Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhí athrach scéil ag na cailíní the girls had another story
" Déarfadh duine gur rúplach mná a bhí inti ach bhí athrach scéil ag na cailíní.
braitheann tú uait na cailíní uaireanta you sometimes miss the girls
" Ag an am céanna, braitheann tú uait na cailíní uaireanta!” Cé go mbraitheann sí go raibh go leor den taisteal go dtí seo dian, thaitin an sciuird a thug Danú ar an Ind anuraidh go mór léi.
cailíní ar bheagán éadaí scantily dressed girls
" I halla ollmhór ar dheis bhí comórtas *Poker* ar siúl, na céadta imreoir ina suí go ciúin chun boird, cailíní ar bheagán éadaí (na "Borgata Babes") ag siúl timpeall ina measc le tráidirí beorach agus fuisce.
tá na cailíní níos líonmhaire there are more of the girls
" Is fearr liomsa an rac-cheol fosta, ach tá na cailíní níos líonmhaire - ní fada go mbíonn *Bleeding Love* Lewis nó caoineadh Kelly fud fad an chairr.
líon mór cailíní a lot of girls
" Chonaic mé líon mór cailíní i mo rang féin ar an meánscoil ag cloí le haistí dochta bia is dá bhfolach féin i slaodanna smididh, d’fhonn a bheith chomh caol le gáinne is chomh dóighiúil le bandéithe an phreasa.
cailíní díomhana single girls
" Nuair a dúras le mo dheirfiúr i nGaillimh go rabhamar le dul go Baltimore, d'fhreagair sí "seachain na cailíní díomhana!" De réir dealraimh, níl stopadh leo i mBaltimore, más fíor do *‘He's Just Not That Into You’*.
is mná agus cailíní iad a bhformhór mór the great majority are women and girls
" Ar na milliúin duine arb íospartaigh ar an drochobair choitianta seo iad, is mná agus cailíní iad a bhformhór mór.
na cailíní freastail the shop workers
" Ach taobh thiar de na haoibheanna gáire agus daoine ag síneadh cártaí creidmheasa agus nótaí airgid a fhad leis na cailíní freastail - airgead a bhéarfaidh a oiread pléisiúir do scairshealbhóirí Boots, Argos, M&S agus a bhéarfaidh sé do lucht faighte na mbronntanas - beidh imní ar go leor daoine, leimíní airgeadais ag tarraingt ar an aill.
cailíní ach go háirithe girls particularly
" Feictear dom nach mbíonn sí róbhuartha faoina ‘híomhá’, íomhá shamhailteach úd na linne a chuireann as do go leor daoine óga, cailíní ach go háirithe.