Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceannaircí rebellions
" I measc na leabhar atá scríofa aige, tá ceann bríomhar ar stair na nÉireannach i Meiriceá, beathaisnéis an reibiliúnaigh Éireannaigh John Devoy, agus stair na gceannaircí Éireannacha, leabhar a raibh an-tóir air.
ceannairceach rebellious
" Is cuí mar sin gur file ceannairceach é Gearóid Mac Lochlainn, a bhuaigh Gradam Filíochta Michael Harnett anuraidh.
ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu. areas in which the insurgents were not active
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
ceannairceacha rebellious
" Níor chualathas aon ní ach an oiread ó chúlbhinseoirí ceannairceacha Fhianna Fáil nó níor chualathas ó na teachtaí neamhspleácha faoin phlean.
buíonta ceannairceacha rebellous groups
" Faoi na seachtóidí bhí tuairim is a thrian de Bhurma faoi smacht an KNU agus buíonta ceannairceacha eile ach ag deireadh na n-ochtóidí cuireadh go mór le fórsaí míleata Bhurma.
ceannaircigh rebels
" D’fhógair ceannaircigh Thuirciceacha bunú Poblacht Ioslamach na Turcastáine Thoir i 1933, ach an bhliain dar gcionn ghabh Poblacht na Síne seilbh ar an tír in athuair.
ceannairceacha rebellious
" Má chuirtear in aghaidh an chórais éagóraigh seo, imrítear foréigean ar na Dalit ceannairceacha.
ceannaircigh anarchists
" Roimh siúl amach na nGlasach, fiú, bhí ceannaircigh i bhFianna Fáil ag cur in iúl dúinn nach vótálfaidís ar son an bhille sa chruth ina raibh sé.
ceannaircigh rebels
" Ar an 2 Meitheamh, tuairiscíodh gur inis BHL do Benjamin Netanyahu go raibh “ceannaircigh na Libia” sásta aitheantas a thabhairt don stát Giúdach – rud nach ndearna Qaddafi riamh.
dreamanna ceannairceacha Ioslamacha dissident Islamic groups
" Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Al-Assad má éiríonn leis na dreamanna ceannairceacha Ioslamacha an ruaig a chur air? Seirfean Dlí ==== Más comhartha ar bith é an méid atá tarlaithe i bPoblacht Éimin, Libia agus san Éigipt, tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh Ioslamaigh cheartchreidmheacha i gceannas ar an tSiria amach anseo agus an Dlí Sharia dá réir.
i gcoinne na gceannairceach against the rebels
" Chinn fórsaí al-Assad an t-éirí amach a chur síos trí dul i muinín anmhéid foréigin i gcoinne na gceannairceach, shocraíodar ar na huirlisí troda is troime agus is gránna a úsáid – tá siad ag cur ina luí ar a gcuid naimhde i gcónaí nach mbeadh drogall orthu uirlisí troda ceimiceacha a úsáid ina gcoinne cé gur thug Meiriceá foláireamh láidir dóibh gan a leithéid a dhéanamh.
ina chogadh in aghaidh ceannairceach in his war against the rebels
" Tá cuid suntasach den tír sin faoi smacht Hezbollah anois, agus le déanaí tá saighdiúirí Hezbollah ag tabhairt cúnaimh do rialtas Bhashar al-Assad ina chogadh in aghaidh ceannairceach na tíre sin.
cheannaircigh rebels
" Ach tá baol mór bainteach leis an titim chéanna – is cosúil gur Ioslamaithe antoisceacha iad cuid de cheannaircigh seo na Siria, agus roinnt acu bainteach le Al Qaeda, fiú.
buíon nua ceannairceach a new group of rebels
"buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
isteach sna ceannaircigh into the rebels
" Gan obair, agus gan airgead, chuaigh go leor de na Sunnaígh (cuid mhaith acu iaroifigigh airm) isteach sna ceannaircigh, agus b’shin ba chúis leis an éirí amach a mharaigh na mílte saighdiúirí Meiriceánacha sa tír sin thar thréimhse cúig bliana nó mar sin.
seilbh ceannairceach in the possession of SIIL rebels
" Bheadh ceantar ola an oirdheiscirt i seilbh na hIaráine, bheadh ceantar ola an iarthuaiscirt i seilbh ceannairceach SIIL, agus bheadh sé ina chogadh dearg idir an Túirc agus na Coirdínigh ó thuaidh.