Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí a traveller experiences things the stay-at-home doesn't
" Bhí ceo bruithne ann anois agus bhí an ghrian ag gabháil siar agus ba deacair a chreidbheáil go raibh a dhath níos fearr ar chlár na cruinne ná a bheith ar bord loinge agus tú i dtús d'aistir nó, mar a deirtear, "faigheann cos ar siúl rud nach bhfaigheann cos ina cónaí.
Níl mé féin in acmhainn cónaí I can't afford to live
" "Níl mé féin in acmhainn cónaí san áit ar éirigh mé aníos," a deir Guerrera, arbh as Maigh Eo a mháthair sular shocraigh sí síos leis an teaghlach i Rockland County.
cónaí buan permanent living
" Dá bharr seo is líonmhaire i bhfad na tithe saoire i mbailte fearainn áirithe ná na tithe a bhfuil cónaí buan iontu i rith na bliana.
nach raibh duine nó deoraí ina chónaí sa tír, that there wasn't a soul living in the country,
" Cé go ndúirt na fir gheala nach raibh duine nó deoraí ina chónaí sa tír, ar ndóigh ní raibh sé sin fíor in aon chor.
a raibh cónaí air who lived
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
Bhí mé i mo chónaí ansin I lived there
" Bhí mé i mo chónaí ansin sa bhliain 1998 in Tampere, atá suite 100 míle ó Heilsincí.
le cónaí iontu. to live in
" Choinnigh sé gach taisce a bhailigh sé, nó a cheannaigh sé, ina theach cúig-urlár ar East 33 Street i Nua-Eabhrac, agus líon sé gach seomra le hearraí go dtí nach raibh spás ar bith fágtha aige ach amháin dhá sheomra dó féin le cónaí iontu.
áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala. places where white people lived.
" Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala.
rinneadar cónaí they stood still
" B'iad seo fathaigh thionscal na gcarr tráth, ach rinneadar cónaí le fiche bliana anuas a fhad is a bhí na comhlachtaí eile as an Eoraip agus as an Áis ag breith orthu.
cónaí buan permanent home
" Níl iompar ardnósach ceadaithe anseo Fiú go fóill, níl ach céad amach as ceithre chéad de na ‘haonaid’ sa *Chelsea* ar fáil fá choinne gnáth-thurasóirí agus an chuid eile in úsáid le haghaidh cónaí buan.
chónaigh lived
" Chreidtí sa tSín i Chang O, bandia na gealaí a chónaigh in áras ansin.
cónaí orm I live
" Ag féachaint siar ar bhillí aibhléise don tréimhse Meitheamh 2008/2009 don árasán ina bhfuil cónaí orm féin anseo sa Fhrainc agus don teach ina raibh mo mhac agus triúr eile ag cur fúthu i mBaile Átha Cliath, is féidir liom comórtas éigin a dhéanamh idir chostas an dá thír.
bhí cónaí ar lived
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
gan chónaí uninhabited
" Tá teach mo shin-sheanmháthar againn agus seanteach a bhí ann agus bhíodh caonach ann, bhí sé fliuch agus fuar, tá a fhios agat, teach saoire gan chónaí, ach leagadh anuraidh é agus thóg muid teach úrnua agus tá sé go hiontach.
cónaí orthu they live
" D'fhan muintir Mandelbrot ann le linn an chogaidh, agus cónaí orthu i Tulle, baile beag i lár na tíre.
in ann cónaí able to live
" An bhfuil aiféala nach bhfuilir in ann cónaí in áit chomh hálainn le do cheantar féin, Corca Dhuibhne?** SÓhU: Ar ndóigh, is álainn ar fad é an ceantar, Corca Dhuibhne, ach caithfidh duine a bheith in áit a bhfuil do chuid oibre, áit ina bhfuil obair le déanamh.
cónaí ar residence
" “Sa tír seo, is í an riail go mbíonn cónaí ar dhaoine in áiteanna contúirteacha agus ní hé an eisceacht é,” a dúirt uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, cúpla lá tar éis na tubaiste.
chónaí living
" Tá sé curtha in uaigh na mbochtán sa reilig i Walton, áit a bhfuil mé fein i mo chónaí.
tá cónaí orm I live
" Do mo chairde agus do mo mhuintir go léir in Éirinn, tá cónaí orm in Sopranoland, ó tá cónaí orainn i Nua-Gheirsí.
a bhfuil cónaí orthu who live
" Áirítear 35,000 míle duine ina measc sna 26 Contae agus tá os cionn 7,000 duine a bhfuil cónaí orthu sna Sé Contae.
Níl cónaí ná áitreabh ann there’s neither abode nor habitation there
" Níl cónaí ná áitreabh ann, ach seanchosáin a chleacht na Breatnaigh ar feadh na gcianta, brácaí lucht siúil, agus nead na bhfiach.
Tá cónaí fós people still live
" Tá cónaí fós sna seantithe ceann tuí ann.
chónaí i measc coimhthíoch to live amongst strangers
" Téann siad a chónaí i measc coimhthíoch, in áit nach dtuigeann siad teanga na ndaoine.
aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh any youngster who lived within
" ) Níl sé chomh fada sin ó bhíodh riail ann nach n-íocfaí deontas na mban tí as aon ghasúr a raibh cónaí air laistigh de theorainneacha oifigiúla na Gaeltachta.
fianaise ar chónaí dleathach riachtanach evidence of legal residence necessary
" Féadfaidh na hiarratasóirí a n-éireoidh leo cur isteach ar cheadúnas tiomána, ar dheontais oideachais agus ar phoist nárbh fhéidir leo cur isteach orthu roimhe seo mar go raibh fianaise ar chónaí dleathach riachtanach.
bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh they live in a battle zone
" " Tá sé de rún ag lucht na ngunnaí cur ina luí ar dhaoine go bhfuil cónaí orthu i gCrios Cogaidh agus go gcaithfidh siad a bheith réitithe dó.
a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird who lives in the area
" I bhfocail eile, ní gá go dtabharfadh freastal ar bhunscoil lán-Ghaelach buntáiste iontrála do dhalta le hais an té a d'fhreastail ar bhunscoil Bhéarla ach a bhfuil cónaí air sa cheantar máguaird.
mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith because they don’t live within a certain distance
" An bhfuil an baol ann mar sin nach gceadófar do pháistí leanstan lena gcuid scolaíochta lán-Ghaeilge mar nach bhfuil cónaí orthu laistigh d’achar faoi leith? Dealraítear go gcuirfear deireadh fosta leis an riail go dtugtar tús áite do pháistí iarscoláirí na nGaelcholáistí sa chóras iontrála.
ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta living in a small out of the way village
" Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.
is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu no matter what side of the border they lived
" Vóta a Thabhairt do Gach Saoránach ================ Ní theastódh ach Bille a chur tríd an Oireachtas leis an vóta a thabhairt do gach saoránach fásta i roghnú an tSeanaid, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil cónaí orthu nó cén tír ar domhan a bhfuil siad lonnaithe ann.
gan cónaí déanta ag ceachtar acu neither of them having lived
" Céard is teanga dhúchais ann más ea? Fear óg a rugadh sa mBreatain Bheag, mac le Gaeilgeoir nach de chuid na hÉireann é, agus gan cónaí déanta ag ceachtar acu in Éirinn riamh: nach cuid dá ndúchas san atá i dteanga Chéitinn agus Aogáin Uí Rathaille ach oiread le beirt ar bith as Dún Chaoin nó as Oileán Thoraí? Is ea, sa saol atá i ndán, sílim.
a raibh sé ina chónaí ina measc withwhom he was living
" Le linn réimeas Idi Amin, díbríodh muintir na hÁise ón tír i 1972 agus fuair sé dídean anseo ó thuaidh agus ghlac sé go fonnmhar le cleachtais an phobail Phrotastúnaigh a raibh sé ina chónaí ina measc agus a raibh sé buíoch beannachtach de.