Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caighdeán difriúil ceartais a different standard of justice
" Tá mé cinnte dearfach go mbeidh caighdeán difriúil ceartais i gceist i gcás máthar óige gile a bhí suaite agus a mharaigh cúigear, ná mar a bhí i gceist i gcás fir mheabhairéislinnigh de shliocht Spáinneach a mharaigh duine amháin.
an mBille Ceartais Choiriúil Criminal Justice Bill
" Ach ag éisteacht leis an díospóireacht a bhí sa Dáil an mhí seo caite ar an mBille Ceartais Choiriúil, is léir ní hamháin nach bhfuil an Rialtas sásta dúshlán thionscal na ndeochanna a thabhairt, ach ní mian leo a aithint, nó tá siad dall ar an gceangal, atá idir an Tíogar Ceilteach agus mí-úsáid alcóil sa Stát a bheith ag dul in olcas.
an tAcht Ceartais Choiriúil The Criminal Justice Act
" Anuas air sin, deir an tuarascáil nach bhfuil an tAcht Ceartais Choiriúil, 1999 á chur i bhfeidhm i gceart.
Achta um Cheartas Coiriúil Criminal Justice Act
" Bheadh a leithéid rangaithe mar "*racially motivated hate crime*" de réir shuíomh gréasáin Merseyside Police agus de réir an Achta um Cheartas Coiriúil sa tír seo.
hiomraill cheartais (human) rights miscarriages
" Imtheorannú gan triail, Domhnach na Fola, an tAcht um Sceimhlitheoireacht a Chosc (PTA) agus na hiomraill cheartais a d'éirigh as an dlí sin - chuir Brendan a thuairim in iúl go tréan: "*It is beyond human forgiveness.
ceartas filíochta poetic licence
"ceartas filíochta de shaghas éigin ar fáil, áfach, má chreideann tú i rudaí mar sin.
cheartais equity
" Mar gheall ar an meas mór atá ag daoine ar Chomsky, ní thugann siad faoi deara ach oiread tionchar an bhrúghrúpa AIPAC—rud a dhéanann an-dochar do leas na síochána agus an cheartais sa réigiún, dar leis.
iomrall ceartais mórthaibhseach massive miscarriage of justice
" Dúirt Hans Köchler, breathnóir na Náisiún Aontaithe, gur “iomrall ceartais mórthaibhseach” a bhí sa triail i gcoinne “buamadóir Loch Earbaí.
saghas iomrall ceartais type of denial of rights
" Nuair a bhíonn na meáin ar nós drong linseála, cén t-ionadh go dtarlaíonn an saghas iomrall ceartais a d’fhulaing muintir Chamberlain?
iomrall ceartais a miscarriage of justice
" Táthar ag maíomh gur iomrall ceartais a bhí i gceist i gcás Mhaolra Seoighe.
thabhairt faoi réim an cheartais to bring to justice
" Ní hamháin sin, ach caithfidh an t-íospartach a bheith sásta comhoibriú le húdaráis an stáit d’fhonn na daoine a rinne gáinneáil air a thabhairt faoi réim an cheartais.
an t-iomrall ceartais thuasluaite the above mentioned miscarriage of justice
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
Riar an Cheartais the administration of justice
" Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737 i bhFeidhm go Fóill ==================== Luaigh Tuarascáil Chomhairle na hEorpa na cúirteanna - de réir an Acht Um Riar an Cheartais (Éire) 1737, tá cosc ar Ghaeilge a úsáid i gcúirteanna Thuaisceart Éireann.
an t-iomrall ceartais ba mheasa the worst denial of rights
" Cíorann Bearnaí Ó Doibhlin san alt seo an t-iomrall ceartais ba mheasa san Astráil le fada an lá riamh, máthair a ciontaíodh agus a sacadh isteach sa charcair nuair a chuimil an tubaiste léi.