Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
calaoiseach fradulent
" Tá na Daonlathaigh ag cur i leith na bPoblachtánach go bhfuil imeaglú á dhéanamh acu ar vótóirí agus go bhfuil siad ag déanamh iarrachta an ceart vótála a bhaint de dhaoine eile, agus tá na Poblachtánaigh ag cur i leith na nDaonlathach go bhfuil go leor de na hiarratais chláraithe vótóirí lochtach nó calaoiseach.
calaoiseacha “neamhurcóideacha” 'harmless' fouls
" Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
calaoiseach deceitful
" Ach mar iriseoir atá fós ag obair, creidim go diongbháilte go n-insíonn rialtais bréaga agus tá siad calaoiseach i bhfad níos mó ná mar a thiocfadh leo a bheith nó a ligfí dóibh a bheith fiche no tríocha bliain ó shin.
intleacht chalaoiseach deceitful intellect
" Ní raibh riamh aon dabht ach go raibh an bheirt acu rannpháirteach sa chaimiléireacht seo, ach ba í sárintleacht chalaoiseach Myatt a bhí taobh thiar den chomhcheilg.
chalaoisí fouls
" Chaithfeadh sin tarlú agus a bhfuil de cheamaraí ar fud na háite, gan trácht ar athfhéachaint ar an toirt ar scóranna, chalaoisí agus ar imeachtaí eile na hócáide.
díslí calaoiseacha loaded dice
" Is é an meafar is coitianta a mbaintear feidhm as chun cur síos a dhéanamh ar an staid seo ná na “díslí calaoiseacha”.
a lán calaoisí a lot of fouling
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
eachtraí calaoiseach fouling incidents
" I measc na dtéamaí a scagann siad tá a leithéidí seo: frustrachas an imreora atá gortaithe; easpa féinsmachta; caint gharbh, ghránna le céilí comhraic; cultúr an ólacháin i measc imreoirí; easaontas le bainisteoirí; frustrachas an imreora nach bhfaigheann deis imeartha in ainneoin a chuid iarrachtaí; imreoirí ag teacht chuig deireadh a dtréimhse imeartha – an ceart imeacht nó fanacht?; íobairtí a dhéanann imreoirí chun a bheith aclaí; taicticí gránna – foréigean, imeaglú, falcaireacht; cur síos ar chluichí, scóranna, eachtraí calaoiseach.