Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic trick their opponents
" Tá sé deacair go leor ag réiteoir súil a choinneáil ar thríocha imreoir atá ag déanamh a seacht míle ndícheall bua a fháil agus bob a bhualadh ar a gcéilí comhraic gan duine éigin eile a bheith ag teacht ar an bpáirc agus a fhoighid a thástáil.
a gcéilí comhraic their oponent
" Barr an chnoic oighir? Go dtí go bhfuil achan duine sásta leithéidí Dubbeljoint a thriail, agus iarracht a dhéanamh spreagadh agus croí a gcéilí comhraic a thuigbheáil, mairfidh an díobháil chogaidh in áit na síochána go ceann tamaill eile.
ar a gcéilí comhraic for their opponents
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
gcéilí comhraic opponents
" Rinneadh ionsaithe ar ghluaisteáin na gcéilí comhraic, ceann ar cheann, scaoil siad urchair lena chéile, péinteáladh “LVF” ar phubanna a raibh baint acu leis an UVF.
céilí spouses
" Smaoinigh ar an cheist seo: cé hiad na daoine is mó a bhfuil cion agat orthu sa domhan seo? Nuair a bheas tú sínte ar leaba an bháis, cé hiad na daoine a mbeidh aiféala ort nár chaith tú níos mó ama leo i rith do shaoil? Gach seans go dtabharfadh an chuid is mó againn na freagraí céanna: tuismitheoirí, clann, deartháireacha agus deirfiúracha, céilí, leathbhádóirí, dlúthchairde.
chéilí comhraic opponents
" Tá idir ábhar cartlainne, agallamh leis an aoi féin agus léirmheasanna ó chéilí comhraic agus ó thráchtairí i ngach clár.
a chéilí comhraic san fhreasúra his opponents in the opposition
" Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra.
lena gcéilí comhraic with their opponents in battle
" A réasúnaíocht: má chuireann arm Mheiriceá Coinbhinsiún na Ginéive ar leataobh agus iad ag déileáil lena gcéilí comhraic, ní chaithfear puinn níos fear leosan má ghabhtar iad i gcath.
buíonta céilí céilí bands
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
i mbuíonta céilí na linne in the céilí bands of the time
" ” Nicholas féin, bhí suim aige sna *showbands* agus sa phopcheol agus é ag éirí aníos ach ba mhó an dúil a bhí aige i mbuíonta céilí na linne agus, ina dhiaidh sin, The Clancy Brothers agus na grúpaí a lean iad.
a gcéilí comhraic their opponents
" An mbeidh 80,000 duine i láthair? Ar éigean é ach is cinnte go mbeidh beagnach chuile dhuine as Baile Locha Riach ann agus seans maith go n-ardóidh siad cúpla véarsa de “The Fields of Athenry”, a gcéilí comhraic i gcraochchluiche an chontae, roimh dheireadh an chluiche! Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
ar chéilí comhraic on opponents
" Ach rud eile a thugas faoi deara freisin ná go raibh a laghad sin den imirt fhisiciúil sa chluiche i 1995 – teagmháil phearsanta, mhífhéaráilte ar nós tarraingt geansaí, greim láimhe ar chéilí comhraic agus úsáid mhídhleathach na gualainne, drochnósanna na peile le bheith macánta faoi, agus nósanna a thug Cill Chainnigh, go bhfóire Dia orainn, thar aon fhoireann eile chun “foirfeachta” i gCraobh na hÉireann in 2006.
céilí nua new spouses
" “Tá mo thuismitheoirí colscartha óna chéile ó bhí mé an-óg agus tá céilí nua acu.
oícheanta den rince céilí céilí dance nights
" Cuireann an eagraíocht náisiúnta agus na clubanna áitiúla ranganna, ceardlanna agus oícheanta den rince céilí – ar a dtugann siad “fíor-chéilithe” – ar fáil do dhaoine fásta ar bhonn rialta.
Ní chuige sin atá an rince céilí that is not what céilí dancing is for
" Ní chuige sin atá an rince céilí, dar le Ní Mhearraí.
gcéilí comhraic opponents
" Bíonn imreoirí ag tabhairt maslaí dá gcéilí comhraic, ag rá rudaí tarcaisneacha lena chéile, ag iarraidh cur as dá chéile i slite gránna, gairgeacha.
céilí comhraic opponents
" An bhfuil focal níos fearr ná “chutzpah” – focal Giúdaise a chiallaíonn “dánacht gan náire” – le hiompar Netanyahu agus a chomhbhádóirí a chur in iúl? In ionad a admháil gurb é Iosrael an t-aon tír amháin sa Mheánoirthear a bhfuil airm eithneacha aige, díríonn lucht Iosrael aird an domhain ar bhagairtí nach ann dóibh óna gcuid céilí comhraic sa taobh sin domhain.
céilí leapa bedfellows
" Bhí an eagla ar iriseoirí ó thuaidh go mbeadh an saol i bhfad níos leadránaí nuair a tháinig deireadh leis na Trioblóidí agus nuair a rinneadh céilí leapa den DUP agus Sinn Féin.
chéilí comhraic opponent
" Ní deacair a mhíniú cén fáth go mbeadh clampar ann: míthuiscint faoi rialacha, easpa taithí ag imreoirí na peile Gaelaí ar an ngreamú a dhéanann lucht na peile Astrálaí ar chéilí comhraic agus an choimhlint ghéar san áireamh.
céilí comhraic opponent
" I measc na dtéamaí a scagann siad tá a leithéidí seo: frustrachas an imreora atá gortaithe; easpa féinsmachta; caint gharbh, ghránna le céilí comhraic; cultúr an ólacháin i measc imreoirí; easaontas le bainisteoirí; frustrachas an imreora nach bhfaigheann deis imeartha in ainneoin a chuid iarrachtaí; imreoirí ag teacht chuig deireadh a dtréimhse imeartha – an ceart imeacht nó fanacht?; íobairtí a dhéanann imreoirí chun a bheith aclaí; taicticí gránna – foréigean, imeaglú, falcaireacht; cur síos ar chluichí, scóranna, eachtraí calaoiseach.
ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad they were determined natural combatants
" B’fhéidir gur áibhéil a rá go mba naimhde iad, ach cinnte ba chéilí comhraic diongbháilte, nádúrtha iad muintir Chiarraí agus muintir Átha Cliath ó na caogaidí i leith.
ar céilí chuici (paid) her a friendly visit
" Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.