a réamhtheachta.
cé go bhfuil cúlú geilleagair although there’s an economic downturn
" Is é SsangYong an ceathrú déantóir carranna is mó sa Chóiré Theas agus, cé go bhfuil cúlú geilleagair ag tarlú timpeall na cruinne, tá ag éirí go breá leo féin.
Cé go bhfuil iarracht de ghreann although a touch of the (Monty P.) comedy
" Cé go bhfuil iarracht de ghreann Monty Python ag baint leis an ainm a tugadh ar an Meitheal ar an gcéad dul síos, tá rud éigin dáiríre agus diúltach ag baint leis na beartais atá á moladh maidir le hinimircigh sa Bhreatain, go háirithe iadsan atá ann in aghaidh an dlí.
Cé go bhfuil bearna although there’s a gap
" Cé go bhfuil bearna idir na glúine ó thaobh cumas teangan de, tá Daniellou dóchasach.
Cé go bhfuil sé doirte di although he really likes her
" Cé go bhfuil sé doirte di, ní thig leis sin a dhéanamh.
Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine although a lot of people would
" Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil.
Cé go raibh although there was
" Cé go raibh rúidín den áibhéil ag baint leis na grianghrafanna ar an bhileoig, níl aon amhras ach go raibh pointe láidir déanta ann.
Cé go although
" Cé go maíonn líon beag dearthóirí slachtaíochta gur ealaíontóirí iad, ní hiad an tromlach iad, ná baol air.
go bhfeice mé cé na cáilíochtaí eile till I see what other qualifications
" Fan go bhfeice mé cé na cáilíochtaí eile atá agam… Bhuel, bhí mise ag glanadh tóineanna salacha leanaí sula raibh aon chaint ar Pampers ná Huggies.
cé go raibh díolaíocht despite it having sales of
" Scaoil an Foras an ghaoth amach as an iris sin chomh maith, cé go raibh díolaíocht 2,000 in aghaidh an eagráin ag an iris, níos mó ná Comhar agus Feasta agus an tUltach curtha le chéile.
raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam I had taught a fair amount of youngsters the same style
" Ní raibh mórán eile ag dul dó agus, ar feadh tamaill, déarfainn gur shíl roinnt daoine nach raibh ann ach nach raibh an rince céime tugtha liom i gceart! (gáire) Nuair a chonaic daoine ar ball go raibh gasúir go leor múinte ar an ealaín chéanna agam, thuig siad maith go leor ansin gur aicme ar leith ealaíne a bhí ann mar shean-nós.
Cé go although
" Cé go léiríonn Ignatieff cumha, macántacht agus cúthaileacht fiú agus an míniú á thabhairt, ní léir fé dheireadh an bhfuil freagra iomlán aige le tabhairt dá léitheoirí.
cé go léiríonn na pobalbhreitheanna although the opinion polls show
" Mar a dúirt Jim Hacker, sa tsraith theilifíse ‘*Yes Prime Minister*’, faoi mhuintir a thíre, “*I am their leader; I must follow them!*” Aisteach le rá, cé go léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil formhór mór mhuintir na hAstráile i bhfabhar eotanáis thoilteanach a dhéanamh dleathach, níl rún ag ár bpolaiteoirí dul i ngleic leis an gceist achrannach seo.
cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu although there were problems recently with some of them
" Spéis agat sa Toyota Avensis, ar athláimh? Bhí Daragh Ó Tuama á fhéachaint agus cé go raibh doghrainn ag baint le roinnt acu le gairid, tá sé sásta leis an gcarr seo.