Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
más ceadmhach if one is allowed
" B'fhéidir beagáinín ródháiríre, más ceadmhach a leithéid a rá faoi cheannaire polaitiúil.
nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith that no Catholic is allowed
" Mhínigh sé go gciallaíonn sé seo nach ceadmhach do Chaitliceach ar bith vóta a thabhairt d'aon pholaiteoir nach léiríonn go soiléir go bhfuil sé glan i gcoinne an ghinmhillte i ngach uile chás, cuma cén seasamh atá acu ar an chogadh san Iaráic, ceisteanna comhshaoil, daoine gan dídean, fadhb an bhochtanais nó aon cheist eile.
Ní ceadmhach not permissible
"Ní ceadmhach diúracáin a scaoileadh ar Iosrael cionn is go bhfuil Gaza faoi léigear aige.
níl sé ceadmhach it's not allowed
" De réir an dlí idirnáisiúnta, níl sé ceadmhach daoine a mharú le fosfar bán, ach tá cead ag airm ceantair a shoilsiú le fosfar bán nó toit a chruthú leis.
ceadmhach allowed
" Chuige seo éignítear mná, timpeallghearrtar buachaillí mar nach bhfuil sé ceadmhach i gcreideamh na Mandaean, scaoiltear urchair leo is caitear isteach i dtinte cnámha iad.
nár cheadmhach not permitted
" Ba mhinic nár cheadmhach dóibh úsáid a bhaint as na campaí fóirithinte seifte a tógadh.
ceadmhach permissible
" Léiríodh i dtástálacha gur thuig gasúir óga nach raibh sé ceart dochar a dhéanamh do leanaí eile, fiú amháin dá ndéarfadh an múinteoir go raibh sé sin ceadmhach, nó ceart.
ceadmhach permissible
" Is ceadmhach cártaí creidmheasa a eisiúint agus is ceadmhach iasachtaí a thabhairt amach.
Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin its being drunk is only permitted for religious purposes
" Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin: áirítear mar dhruga é, agus tá cosc air sa chuid is mó de thíortha an domhain.
nach ceadmhach isn’t permitted
" Ach bristear an dlí lá i ndiaidh lae i ngach áit ó cheann ceann na cruinne nuair a sháraítear an teorainn luais, nuair nach stoptar ag an solas dearg, nuair a pháirceáiltear in áiteanna nach ceadmhach páirceáil.
gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh that it’s still permissible to discriminate
" Sa chomhthéacs sin, níor mhiste a chuimhneamh gur ceadmhach go fóill idirdhealú a dhéanamh de réir sainmheon creidimh.
Ba cheadmhach it was permissible
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.