Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go caithréimeach triumphantly
" Imithe isteach go dtí Baile Mór na Gaillimhe, san áit a raibh soilse ceiliúrtha na Mílaoise ag pléascadh go caithréimeach in ard na spéire a bhí cuid de na daoine.
gceannteideal caithréimeach triumphant headline
" Faoin gceannteideal caithréimeach "We are all Iraqis now", scríobh Shukrallah faoin athrú meoin a tharla san Éigipt nuair a thuig daoine nach cogadh cúig lá a bheadh ann, agus go raibh muintir na hIaráice ag troid go calma i gcoinne lucht an ionraidh.
chaithréimeach triumphant
" D'imir a athair le foireann chaithréimeach na n*Dubs* sna 1970í agus bhuaigh sé trí bhonn Uile Éireann, móide boinn Laighean agus boinn sraithe náisiúnta, in achar sé bliana.
caithréimeach triumphant
" Theastaigh ón gclub ab fhearr sa tír sin ag an am - Nottingham Forest, faoina mbainisteoir caithréimeach Brian Clough - go gcláródh Mac Uí Ailín leo ach chinn sé ar fhanacht sa mbaile.
á ardú go caithréimeach being raised triumphantly
" Tá lucht leanta na hiomána i mBaile Átha Cliath ag tnúth agus ag súil leis an lá le fada go bhfeicfidh siad Craobh Iomána na hÉireann gnóite ag foireann na hardchathrach agus Corn Liam Mhic Cárthaigh á ardú go caithréimeach ag captaen na *Dubs*.
go mórtasach agus go caithréimeach proudly and triumphantly
" Maíonn siad siúd go mórtasach agus go caithréimeach go dtí an lá atá inniu ann gur ó Fhear Dia Mac an Ali a d’fhoghlaim iad a stalcacht agus a stuacacht agus a stollaireacht.
go caithréimeach triumphantly
" Is deacair a chreidiúint go bhfuil dhá bhliain déag imithe ó d’ardaigh Antaine Ó Dálaigh Corn Mhic Cárthaigh go caithréimeach os comhair slua mhóir, ríméadaigh de mhuintir an Chláir i bPáirc an Chrócaigh.
críoch chaithréimeach triumphant ending
" Cé go raibh críoch chaithréimeach leis an scannán *Mise Éire *a tháinig amach dhá bhliain roimhe sin, ní hamhlaidh do *Saoirse?* An chúis atá leis sin ná go gcuimsíonn sé tréimhse inar tharla ní hamháin Cogadh na nDubhchrónach, an sos cogaidh, an Conradh, bunú an tSaorstáit agus córas rialtais Stormont ach ar ndóigh mórthubaiste an Chogaidh Chathartha freisin.
go caithréimeach triumphantly
" Ba go caithréimeach a fógraíodh don domhan mór ar chasadh na bliana 2007 gur crochadh Saddam Hussein, duine de na ceannairí ba bhrúidiúla san fhichiú haois.
go caithréimeach triumphantly
" Ba go caithréimeach a chuir Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (FAÉ) fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Eorpaigh cosc iomlán a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl le gairid.
go caithréimeach triumphanty
" Mhol cuid mhór daoine a chrógacht agus dhealraigh sé gur glacadh leis go forleathan nár chóir a imeacht a cheiliúradh go caithréimeach an lá áirithe sin.
go caithréimeach victoriously
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
caithréimeach victorious
" Tá cur amach againn go léir ar an anord fuilteach atá faoi réim san Iaráic ó chuir fórsaí an Domhain Thiar deireadh caithréimeach le riail Shaddam Hussein i 2003.
go caithréimeach victoriously
" Agus tharla i dtrátha an ama sin gur éirigh fear fionn fiata ón áit a raibh sé ina shuí go leithscéalach le fada ar a thóin thanaí thinneallach i gContae Mhaigh Eo agus d’éirigh sé go fuadrach agus go trodach gur sheas sé go caithréimeach i lár mhachaire Mhaigh Eo.
chaithréimeach triumphant
" Ball lárnach ar fhoireann chaithréimeach Leeds United ab ea é ar feadh dhá bhliain déag.
a bealach caithréimeach its triumphant journey
" Níor chuir aon rud eagla uirthi, agus bhí cumhacht na hintinne chomh mór go bhfaca an lucht féachana a cuid drámaí mar a shamhlaigh sí iad, agus ba í an léiritheoir drámaí ba rathúla ag an am í, sular thosaigh Amharclann na Mainistreach amach ar a bealach caithréimeach.
caithréimeach triumphant
" Tá údar ag an Lucht Oibre a bheith caithréimeach na laethanta seo.
ag maíomh go caithréimeach faoi exclaiming victoriously about
" Níor ghlac an tAire Oideachais Ruairí Quinn leis an cháineadh seo agus é ag maíomh go caithréimeach faoi thorthaí an scrúdú Ghaeilge anuraidh.
ar fud an domhain go caithréimeach victoriously across the globe
" Scaipfeadh an córas a raibh an lá aige ar fud an domhain go caithréimeach.