Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caomhnóirí an chreidimh keepers of the faith
" Dá bhrí sin, is é mo thuairim féin go láidir gurb iad an dá chontae úd, sean-naimhde traidisiúnta na hiomána agus caomhnóirí an chreidimh, a bheas san iomaíocht ar an dara Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo chugainn agus gur ag fir Chill Chainnigh a bheas an bua ar an lá sin.
chaomhnóir guardian
" Gach seans nach mairfeadh Hatch murach seoltóir ón Bhreatain darbh ainm Jack Corbett, a bhí mar chaomhnóir agus mar mheantóir ag Hatch.
caomhnóirí preservationists
" Tá go leor conspóide ag baint leis na bóithre nua ar fad atá á dtógáil in Éirinn, toisc go ndeir roinnt caomhnóirí go bhfuil damáiste á dhéanamh ag na bóithre seo d'oidhreacht seandálaíochta na tíre.
chaomhnóir an Chomhaontaithe protector of the Agreement
" Ba cheart gur seo an t-am anois leis an UUP a athchruthú mar chaomhnóir an Chomhaontaithe a shínigh siad i 1998, ach le dul chun cinn an DUP - bunaithe ar mhian an phobail aontachtaigh, a léiríodh sa toghchán - agus an t-athbhreithniú ar an Chomhaontú atá le theacht, ní fios cad é an bealach a mbeidh David Trimble ag iarraidh a thréad a threorú.
chaomhnóir oidhreachta preserver of heritage
" Le linn do shaolsa cén duine is mó a raibh meas agat féin air/uirthi? Ar na daoine is mó a raibh meas agam orthu le linn mo shaoil bhí, mar oide spreagthach, Peadar Mac Cana; mar státaire éifeachtach, Seán Lemass; agus mar chaomhnóir oidhreachta, Séamus ó Duillearga.
a caomhnóir dlíthiúil her legal guardian
" Thug Michael Schiavo, fear céile Terri agus a caomhnóir dlíthiúil, cead do na dochtúirí córacha leighis de chineálacha éagsúla a thriail, agus chuaigh sé ar ais chun na hollscoile le staidéar a dhéanamh ar an altracht sa dóigh is go bhféadfadh sé aire níos fearr a thabhairt di.
chaomhnóirí preservers
" " * Agus tá taithí phearsanta ag Brian ar an dímheas a caitheadh ar chaomhnóirí chultúr saibhir ceoil na hÉireann.
Caomhnóir agus cláraitheoir conservator and recorder
" Caomhnóir agus cláraitheoir ab ea Morrison agus a bhuíochas dá chuid oibre tá fáil againn ar íomhánna a bheadh caillte murach é.
caomhnóir dalta a pupil's guardian
" Má dhéanann tuismitheoir nó caomhnóir dalta iarratas ar dhíolúine ón Ghaeilge caithfear dearbhú a fháil ó shíceolaithe de chuid na Roinne nó ó shíceolaithe príobháideacha go bhfuil míchumas foghlama ar an dalta.
mar chaomhnóirí morálta na cruinne moral protectors of the world
" An bhfuil sé cothrom go bhfuiltear ag iarraidh go bhfeidhmeoidh an lucht spóirt mar chaomhnóirí morálta na cruinne le linn do dhaoine eile a bheith ag déanamh gach iarrachta – ar chúla téarmaí – an caidreamh tráchtála agus trádála leis an tSín a threisiú? Is léir go bhfuil ceannairí an domhain ag iarraidh an craiceann is a luach a bheith acu – tá cáineadh géar i gceist óna dtaobhsan de, ach easpa gnímh chomh maith.
Caomhnóir preserver
" Bhronn Ollscoil Bar-Ilan Duais Caomhnóir an tSíón, a bhronntar ar Ghiúdaigh a thacaíonn le stát Iosrael, ar Podhoretz i 2007 sa bhliain chéanna inar fhoilsigh sé World War IV: The Long Struggle Against Islamofascism.
Caomhnóirí preservers
" Caomhnóirí Más inaitheanta ainmneacha cuid de na scoláirí a stiúraigh an scéim, níl muid dall inniu féin ach oiread ar chuid de na faisnéiseoirí, go hairithe i nDún na nGall – macasamhail seanchaithe Rann na Feirste, Johnny Shéimisín agus Feidhlimidh Dhomhnaill Phroinsias, nó scríbhneoir ‘na Gaeltachta Láir’, Seaghan Bán Mac Meanman a bhfuil Scoil Éigse bhliantúil á reáchtáil anois ina onóir.
caomhnóirí guardians
" Deirtear go dtéann ‘an Cód Iompair seo i ngleic leis na híosleibhéil chuí iompraíochta, cleachtais agus iompair a theastaíonn ónár n-imreoirí óga, cóitseálaithe, meantóirí, tacadóirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, réiteoirí agus Cumainn’.
Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas the government is a prisoner and a guardian
" Cime agus Caomhnóir is ea an Rialtas =============== Thug an triúr eile droim láimhe do Finlay agus Griffin.
caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile it’s a guardian of the public’s welfare at other times
" Ní foláir nó gur cheap Walsh gur chime i gcarcair na nDaoine ab ea an Rialtas lá amháin, agus gur caomhnóir an leasa phoiblí é lá eile.
mór le caomhnóir éan in a relationship with a bird conservationist
" Sular fhág sí, bhí sí mór le caomhnóir éan, Mark, ach anois tá páirtí nua aige.
ina chaomhnóir curator
" D’éirigh leis beagnach leath den saothar a bhaint anuas ón teampall ársa agus iad a sheoladh go Sasana i 1805 agus bhí sé féin ina chaomhnóir orthu go dtí gur bhuail géarchéim airgid é agus gur dhíol sé iad le Rialtas na Breatáine i 1816.