Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceannaireacht leadership
" Deir sé go bhfuil díospóireacht ag teastáil sa tír seo faoi cheist an chiníochais, ceannaireacht agus polasaithe le dul i ngleic leis an fhadhb.
a gcumas ceannaireachta their leadership ability
" Tá an rialtas ag cur béime ar a gcumas ceannaireachta, ar a dtaithí i mbun rialtais (ó 1996) agus ar an gcaoi ar sheas siad an fód in aghaidh na dteifeach mar is léir go bhfuil vótaí ansin dóibh.
cheannaireacht leadership
" Cé gur ghlac Comhdháil an Lucht Oibre le rún a mhol Quinn nach gcuirfeadh siad rogha ar bith as an áireamh, tá an brú ag méadú ar cheannaireacht an pháirtí cur in iúl go soiléir cé acu an rachadh siad i gcomhrialtas le Fianna Fáil i gcomhthéacs ar bith.
ceannaireachta leadership
" Is léiriú é seo ar an easpa ceannaireachta atá á tabhairt ag na heagraíochtaí Gaeilge ar cheist an ilchultúrachais (nach ionann é agus "faisean an Ilchultúrachais").
ceannaireacht leadership
" Is cosúil gur sin an dearcadh atá ag ceannaireacht Shinn Féin anois, ach níl siad iomlán oscailte faoi, agus iad ag cloí go poiblí leis an tseanteachtaireacht.
cheannaireacht leadership
" An mhí seo caite, scríobh mé fán bharúil a bhí ann go raibh David Trimble ar an dé deiridh, foighid caillte ag Baile Átha Cliath leis agus fiú Londain ag éirí éiginnte fá cheannaireacht s'aige ar a pháirtí féin agus ar phróiseas na síochána go ginearálta.
ceannaireacht dhearfach positive leadership
" Beidh air ceannaireacht dhearfach a thabhairt, eispearas nua don DUP, agus beidh air déileáil le Sinn Féin mar atá siad a dhéanamh i gcomhairlí fud fad na Sé Chontae.
ceannaireacht leadership
" "Tá ceannaireacht Shinn Féin sásta agus toilteanach comhoibriú libh," arsa Martin McGuinness ag an Ard-Fheis.
cheannaireacht leadership
cheannaireacht leadership
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
ceannaireacht leadership
" Cé acu ar aontaigh tú nó nár aontaigh tú leis an seasamh a ghlac an Teachta Dála neamhspleách Joe Higgins maidir le ceist na rátaí bruscair - agus, i mo chás féin, níor aontaigh - ar a laghad léirigh sé tréithe ceannaireachta, sin le rá sheas sé lena phrionsabail.
cheannaireacht leadership
" Ní raibh Aontachtaithe Uladh faoi cheannaireacht David Trimble i bhfad ag teacht i dtír ar fhocail an Taoisigh.
ceannaireacht leadership
" Tá Adams agus ceannaireacht an pháirtí ag iarraidh go mbeidh dáta leagtha síos d'aistriú cumhachtaí póilíneachta sula mbeidh siad réidh le déileáil leis an DUP.
ceannaireacht leadership
" Dá léireodh an Rialtas ceannaireacht áirithe sna cúrsaí seo, d'fhéadfaí foinsí beaga ioncaim agus cumhachta a scaipeadh fud fad chósta iarthar na hÉireann, cur leis na hiarrachtaí dul i ngleic le bánú na tuaithe sna ceantair chúlráideacha, agus dúshlán na mórchomhlachtaí ola a thabhairt.
ag santú na ceannaireachta covetting the leadership
" Ní hamháin go gcabhródh sé seo leis an pháirtí treo nua a aimsiú, ach choimeádfadh sé an tUasal Cowen sona ar feadh tamaill eile agus ó bheith ag santú na ceannaireachta.
cheannaireacht leadership
" Bhí sé suimiúil chomh cóngarach is a tháinig Alan McFarland do Reg Empey sa rás do cheannaireacht an UUP.
ceannaireacht leadership
" Leis an stádas sin a bhaint amach, b’éigean deireadh a chur leis an IRA mar eagraíocht mhíleata, b’éigean fáil réitithe de na hairm, cinneadh a ghlac ceannaireacht na gluaiseachta blianta ó shin; Perfidious Albion ba chúis leis an mhoilleadóireacht, dar le Sinn Féin, ach tá an lá tagtha.
cheannaireacht leadership
" I láthair na huaire, mar is léir, táthar in amhras faoin cheannaireacht sin.
cheannaireacht leadership
" Ach an mbeidh sé sásta dul i ngleic le híomhá nua Fhine Gael agus dúshlán Enda Kenny a thabhairt, seachas seasamh siar agus glacadh leis na hionsaithe mar gheall ar chur amú airgid, an córas sláinte agus an t-ardú sa choireacht? Tuigeann Bertie go bhfuil páirtí an Lucht Oibre lag faoi cheannaireacht Pat Rabbitte agus gur fearr an seans atá aige i mbliana ná fanacht go Bealtaine na bliana 2007.
ceannaireacht leadership
" Ach anois tá Harper i ndiaidh an bata is an bóthar a thabhairt do na Liobrálaigh agus tá Martin le héirí as ceannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh.
ceannaireacht leadership
" Má fhaigheann siad a bhfuil uathu – nó gar dó – beidh ceannaireacht Shinn Féin sásta ansin glacadh leis an chóras úr póilíneachta, agus scaoilfear glas eile ar dhoirse dúnta Stormont.
faoi cheannaireacht under the leadership of
" Maidir le stair Chorn an Domhain, bunaíodh an comórtas de dheasca iarrachtaí grúpa Francach faoi cheannaireacht Jules Rimet agus tionóladh an chéad fhéile i 1930 nuair a bhuaigh Uragua an corn.
a cheannaireacht his leadership
" Is trua nár léigh Dev ina chroí istigh go raibh an deis cheart anois aige chun éirí as a Thaoiseacht agus a cheannaireacht ar Fhianna Fáil.
do cheannaireacht na PDs for the leadership of the PDs
" Chuir sé tús le conspóid le déanaí nuair a nocht sé an tuairim go gcothódh an choimhlint do cheannaireacht na PDs easpa buanseasmhachta sa rialtas.
inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin in which he coveted the leadership of his own party
" Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí.
nár shantaigh ceannaireacht Fhianna Fáil who didn't crave the leadership of Fianna Fáil
" Fear nár shantaigh ceannaireacht Fhianna Fáil riamh.
ón cheannaireacht from the leadership
" I gcás FF, ghlacfaí le caillteanas deich suíochán ach chuile sheans go n-éireodh Bertie Ahern ón cheannaireacht dá gcaillfidís cúig shuíochán déag.
ceannaireacht leadership
" Níl an DUP sásta an chumhacht a roinnt le Sinn Féin go dtí go dtabharfaidh Martin McGuinness móid go dtabharfaidh sé tacaíocht don PSNI, a deir siad, ach is léir go bhfuil ceannaireacht an pháirtí i bhfách le Comhaontú Chill Rimhinn.
an cheannaireacht the leadership
" Ba chuid den straitéis fhadtéarmach riamh é agus murar thuig na daoine atá ag tréigbheáil an pháirtí faoi láthair gur cuid den loighic a bhí taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta é go nglacfadh Sinn Féin leis an chóras cirt ó thuaidh, thuig an cheannaireacht é.
an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste to get rid of the leadership of the UDA in north Belfast
" D’éirigh leis an Chomhairle Inmheánach an ruaig a chur ar cheannaireacht an UDA i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bhí rún aige an rud céanna a dhéanamh in Oir-Dheisceart Aontroma.
táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr new leadership is being greatly emphasised
" Bíonn íomhá i gcónaí an-tábhachtach i gcúrsaí polaitíochta agus táthar ag cur béime ar cheannaireacht úr agus ar an todhchaí i mbolscaireacht de chuid an ALP.
ceannaireacht leadership
" Níos iontaí arís, b’fhéidir, dúirt fear crua an DUP, Peter Robinson, gur chreid sé nár cheadaigh ceannaireacht an IRA an dúnmharú – agus nár choir, mar sin, smachtbhannaí a chur i bhfeidhm in éadan Shinn Féin.
í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre for her to be involved in leading the country
" Dar leis an seanadóir, ní bheadh sé ceart ná cóir í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre de bharr go raibh sí “*deliberately barren*”.
cheannaireacht na bpáirtithe polaitíochta leadership of all the political parties
" Ó bhí an t-olltoghchán deireanach ar siúl, tá athrú tagtha faoi cheannaireacht na bpáirtithe polaitíochta ar fad, seachas Fine Gael.
i gceannaireacht an fhreasúra in the opposition leadership
" Faoi láthair, is monarcaí láidir é ceannaire an fhreasúra, Brendan Nelson, agus tá go leor daoine eile i gceannaireacht an fhreasúra atá ar aon intinn leisean maidir le ceist na poblachta.
cheannaireacht, leadership
" Tugann na mic léinn faoi chúrsaí sa cheannaireacht, sa bhainistíocht tionscadail, sa bhainistíocht straitéiseach, sna hilmheáin agus sa ríomhthráchtáil.
cheannaireacht leadership
" D'eagraigh an GLC (Comhairle na Cathrach Londain, le Ken Livingstone sa cheannaireacht) The Terence MacSwiney Memorial Lectures i 1986 in ómós do Ard-Mhéara Chorcaí a fuair i bPríosún Brixton, Londain i 1920.
bua na ceannaireachta leadership capability
" Anois agus Éire buailte ag an anfa gheilleagair, cuirtear an cheist, an bhfuil bua na ceannaireachta ag an Taoiseach Brian Cowen.
ceannaireachta of leadership
" Cén fáth gur roghnaigh sé an tsaighdiúireacht mar shlí bheatha? “Bhuel, thug sé deiseanna dom scileanna ceannaireachta a fhoghlaim agus chuir an tArm oideachas tríú leibhéal ar fáil,” ar sé.
ceannaireacht leadership
" Gabhadh Saro-Wiwa féin in éineacht le grúpa dá chomhthírigh i 1994 is cuireadh ina leith go raibh lámh acu i ndúnmharú ceathrar taoiseach Ogoni a bhí in iomaíocht le Saro-Wiwa maidir le ceannaireacht an phobail.
ceannaireacht leadership
" Bheadh seans ann tar éis toghcháin go dtiocfadh ceannaireacht nua chun cinn i gceannas ar rialtas ag a mbeadh fís úr, a bheadh bunaithe ar chomhionannas seachas ar shaint chun saibhreas pearsanta a chnuasach.
ceannaireacht leadership
" Sin é nádúr an duine, agus beidh ceannaireacht den scoth de dhíth chun é a shárú.
cheannaireacht leadership
" Fás Síoraí Seasta ======== Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo, meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana.
cheannaireacht leadership
" Más toghchán é, ámh, is reifreann é freisin ar uachtaránacht Obama agus ar cheannaireacht an Pháirtí Dhaonlathaigh i dtrí theach rialtais na tíre.
ceannaireacht leadership
" Beidh sé acrach dó an chéad uair eile a dhéanfaidh sé iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint d’Enda agus a bhaint amach dó féin.
bua na ceannaireachta benefit of leadership
" Is léir nach bhfuil sé de chumas ag an chóras pholaitiúil daoine a bhfuil bua na ceannaireachta agus eagna chinn acu a mhealladh chuig príomhoifigí an stáit.
ceannaireacht leadership
" Ach an rud céanna anois, go bhfuil fadhb le ceannaireacht na gceardchumann ins an tír seo, le fiche bliain anuas, ghlacadar páirt sa ‘pháirtnéireachas’ mar a ghlaodar air.
ceannaireacht leadership
" Leoga, tá ceannaireacht á léiriú ag McGuinness nach bhfacthas ach sa bheag i measc Airí Stormont.
gceannaireacht leadership
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
ceannaireacht leadership
" Cheadaigh ceannaireacht an UVF an dúnmharú, ainneoin iad in ainm is a bheith ar sos comhraic.
cheannaireacht leadership
" Céard faoi Fhianna Fáil faoi Mhícheál Martin? Bhí Fianna Fáil ar a gcosaint féin an t-am ar fad faoi cheannaireacht Brian Cowen agus ag cailliúnt tacaíochta dá réir.
faoi cheannaireacht an réiteora with the ref’s leadership
" Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora.
droch-cheannaireachta bad leadership
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
ceannaireacht chumasach capable leadership
" Faoi láthair tá ag teip ar thíortha láidre na hEorpa – an Fhrainc agus an Ghearmáin go háirithe – ceannaireacht chumasach a thabhairt don Aontas in uair na cinniúna.
ceannaireacht leadership
" Is é an easpa ceannaireacht áitiúil is mó a chuireann bac ar na pobail seo.
ceannaireacht leadership
" Creidim go gcaillfidh Martin ceannaireacht ar an bpáirtí mar gheall ar a bhotún.
Scanraigh ceannaireacht leadership panicked
" Scanraigh ceannaireacht Shasana áfach nuair a thosaigh Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae ar an chlampar agus ar stailc mhór na Loyalist Workers.
ceannaireachta misniúla courageous leadership
" An bhliain dár gcionn, scríobh PNAC litir eile chuig Bush le comhghairdeas a ghabháil leis as a chuid ceannaireachta misniúla sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta go dtí sin.
cheannaireacht cheart proper leadership
" Léiríonn an fichiú haois go bhfuilimid ag brath ar an daonlathas agus an cheannaireacht cheart chun an smacht sin a choinneáil.
ceannaireacht leadership
" Nuair a dhéantar an cinneadh ceannaireacht a thabhairt dóibh arís, mhaígh sé ina aigne féin, *“My people! My people! My People!.
faoi cheannaireacht led by
" Ceartú na hÉagóra ======= Tráthúil go leor, tá fiosrúchán eile á éileamh san am i láthair ag polaiteoirí sa Bhreatain faoi cheannaireacht an Tiarna Alton.
cheannaireacht fhabhtach faulty leadership
" Dhírigh na soilse scáfara seo an spotsolas ar cheannaireacht fhabhtach na bpáirtí polaitíochta aontachtacha, an DUP agus an UUP araon.
a raibh córas ceannaireachta docht acu féin who had a strict system of leadership of their own
" Bailithe ar Troigh gan Tuairisc ============ An Córas Scaipthe a bhí ann roimhe sin, ba do bhuíonta beaga coirpeach fadtéarmach a cuireadh ar bun an chéad lá riamh é, rud a chiallaigh go raibh na húdaráis Bhriotanacha trína chéile ar dtús faoi conas déileáil leis na cimí nua sin, cimí a raibh córas ceannaireachta docht acu féin, laistigh den charcair agus ar an taobh amuigh freisin, cimí a raibh bá an phobail agus dreamanna cearta sibhialta leo go minic freisin.
gan ceannaireacht ag éinne orthu neither has a leadership
" Gaineamh ===== Ní hamháin go bhfaca mé le mo dhá shúil féin gur fínéagar an leigheas is fearr ar an deorghás, ach d’éirigh rud eile soiléir dom an lá seo: tá na holl-léirsithe atá ar siúl sa Bhrasaíl le cúpla seachtain anuas mar a bheadh gaineamh ann, gan ceannaireacht ag éinne orthu.
léiríonn sé a laige is atá ceannaireacht it shows how weak leadership is
" Cad chuige a bhfuil mé á lua seo? Cionn is go léiríonn sé a laige is atá ceannaireacht don phobal aontachtach is mó atá faoi mhíbhuntáiste.
i dtaca le ceannaireacht regarding G.’s mutiny
" Is annamh a d’imigh mí thart sa tréimhse sin nach raibh scéal éigin sna meáin ó ‘fhoinse fheasach’ faoi challóid sa pháirtí i dtaca le ceannaireacht Gillard, scéalta a bhí ina mbior sa bheo di.
idir ceannaireacht between (the) leadership
" Mhol sé le *Mrs Thatcher* comparáid a dhéanamh idir ceannaireacht Michael Foot ar an *Labour Party* agus an t-éan marbh cáiliúil sin i *Monthy Python*.
aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht to take on the (responsibility of) leadership
" Athrú Treo ===== Ghlac Ignatieff leis an gcuireadh imeacht ó Harvard, suíochán parlaiminte a bhuachaint i dToronto agus aghaidh a thabhairt ar cheannaireacht an Pháirtí Liobrálaigh agus 24 Sussex Drive a bhaint amach sula bhfad.
ceannaireacht dhearfach positive leadership
" Má fhaigheann an DUP an lámh in uachtar ar an UUP sna chéad toghcháin eile, beidh ar an pháirtí ceannaireacht dhearfach a thabhairt seachas a bheith i gcónaí diúltach, a deir Robert McMillen.
gcultúr na ceannaireachta airgeadais culture of financial leadership
" Easnamh i gcultúr na ceannaireachta airgeadais a d’fhág san fhaopach sinn deir Ciarán Mac Aonghusa linn.
ceannaireacht stuama wise
" Tchítear do Robert McMillen gur ag comhaireamh cúinne beag toghthóirí atá ceannaire an DUP in ionad ceannaireacht stuama fhadbhreathnaitheach a thabhairt.