Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cuireadh canadh an invitation to sing
" " An bhliain chéanna sin, 1997, fuair sí cuireadh canadh ag an Irish Fest i Milwaukee Mheiriceá, cuireadh ar ghlac sí leis go fonnmhar.
ag canadh amhrán seicteach singing sectarian songs
" Dhá lá ina dhiaidh sin, rinneadh an t-abhcóide conspóideach (agus leaschathaoirleach Rangers), Donald Findlay, a thaifeadadh ag canadh amhrán seicteach ag cóisir.
ag canadh iomann singing hymns
" Thaistil Nicholson ar fud na tuaithe i gcóta geal ina raibh spotaí polca agus boinéad veilbhit, ag canadh iomann agus ag léamh ón Bhíobla.
ag canadh i mo theannta singing along with me
" Tá an tuiscint sin aga baile don cheol; is breá liom bheith in ann an ceol a thabhairt do dhaoine nach bhfuil sé cloiste acu cheana féin ach bainim an oiread céanna pléisiúir as bheith ag féachaint ar lucht éisteachta a bhfuil na focail ar eolas acu agus iad ag canadh i mo theannta.
go mbínn ag canadh i gcónaí that I used to always be singing
" Dúirt mo mháthair go mbínn ag canadh i gcónaí nuair a bhíos i mo pháiste agus go mbíodh amhráin á gcumadh agam an t-am ar fad.
ag canadh amhráin a chum sé don ócáid. singing a song she wrote for the occasion.
" Theo Weber ag treorú shruth na hócáide; a mhac Aonghus ag léamh giota as fógra báis a scríobhadh faoi Phádraig; deartháir Phádraig ag léamh sleachta as scéal eachtraíochta a scríobh Pádraig nuair a bhí sé sna déaga; fear céile Nuala (iníon Theo) ó Mheicsiceo ag seinnt giotáir agus ag canadh amhráin a chum sé don ócáid.
ag canadh go binn. singing sweetly.
" *Good God*, tá sí ag canadh go binn.
ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban. singing the classical ballads of Scotland.
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
ag canadh léi singing away
" Ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt suas ach ní bheinn ábalta é a dhéanamh anois!” Deir sí go raibh éad uirthi le Tríona agus Mícheál nuair a bhí siadsan sa Bothy Band ach deir sí fosta gur dóigh léi gur fhorbair sí mar amhránaí ó bheith ag canadh léi féin i gclubanna i mBaile Átha Cliath mar an Tradition Club agus i gcinn eile ar fud na tíre.
níl fonn dá laghad air canadh. he doesn't in the least bit feel like singing.
" Briseann a ghuth gach re líne – níl fonn dá laghad air canadh.
a canadh é i Maoiris amháin. that it was sung in Maori only.
" B'ag cluiche a d’imir na All Blacks i gcoinne na Sasanach le linn Chorn Domhanda an Rugbaí i 1999 a canadh é i Maoiris amháin.
ach bhíos i lár baill ag canadh leo, but I was in the middle of it singing with them,
" Shílfeá go seasfainnse ar leataobh ag breathnú ar an radharc seo go searbhasach – ach bhíos i lár baill ag canadh leo, gan de cheangal agam féin leis an ollscoil ach gur chaith mé seimeastar ag teagasc inti! Éirí na n-íochtaránThosaigh an séasúr i mbliana le dhá dhroch-thuairt d'ollscoileanna móra.
ag canadh signing
" Ní bheidh ceol orgáin le cloisteáil i rith an tsearmanais, ach oiread, ach ceol ó bhosca pianó Willie féin, agus é ag canadh “*What A Friend You Have In Willie”*.
gur bhreá léi canadh liom. that she would love to sing with me
" Bhuaileas léi blianta sula ndearnamar an taifeadadh agus dúirt sí ansin gur bhreá léi canadh liom.
ag canadh an tseanamhráin chéanna. singing the same old song
" Gan oideachas cuimsitheach ceoil a bheith curtha ar fáil, leanfaidh an tsochaí ar aghaidh ag canadh an tseanamhráin chéanna.
ag canadh le chéile singing together
" Bhí muid go hiontach ag canadh le chéile ach ní shílim go bhfuil sé sin le cloisteáil ar an taifeadadh.
ag canadh a n-amhráin cháiliúil, singing their famous song
" Tá gearrthóg ar fáil ar YouTube ina dtaispeántar Scullion ag canadh a n-amhráin cháiliúil, “Carol”.
canadh singing
" An t-aon rud is féidir liom a rá libh mar gheall ar sin, go mbeimid ag cur rud éigin le chéile, na moltóirí, mé féin ina measc, ag rince nó ag canadh.
chait ag canadh singing cats
" Bhí íonadh orm nuair a chuala mé an tseachtain seo chaite go raibh *YouTube* ag comóradh cúig bliana ar an bhfód, fód an idirlín! Bhí ionadh orm toisc nach cuimhin liom, roimh *YouTube*, cén áit a bhfuair mé físeanna de chait ag canadh is cailíní beaga ag déanamh aithris ar *Beyoncé* nó ataispeáint de radharc as *Return of the Jedi*, fráma ar fráma, déanta le *Lego*.
canadh singing
" Fáiltíodh go mór romhainn sa sráidbhaile a bhí oscailte do na turasóirí agus rinneadh damhsa agus canadh traidisiúnta ar ár son.
canadh singing
" Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
ag canadh singing
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
ag canadh is ag glaoch singing and shouting
" I ndeireadh na n-aitheasc, bíonn gach éinne, an té is díchreideamhaí ina measc fiú amháin, ina seasamh le chéile ag canadh is ag glaoch.
an slua ag canadh the crowd singing
" Bhí neart póilíní ar dualgas ann, póilíní capaill san áireamh, agus bhí siad míshásta nuair a thosaigh an slua ag canadh faoi ‘pá na ragoibre’ - tagairt don mhéid airgid a rinne na póilíní i rith stailc na mianadóirí 1984-5 agus don fhrithdhúnadh i nduganna Learphoill 1995-1998.
agus í ag canadh of her singing
" Amhráin Adele ===== Ceithre mhí i ndiaidh di a céim a bhaint, chroch a cara físeán di suas ar an suíomh idirlín ‘*MySpace*’ agus í ag canadh.
ag canadh in éineacht leis an cheol singing along the music
" Ní hamháin sin ach mhol sé an fheidhm a bhaineadh sé as a theanga dhúcháis, an Ghaeilge ar ndóigh, agus é ag canadh in éineacht leis an cheol: “Tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil tóir an cheoil ort mar chláirseoir Éireannach.
ag canadh an ghligín fógraíochta singing the ad(vertisement) jingle
" *’ Chuir muid fúinn san Astráil thiar sa bhliain 1972 agus ní raibh muid ach gearrthamall sa tír nuair a chuala mé ár ngearrchailí ag canadh an ghligín fógraíochta thuas.
ag canadh léi singing away
" Ní raibh Maighread Ní Dhomhnaill ach ina cailín óg scoile nuair a ghlac sí páirt i dtaifeadadh albam Skara Brae i 1971, albam a áirítear ar cheann de na cinn is fearr a eisíodh i nGaeilge riamh, agus tá sí ag canadh léi ó shin i leith.