Pota Focal Intergaelic
cárt | art | cairt | car | carat
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chairrín gailf golf cart
" Bhí mé ciaptha ag Éamon Ó Caoimhnis, Aire na Galltachta, a bhí ag dul thart ar chairrín gailf, stoc fógartha i láimh amháin aige agus bata draighin sa láimh eile, é ag croitheadh an bhata os a chionn agus ag cleachtadh a óráide os ard.
cáirín golf cart
" Imríonn sé féin corrchluiche gailf, agus le linn ár dtimpeall taitneamhach, éachtach, d'inis an mac go mbíonn ar a athair, an peileadóir cáiliúil, cáirín a thiomáint timpeall an chúrsa gailf ar an ábhar nach féidir leis é a shiúl gan pian a fhulaingt.
ag cartadh dumping
" Tá longa eile san am céanna ag cartadh amach dramhaíl nimhiúil in áiteanna eile ar chósta fada na Somáile atá 2,000 míle ar fhad.
Cartadh dig up, cultivate
" Gach Gort le Cartadh nó le Carthú! Is ionann an cás do na scéimeanna tithíochta Gaeltachta.
carbaid chariot, cart
" Chuir an balla deireadh leis na turasanna chuig The Key, an chippy ba chóngaraí don teach s'againne, le turasanna siopadóireacht - bhí i bhfad níba mhó siopaí ar Bhóthar na Seanchille ná a mar a bhí ar Bhóthar na bhFál - agus chuir sé deireadh leis na rásaí guider - carbaid de dhéantús baile a rinne muid as adhmad, rotha agus sreang! Rachadh na guiders síos le fánaí isteach go Sráid Cupar ar an taobh ‘Protastúnach’ den deighilt.
Cartadh masturbation
" "Gabhdaíocht intleachtúil", nó "Cartadh intleachtúil", dar leis, a bhí i gcumadh na mbeart seo.
chartadh dramhaíola throwing out rubbish
" Más tuar dóchais é an t-athrú seo, is léir go bhfuil slí fhada le taisteal ag an gcine daonna fós ó thaobh chartadh dramhaíola de.
cairrín cart
" Siúd í agus cairrín ollmhargaidh á thiomáint aici ar nós chuile mháthair chríonna eile; nach í a thóg isteach an garmhac ‘J’ nuair a d’éag a mháthair.
chartadh as to throw out
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
cartadh as thrown out
" De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú.
cartadh dumping, casting
" Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
a gcuid dídeanaithe a chartadh to shovel their refugees
" Nuair a thiteann seanrí de leataobh i dtír thar lear, bíodh sé trí uisce faoi thalamh nó trí éirí amach ina choinne, is chuig tír ‘neodrach’ ar nós Éireann is breá leis na cumhachtaí a gcuid dídeanaithe a chartadh.
An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach being thrown out as against being pleaded to come in
" An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach ================= Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
a chartadh ón aer orthu dumped from the air on them
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
chartadh le haonaid ECAT flinging their (payloads) at NATO bases
" Má tá an ceart acu, ní fiú dul chun sleanntrach leo, nó dá n-eitlídís céad nó leathchéad ladrann amach as an Tuirc leis an Iaráin ‘a chur ó mhaith’ ní fios dóibh nach dtionfaí san aer iad ina n-éadan féin agus a gcuid diúracán a chartadh le haonaid ECAT nó le cathair Ancara.
dhéanfá féin le sneachta a chartadh you’d make yourself to shovel snow
" (brzeg = bruach, kraj = críoch, krowa = bó (féach crú 7 cró), młynek = muileann, morze = muir, niebo = néal, źródło = sruth, łapa do sniegu (lapa do sneachta) = sluasaid adhmaid a dhéanfá féin le sneachta a chartadh, srl.
cartadh as tithe is as a dtailte thrown out of their houses and lands
" Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin.
dtugann siad cuairt ar an gcart pay a visit to the cart
" Níl sé ceannaithe acu go dtí go dtugann siad cuairt ar an gcart ar an suíomh féin.
gcartadh thrown
" Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise.
chartadh amach to dump out
" Mheas an Taoiseach úrthofa achar gairid ó shin ar bonn ‘hunch’ an Ghaeilg a chartadh amach as aicme na gcroí-ábhair ardteiste.
cartadh amach throw out
" Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
a chartadh de leataobh ar fad throwing it out entirely
" Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.