Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chúiseamh prosecute
" Is iad na cúisitheoirí a dhéanann an cinneadh cé ba cheart a chúiseamh, cad iad na coireanna ar cheart iad a chúiseamh astu agus cé chomh dian is ba cheart don phionós a bheith.
cúiseamh accusation
" cúiseamh náireach scannalach is ea é nach bhfuil bun nó barr leis.
cúiseamh charge
" Ciontaíodh an Bráthair Maurice Tobin, fear 71 bliain d'aois arbh as an mBaile Mistéileach i gCo Chorcaí ó dhúchas é, as 23 cúiseamh a bhain le hionsaithe mígheanasacha ar bhuachaillí óga sa scoil idir 1959 agus 1974.
duine a chúiseamh as mionchoireanna to charge someone with minor crimes
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
duine a chúiseamh as mionchoireanna to charge someone with minor crimes
" De réir dlí, cé gur féidir leis an Gharda Síochána duine a chúiseamh as mionchoireanna, caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon mhórchúis ar nós dúnorgana a cheadú.
ba cheart é a chúiseamh he should be charged
" Is cinnte go bhfuil ceisteanna go leor le freagairt ag Connolly agus má tá dóthain fianaise ann gur bhris sé an dlí ba cheart é a chúiseamh.
á chúiseamh being prosecuted
" Ansin i 1994, le linn don Athair Brendan Smyth a bheith á chúiseamh i gcúirt i mBéal Feirste, tháinig fianaise chun solais a léirigh go raibh údaráis na heaglaise ní ba bhuartha faoi a chinntiú nach dtarraingeofaí droch-chlú ar an institiúid ná mar a bhíodar faoi pháistí na tíre a chosaint ar bhithiúnach ar nós Smyth.
iad a chúiseamh to charge them
" Aistríodh ceithre amhrasach déag ó phríosúin rúnda timpeall an domhain go campa géibhinn Chuan Guantánamo le déanaí, agus beart ag réimeas Bush iad a chúiseamh roimh na toghcháin lár téarma ar an 7 Samhain.
cúiseamh charge
" Thóg an PSNI fear darbh ainm Darren Richardson, 30, agus chuir ballraíocht sa UVF ina leith chomh maith le cúiseamh go raibh “doiciméid a d’fheadfadh bheith úsáideach do sceimhlitheoirí” ina sheilbh aige.
i leith chúiseamh éagórach in regard to the wrongful charge
" Cháin Binse Fiosraithe Barr agus coimisiún imscrúdúcháin a bhí faoi chúram George Bermingham iompar na ngardaí i leith mharú John Carthy i Mainistir Leathrátha, agus i leith chúiseamh éagórach Dean Lyons, andúileach drugaí ar cuireadh ina leith gur dhúnmharaigh sé beirt bhan i gcóiríocht do dhaoine éislinneacha i nGráinseach Ghormáin sa bhliain 1997.
chun é a chúiseamh. to prosecute him.
" Chuir sé i leith na ngardaí go raibh siad ag scaipeadh scéalta mailíseacha faoi sna meáin chumarsáide cionn is nach raibh dóthain fianaise acu chun é a chúiseamh.
chúiseamh litigation
" Dá bhfógrófaí paindéim sna SAM i mbliana, tá slánaíocht ó chúiseamh dlí faighte ag na comhlachtaí cógaisíochta a bhuíochas do rialtas Bush.
Cúiseamh accusation
" Cúiseamh ===== Gan amhras, tá na daoine ar scaoileadh a gcuid rún ar Wikileaks ag iarraidh stop a chur leis seo, agus níl ann sna Meiriceánaigh ach an dream is déanaí.
cúiseamh a charge
" "* B’fhéidir anois go mbeidh cúiseamh dúnorgana in aghaidh PC Harwood.
thógfar na cúisimh charges are brought
" Tuigfidh lucht tógtha na ladrann faoi cheann roinnt blianta, áfach, nuair a thógfar na cúisimh éagsúla chun tosaigh ina n-éadan i gcúirteanna SAM féin, an milleadh agus an scrios a rinne siad in áiteanna ar fud an domhain mar a bhfuil cosmhuintir Mhuslamach beo bocht, cosmhuintir ar neamhní lena gcuid rialtas féin iad cuid mhaith.
faoi Chúiseamh being charged
" ”* Duine le Dia ina Dhuine faoi Chúiseamh ================= Ar an lá céanna ag preasócáid i Halla na Cathrach, chuir Méara Bloomberg agus Coimisinéir Kelly i leith Ahmed Ferhani agus Mohamed Mamdouh go raibh sé beartaithe acu *“to blow up the largest synagogue in Manhattan and to kill as many Jews as possible.
gan a chúiseamh without charging him
" Níor ghabh na póilíní ach dílseoir amháin ar an lá: fear 46 bliana d'aois agus scaoileadh saor é gan a chúiseamh an lá céanna.
le cúiseamh tiomána with a driving charge
" Mar thoradh ar cheann de na dúshláin seo ní dheachaigh an stát chun cinn le cúiseamh tiomána in éadan duine de na gearánaithe.
chuile chúiseamh ina leith every charge against her
" Shéan Tymoshenko chuile chúiseamh ina leith, agus í mar aon le baill dá páirtí “Batkivshchyna” (athartha) go neamhbhalbh den tuairim nach bhfuil ar bun ag an Uachtaráin Yanukovich ach feachtas chun deireadh a chur leis an bhfreasúra polaitiúil roimh an toghchán parlaiminte san fhómhar.
Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne the old habit of artistic accusation
" Sean-nós Chúiseamh na hEalaíne ============= Is seanchleachtadh le fada i measc ealaíontóirí agus ceoltóirí a gceird a úsáid chun aird a tharraing ar éagóir agus ar mhí-úsáid údaráis ar nós *‘Anarchy in the UK’* leis na Sexpistols agus *‘Blowin’ in the wind’* le Bob Dylan, *‘A change is gonna come’*, le Sam Cooke agus ‘O, Mo Bheirt Phailistíneach’ le Michael Davitt.
Chas Rossa an cúiseamh trom R. turned the serious charge
" ) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.
Cliseadh an Chúisimh the collapse of the prosecution case
" Cliseadh an Chúisimh ========= Thug an breitheamh, Dean Mildren, treoracha soiléire don choiste i dtaca le hinchreidteacht – nó easpa inchreidteachta - an phríomhfhinné, Mc Laughlin.
bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin the charging was of one aim
" Drámaíocht a bhí sa chúiseamh d’aon aidhm amháin, dar leis an teoiric sin, le dearcadh an phobail a mhúnlú.