Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceannasaíocht leadership
" Teastaíonn príomhfheidhmeannach anois a thabharfaidh spreagadh agus ceannasaíocht do na heagraíochtaí Gaeilge atá ag saothrú leo, cuid acu le fada an lá.
ceannasaíocht leadership
" Thosaigh Bresnan ag obair le Engine 21 in 1861 mar oibrí deonach, agus d'éirigh leis ceannasaíocht a bhaint amach ar an rannóg ina dhiaidh sin agus a bheith ar dhuine dá ceannasaithe ba thábhachtaí.
iarrachtaí a cheannasaíochta the attempts of its leadership
" Agus todhchaí an PSNI á plé faoi láthair, tá iarrachtaí a cheannasaíochta an milleán uilig a chur ar na poblachtánaigh ag dul thar fóir.
sa gceannasaíocht in the leadership
" Agus ar aon nós téann fadhbanna Fhine Gael i bhfad níos sia agus níos doimhne ná fadhbanna sa gceannasaíocht.
cheannasaíocht leadership
" I 1932 tháinig Rialtas Fhianna Fáil faoi cheannasaíocht De Valera i gcumhacht.
ceannasaíocht leadership
" Creidim go mbeidh ceannasaíocht an Pháirtí Dhaonlathaigh ina chogadh dearg idir McDowell agus Tom Parlon in 2004.
buanna ceannasaíochta leadership skills
" "Beidh a thaithí agus a chuid buanna ceannasaíochta mar imreoir agus mar bhainisteoir an-luachmhar dúinn agus muid ag déanamh ár ndíchill an saincheadúnas seo a thabhairt ar ais go barr an NBA, an áit ar cheart dó a bheith.
cheannasaíocht leadership
" Ach má athraíonn seo, agus má bheartaíonn muintir Bhaile Átha Cliath ar a dtacaíocht a thabhairt don Uasal Ryan seachas d'fhear Bertie, náiriú poiblí a bheidh ann don Taoiseach agus comhartha soiléir go bhfuil a cheannasaíocht ar Fhianna Fáil ag druidim chun deiridh.
ceannasaíocht leadership
" Chaill siad a gceannasaíocht ar a bpobail i dtoghchán an Tionóil agus is léir go bhfuil an dá pháirtí in abar polaitiúil.
cheannasaíocht command
" Tháinig misinéirí na hEaglaise Caitlicí go Meicsiceo go luath i ndiaidh do na Spáinnigh Tenochitlan, príomhchathair na nAisticeach, a chur faoi chois sa bhliain 1523, faoi cheannasaíocht Hernán Cortés.
ceannasaíocht leadership
" "Tá sé furasta ceannasaíocht a fháil ar an phobal aontachtach fríd an eagla, agus teacht i dtír ar an eagla sin atá ar dhaoine," arsa poblachtánach amháin liom.
ceannasaíocht leadership
" Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil TD sinsearach an pháirtí, Brendan Howlin, tar éis ceannasaíocht an Uasail Rabbitte a cháineadh go hoscailte.
ceannasaíocht an Oird Oráistigh the leadership of the Orange Order
" Bhí ceannasaíocht an Oird Oráistigh ach go háirithe ar buile go sílfeadh an tUachtarán go raibh aon fhrith-Chaitliceachas beo beathach i measc na bhfear buí.
cheannasaíocht leadership
" Cionn is gur saighdiúirí in arm a bhí iontu níor cheistigh siad ariamh an treoir a thug an cheannasaíocht dóibh.
cheannasaíocht leadership
" Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú.
ceannasaíocht leadership
" Chaith Gotti sé bliana sa phríosún as Jimmy McBratney a mharú, ach deir roinnt daoine gur mharaigh sé é chun a cháil mar choirpeach a chothú, agus gur seo an dúnmharú a chuir tús le blianta de dhoirteadh fola a chinntigh sa deireadh gur bhain sé ceannasaíocht amach sa domhan faoi choim.
ceannasaíocht leadership
" "Scríobh mé litir chuig an Roinn Sláinte i Londain agus dúirt mé leo go raibh ceannasaíocht de dhíth sa cheist seo, ní moilleadóireacht," a dúirt sé liom.
Léireoidh na rialtais ceannasaíocht the governments will show leadership
" Cad a bheidh le léamh sna nuachtáin sa bhliain 2015? “Praghas an leictreachais: ardú 40% ó 2005” “Seirbhís eitleáin nua ó Phort Láirge go dtí an Iaráic” “Ba thithe aonair faoin tuath 50% de na foirgnimh nua a tógadh anuraidh” “Is gá do níos mó daoine bheith ag obair in dhá nó i dtrí phost chun bheith in ann maireachtáil” “Idirthréimhse Eagnaí” ======= Léireoidh na rialtais ceannasaíocht agus cuirfidh siad béim ar úsáid fuinnimh a ísliú agus foinsí nua fuinnimh a fhorbairt.
a chumas ceannasaíochta his leadership ability
" Léirigh sé a scil agus a chumas ceannasaíochta ar an bpáirc pheile agus gan é ach ina ógánach.
an cheannasaíocht sin that leadership
" Ní maith leo ainmneacha a mball a fhógairt, ach tá spriocanna an tionscadail seo sách soiléir: mar a deir siad féin, “Is ar mhaithe leis an domhan agus le Meiriceá go mbeadh Meiriceá i gceannas" agus "tá neart míleata, fuinneamh taidhleoireachta, agus prionsabal morálta de dhíth chun an cheannasaíocht sin a chur i réim.
in áit ceannasaíocht a léiriú ar cheist instead of showing leadership regarding an issue
" Claonadh aige cinntí conspóideacha a chur ar an mhéar fhada agus dul i muinín coistí in áit ceannasaíocht a léiriú ar cheist.
a scileanna ceannasaíochta her skills of leadership
" Fear ar fhuath leis polaitíocht Thatcher ach a raibh meas pearsanta aige ar a scileanna ceannasaíochta.
easpa ceannasaíochta lack of leadership
" Cad iad na láidreachtaí agus na laigí*** a bhaineann le CnaG? Is féidir liosta fada a dhéanamh de laigí CnaG: easpa oibrithe, easpa scileanna, easpa ceannasaíochta.
ceannasaíocht a léiriú to show leadership
" Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íoc ná ceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.
ná ceannasaíocht a léiriú than to show leadership
" Is é an dearcadh atá ag an rialtas, faraor, ná go dtig linn an fhreagracht sin a cheannach agus gur fearr i bhfad fíneálacha a íoc ná ceannasaíocht a léiriú trí bheartais a chuirfeadh olc ar an toghlach a chur i bhfeidhm.
an chomhdháil ceannasaíochta the leadership conference
" D’eagraigh MFAW agóid mhór ag an chomhdháil ceannasaíochta i Manchain ar an 24 Meitheamh agus agóid eile taobh amuigh de 10 Sráid Downing nuair a d’fhág Blair an teach sin den uair dheireanach.
as a gcumas ceannasaíochta féin: for their own leadership ability:
" Lena seal, aithníodh na páistí eile as a gcumas ceannasaíochta féin: bhí bua an cheoil ag Aodh agus Seán Bán; bhí deis a labhartha ag Annie agus Bríd; rinne Séamus scríbhneoir de féin; d’aithin a chuid comrádaithe san IRA cumas Dhónaill agus rinneadh captaen de.
a cheannasaíocht dhocht his strong leadership
" Cronófar a dhóigh shéimh, a cheannasaíocht dhocht agus a chairdeas dlúth.
ceannasaíocht dhearfach positive leadership
" Tá sé tábhachtach go dtuigfidh baill an bhoird seo go mbeidh ceannasaíocht dhearfach de dhíth i gcónaí agus daoine i mbun athshealbhú na Gaeilge.
ceannasaíocht leadership
" Ag an am chéanna, dar leis, bhí ceannasaíocht an pháirtí “chomh saibhir sin” agus tithe saoire acu.
ceannasaíocht láidir daingean strong solid leadership
" Tá muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil.
ceannasaíocht láidir daingean strong solid leadership
" Tá muinín caillte ag mórán daoine sna forais a mbíodh muinín acu astu; tá daoine ag féachaint ar an Rialtas le ceannasaíocht láidir daingean a thabhairt, ach níl sé soiléir gur féidir seo a fháil.
gceannasaíocht pholaitiúil political leadership
" Tháinig muintir na hÉireann fríd níos measa ná an cruachás atá romhainn; tiocfaidh muid fríd seo fhad is go mbeidh ár gceannasaíocht pholaitiúil cliste, cumasach, ceannasach agus ionraic.
ceannasaíocht leadership
" Caithfidh mé a rá go bhfuil ceannasaíocht an-mhaith curtha ar fáil dúinn ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus tá cuid mhór oibre á déanamh ins an Chrannóg ansin, cúrsaí ceoil, cúrsaí teangan agus tá daoine maithe ag cuidiú leis an Chomharchumann.
Ceannasaíochta leadership
" Bliain na Ceannasaíochta Mhol Julianne Ní Chonchobhair ó MILG go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh dream amháin i gceannas rudaí ar feadh bliana, agus dream eile i gceannas an bhliain dar gcionn: "Mar atá sé le huachtaránacht an Chomphobail Eorpaigh, le tír dhifriúil i gceannas gach bliain," a dúirt sí linn.
gceannasaíocht lead, league
" Agus dea-nuacht do thomhaltóirí Mhinnesota - seans maith go mbainfidh an Mall of America an chéad áit amach arís i gceannasaíocht na siopalainne - táthar ag beartú ‘Mall of America - Céim a Dó.
ceannasaíocht leadership
" Ar an láimh eile, má shocraíonn an Lucht Oibre gan dul i gcomhrialtas, bheadh Gilmore, Rabbitte agus Burton in ann ceannasaíocht a thabhairt sa bhfreasúra in aghaidh na ngiorruithe atá beartaithe ag Fine Gael.
cheannasaíocht leadership
" Tuigeann muintir na hÉireann anois go raibh siad i bhfad níb fhearr as faoi mo thaoiseacht ná faoi cheannasaíocht … á… á… Ach, ní fá choinne mé féin a chur chun cinn atá mé anseo, a Bhaloir.
ceannasaíocht leadership
" Dá mbeadh ciall ag an Lucht Oibre gan dul i gcomhrialtas an iarraidh seo, bheadh Gilmore, Rabbitte agus Burton in ann ceannasaíocht a thabhairt sa bhfreasúra in aghaidh na ngiorruithe atá beartaithe ag Fine Gael.
ceannasaíocht lárnach central leadership
" Is léir go bhfuil an eagraíocht, a raibh ceannasaíocht lárnach iontach láidir aici, ag titim as a chéile.
cheannasaíocht leadership
" An té nach bhfeiceann cé tá i gceannas an stáit is mian leis a ionsaí, bíodh sé ag deargadh an aeir le diúracáin ach ní chuirfidh sé an cheannasaíocht de dhroim seoil.
ceannasaíocht an stáisiúin the station management
" Ach is beag is féidir leo a dhéanamh nuair nach bhfuil aon fhís soiléir ag ceannasaíocht an stáisiúin ach an seó a choinneáil ar an mbóthar.
An Cheannasaíocht Toilteanach the willing leadership
" An Cheannasaíocht Toilteanach ============== D'fhágfadh sé sin go mbeadh an aird uilig ar Shinn Féin, mar gur dócha ná a mhalairt gurb iad a bheas mar an tríú páirtí is mó sa Dáil tar éis an chéad olltoghchán eile.
cheannasaíocht ba thábhachtaí ar lár the most important part of the leadership was gone
" Lena dhúnmharú siúd agus le dúnmharú Miriam Daly, bhraith mé go raibh cuid den cheannasaíocht ba thábhachtaí ar lár, go raibh an eagraíocht ar strae.
ceannasaíocht the leadership
" Labhairt Amach ======= Le scéal fada a dhéanamh gearr tá muid tagtha chuig an bpointe go bhféadfadh sé tarlú nach mbeidh aon nuachtán clóite ar fáil dhúinn, de bharr chomh dáigh is atá ceannasaíocht Fhoras na Gaeilge faoin gceist.
as a cheannasaíocht for his leadership
" Mhol sí é as a cheannasaíocht agus a chlisteacht agus a ábaltacht i rith a thréimhse mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta.
cheannasaíocht leadership
" Níl mórán trua agam don cheannasaíocht.
faoi cheannasaíocht under the leadership
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
faoi cheannasaíocht under the leadership
" Maidin inniu, an chéad lá de Lúnasa, beidh sé céad bliain ó rinne scata sufraigéidí faoi cheannasaíocht Mrs Lilian Metge iarracht Ardeaglais Lios na gCearrbhach a phléascadh.
ceannasaíocht a léiriú to show leadership
" Measann Breandán Delap go bhfuil sé thar am ag na polaiteoirí ceannasaíocht a léiriú i dtaca leis an cheist seo.
a cheannasaíocht dhocht his strong leadership
" Crónófar a dhóigh shéimh agus a cheannasaíocht dhocht, a deir dlúthchara agus comhoibrí dá chuid, Antaine Ó Donnaile.
ceannasaíochta of leadership
" Agus é ag fágáil slán ag an gcéad deich mbliain den tríú mílaois, tá dóchas ag Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil athruithe bunúsacha ar an mbealach in Éirinn agus go dtiocfaidh deireadh le ré ceannasaíochta an pháirtí pholaitíochta a choinnigh muintir na hÉireann faoi dhraíocht le fada.