Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúilín point
" Chaill Áth Cliath an chraobh sin le cúilín amháin.
Trí chúilín three points
" Coláistí Átha Cliath a chuaigh chun cinn ar dtús le Trí chúilín bhreátha ach níor ghéill muintir Chill Chainnigh agus faoi leathama ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne.
nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach when DJ Carey scored a great point
" Ba chuma faoi sin, mar nuair a d'aimsigh DJ Carey cúilín iontach i bhfad amach ar an gcliathán deas, tar éis dó dul thar beirt Chláiríneach agus an sliotar a smachtú ar a chamán amhail is dá mbeadh sé ina ghairdín féin ar chúl an tí, b'éigean dom seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt dó faoi mar a rinne na mílte eile.
cúilín amháin one point
" D'éirigh leo Craobh na Sraithe Náisiúnta a bhuachaint i gcoinne na Gaillimhe ach bhuaigh Corcaigh orthu le cúilín amháin sa chraobhchomórtas.
cúilín point
" I 1983 bhí siad ina neasóirí sa tSraith Náisiúnta agus i 1984, Bliain an Chéid, bhuadar an tSraith Náisiúnta ach bhuaigh Corcaigh orthu sa Chraobhchomórtas le cúilín amháin.
trí chúilín three points
" Ar dtús rinne lucht leanúna Uíbh Fháilí (bhí an Clár chun tosaigh le trí chúilín) agóid láithreach tré dhul amach ar an bpáirc, suí síos i lár na páirce agus cluiche eile a bhí le himirt díreach tar éis an chinn a bhí thart a stopadh.
aon chúilín chun tosaigh one point ahead
" Ghlacadar le gach ar chaith Corcaigh ina dtreo maidir le scil, croí agus paisean agus, in ainneoin go ndeachaigh na Corcaígh aon chúilín chun tosaigh, choinnigh báireoirí chois Feoire guaim orthu féin agus d'aimsíodar cúl cinniúnach in éadan threo na himeartha chun forlámhas a fháil in athuair ar a gcéile comhraic.
cúilín breise an extra point
" Is túisce a bhronnfainn an cúilín breise ar an imreoir a aimsíonn an scór faoi na cúinsí sin ná i gcás poc saor ón talamh.
le farasbarr cúilín amháin with one point to spare
" Bhuaigh Cill Mochuda, Na Crócaigh an cluiche úd le farasbarr cúilín amháin agus bhí baint mhór ag Mark leis an mbua a bhaint amach.
a chailltí le cúilín nó dhó which would be lost by a point or two
" Ní déarfainn riamh nach bhféadfainn níos mó a dhéanamh nó go ndearna mé gach rud i gceart, go mór mór i gcás cluiche a chailltí le cúilín nó dhó.
cúilín a point
" Aisteach go leor, an t-aon scór a fuair Dónal ná cúilín, a bhuíochas do bhotún an-simplí a rinne Seán Óg agus poc sleasa á thógáil aige.
i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait within a few points of the Cats
" Ní den chéad uair, choinnigh pocanna fada saora Sheáinín Mhic Mhathúna na Cláirínigh i bhfoisceacht cúpla cúilín do na Cait, ach níor leor sin agus Annraoi Siobhláin i mbarr a réime agus a chumais agus é ina rí ar Pháirc an Chrócaigh.
tar éis cúilín, after a point,
" Nach dtuigeann an stiúrthóir go leanann an cluiche ar aghaidh go tapa de ghnáth tar éis cúilín, go háirithe san iomáint? Tharla sé go minic agus cluiche ceannais choláistí na hÉireann á chraoladh le déanaí.
Lean cúilín cúilín eile points after point followed
" Lean cúilín cúilín eile agus ar deireadh bhí bua cuimsitheach ag peileadóirí Átha Cliath ar Chiarraí den dara bliain as a chéile.
chúilín points
" Ní raibh ach dhá chúilín idir na foirne, Cill Chainnigh chun tosaigh ar éigean.
aon chúilín déag 11 points
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
chúilín points
" Ag tíocht ag deireadh an chluiche, bhí Corcaigh dhá chúilín chun deiridh, nuair a fuair Christy Ring an sliotar ina láimh agus chuaigh sé ar ruathar i dtreo cúl Thiobrad Árann, caipín ar a cheann.
cúilín a point
" Gan ach nóiméad fágtha, bhí Lú chun cinn le cúilín agus é tuillte go maith acu.
gcúilín points
" Chuaigh sé rite mar sin le hiománaithe Chois Fharraige scóranna a fháil sa chéad leath sin agus dá bhrí sin bhí fir na hAlban chun tosaigh ag leath ama leis an scór seacht gcúilín i gcoinne a trí.
chúilín point(s)
" Sa chéad ghrianghraf tá Dan agus Justin Mac Cárthaigh, bainisteoir na foirne, ag comóradh a mbua ar Luimneach i gcluiche ceannais na Mumhan in 2007, cluiche inar aimsigh Ó Seanacháin trí chúl agus trí chúilín agus a chinntigh go bhfaigheadh sé gradam Iománaí na Bliana ina dhiaidh sin.
Cúilín a point
" Cúilín amháin aimsithe tar éis deich nóiméad - ábhar imní é sin dúinne ar an taobhlíne.
naoi gcúilín nine points
" Nuair nach scórálann foireann ach naoi gcúilín i gcluiche iománaíochta, cuma cé tá ina gcoinne, is dona an lá é.
Chúilín na hÉireann of Ireland’s Ponytail
" Níl Balor róthugtha don dóigh a scríobhann daoine aon rud is rogha leo ar mheirge ár Maorgachta, ar bhratach ár Soilse, Banríon na Breataine Móire agus Chúilín na hÉireann.