Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
do chóras imdhíonach your immune system
" Ach má bhíonn fadhb agat le do chóras imdhíonach, bíonn an galrú níos contúirtí.
chóras deachúlach decimal system
" Ba í an dealbhóir Gabrielle Hayes a rinne na boinn nua a dhearadh nuair a cuireadh tús leis an chóras deachúlach i 1971.
chóras na bpáirtithe the party system
" Tugann toghlaigh na n-ollscoileanna deis do sheisear ó lasmuigh de chóras na bpáirtithe guth a bheith acu san Oireachtas (Parlaimint na hÉireann).
chóras comhartaíochta ar na hiarnróid rail signalling system
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
chóras na haoireachta the whip system
" Ach is é an fhírinne, de bharr móramh a bheith i gcónaí ag an Rialtas sa Seanad agus de bharr chóras na haoireachta, tá tionchar an tSeanaid ar reachtaíocht ag dul i laghad seachas i méid.
chóras ceapacháin appointment system
" Ní dóigh leis, áfach, go nglacfar leis na moltaí a déanadh maidir leis an chóras ceapacháin a athrú.
chóras gréasáin teicneolaíochta eolais IT network system
" Deir suíomh Raytheon go mbeidh sé ag obair ar chóras gréasáin teicneolaíochta eolais "le héilimh chomhlachtaí Raytheon ar fud an domhain a shásamh".
chóras ríomhaireachta computer system
" ) Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne.
chóras néarógach nervous system
" Tá do chóras néarógach corraithe de dheasca an iomarca ólacháin agus oícheanta malla.
chóras inmheánach internal system
" D'iarr siad orm iarracht a dhéanamh idir an dá linn réiteach a fháil tríd an chóras inmheánach sa choláiste.
chóras sóisialta social system
" "Sa chuid seo den tír, is drochrud a bheith polaitiúil agus tá daoine neirbhíseach faoin pholaitíocht sa teanga nó san fhilíocht, ach bhí filíocht na Gaeilge i gcónaí polaitiúil - i gcónaí ag plé leis an pholaitíocht, leis an chóras sóisialta, agus bhí ról lárnach ag na seanfhilí i saol an phobail agus iad ag plé le ceisteanna a linne.
ón chóras oifigiúil oideachais from the official education system
" Ina dhiaidh sin, caithfimid tús a chur leis na príomhimeachtaí oideachasúla don aos óg: campa samhraidh do na páistí bunscoile agus scoil samhraidh do na daltaí meánscoile (le haitheantas ón chóras oifigiúil oideachais).
chóras sóisialta social system
" Ach bhí daoine eile ann a chonaic na buntáistí a bhain le bheith ceangailte leis an Danmhairg: an t-airgead, an gradam a bhain le bheith nasctha le tír chumhachtach Eorpach, agus an cead a bhí acu teacht i dtír ar chóras sóisialta na Danmhairge.
chóras náisiúnta national system
" Cóilíneachtaí neamhspleácha a bhí sa tír nuair a tosaíodh ar na bóithre iarainn agus deis iompair réigiúnach a bhí iontu ar feadh i bhfad seachas cuid de chóras náisiúnta.
chóras iompair transport system
" Chomh maith leis sin, tá bóthar iarainn ar fáil a dúnadh i 1963 agus b'fhearr i bhfad é sin a úsáid mar chóras iompair seachas na carranna sin ar fad a mhealladh isteach go Baile Átha Cliath.
as an chóras comharthaí sin from that system of signs
" Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
chóras traidisiúnta na hainmníochta the traditional system of naming
" Níl a fhios againn go fóill cé hé an gníomhaí ach ós é "Bullaí Mhártain" teideal an scéil, agus ó tá eolas againn ar chóras traidisiúnta na hainmníochta sa tsochaí Ghaelach, glacaimid leis - agus an ceart againn - gurb é Bullaí an gníomhaí agus gurb é Mártan an t-athair.
chóras éigeandála emergency system
" "Ní raibh ach beirt nó triúr ar dualgas ag an stáisiún agus ní raibh aon chóras éigeandála acu.
chóras éifeachtach effective system
" Tá na heagraíochtaí stáit ag rá go bhfuil méadú tagtha i mbliana ar líon na dturasóirí, ach is dócha nach gcreideann éinne sin agus, i ndáiríre, níl aon chóras éifeachtach acu le fás a thomhas ná le figúirí cearta a chur ar fáil.
leasú ar chóras na gceadúnas repeal of the licence system
" Baineadh amach cuid de na haidhmeanna a bhí ag na mianadóirí go gairid ina dhiaidh sin, ina measc leasú ar chóras na gceadúnas agus ionadaíocht parlaiminte.
chóras vótála leictreonraí electronic voting system
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
chóras toghchánach electoral system
" Rinneadh treisiú ar ár gcreideamh sa chóras toghchánach ar scoil; cé nach mbeadh cead againn a bheith páirteach sa chóras sin go mbeadh muid ocht mbliana déag, thosaigh muid ag dul i dtaithí air trí bheith rannpháirteach i "dtoghcháin" scoile gach ceithre bliana.
chóras satailíte satellite system
" Dá bharr seo, tá daoine áirithe in Árainn agus Conamara ag smaoineamh ar chóras satailíte a chur isteach iad féin, córas a chosnódh €4,000 ag an tús agus trealamh curtha san áireamh.
chóras system
" Ach cén seans a bheadh ag iarrthóirí sóisialacha sa chóras faoi láthair? Beag an seans, ar ndóigh, go háirithe nuair is gá a rá sa Tionól - má bhíonn a leithéid arís ann - gur páirtí náisiúnach nó aontachtach thú.
chóras lochtach faulty system
" Ach ní léir go bhfuil aon leasuithe i ndán don chóras lochtach a chothaigh an fhadhb seo sa chéad dul síos.
chóras airgeadais financial system
" * Is furasta éirí searbh fán domhan seo a bhfuil muid beo ann, ach diaidh ar ndiaidh tá mé níos cinnte de go bhfuil gach uile aonarán, gach pearsa, faoi ionsaí ag an chóras airgeadais agus polaitíochta ó thuaidh, cé nach rud é seo a bhaineann leis an tuaisceart amháin, ar ndóigh.
sa chóras ballóide faoi rún in the secret ballot system
" Fágadh ar lár é i l994 de bharr locht sa chóras ballóide faoi rún, ach an bhliain chéanna sin, roghnaigh na himreoirí é mar "Imreoir na Bliana" agus ba é an rogha leis do dhuais Texaco, "Iománaí na Bliana"! Gné eile de scéim na Réaltaí a thug uchtach agus spreagadh d'imreoirí ná turas na Réaltaí.
de bharr chóras an "chúldorais" because of the 'backdoor' system
" Is cinnte go dtugann imreoirí taispeántais iontacha ar fud na tíre i rith na bliana, go háirithe le cúpla bliain anuas agus an méid sin cluichí breise ann de bharr chóras an "chúldorais".
chóras cumhachtach na scoileanna paróiste the mighty parochial school system
" "Tá meath mór ag teacht ar chóras cumhachtach na scoileanna paróiste a d'fhás céad go leith bliain ó shin ó gheoiteonna na n-inimirceach, ar dhoras isteach sa tsochaí Meiriceánach é do na milliúin agus ar fhoinse cumhachta gan teorainn, beagnach, é d'institiúid na Eaglaise Chaitlicí," a scríobh Jim Dwyer le gairid sa New York Times.
chóras oibriúcháin operating system
" Ansin, tar éis lánstad, bhí cead acu trí litir bhreise a úsáid chun insint don chóras oibriúcháin cén fhormáid comhaid a bhí i gceist.
dá chóras imdhíonta to his immune system
" Rinneadh damáiste dá chóras imdhíonta agus faigheann sé achan tinneas atá ag dul thart.
chóras rátála rating system
" An phríomhchúis ar thug mé cuairt ar an suíomh, áfach, ná chun feiceáil cén áit a raibh mo phost féin – múinteoir – sa chóras rátála.
chóras daonlathach democratic system
" Tá geallúintí bunúsacha áirithe ag baint leis an chóras daonlathach.
chóras iompair transport system
" Is de réir a chéile a thuig daoine go raibh rud éigin mór as an ngnách ag tarlú ar chóras iompair Londan le déanaí.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
chóras féinmhaoirseachta system of self-stewardship
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin ach chomh beag go bhfuil brú ar an rialtas dul i ngleic leis an cheist seo mar nach bhfuil aon chóras féinmhaoirseachta ag an tionscal féin.
an chóras vótála leictreonaí the electronic voting system
" Chaill Máirtín Ó Coileáin aon chreidiúnacht a bhí fágtha aige nuair a tugadh cur síos sa chlár ar an chóras vótála leictreonaí agus ar an chostas atá ag baint le stóráil an trealaimh agus gan é á úsáid ar chor ar bith.
faoin chóras iarnróid about the railway system
" “Dea-scéala faoin chóras iarnróid sa Bhreatain, údar tromluí go leor paisinéirí mífhortúnacha? An é an lá inniu an chéad lá de mhí an Aibreáin?” Bheadh sé cineál íorónta dá mbeadh an easpa infheistíochta agus an easpa tacaíochta ón Rialtas le blianta anois mar bhuntáiste ag na hiarnróid sa Bhreatain, agus dá gcuirfeadh seo chun cinn iad ar chórais na Fraince agus na Gearmáine ach, má éiríonn le heagraíocht darb ainm UK Ultraspeed, sin go díreach an rud a tharlóidh.
i leith athstruchtúrú an chóras leighis regarding the restructuring of the health system
" Tá dochtúirí áirithe den tuairim go dtiocfaidh ardú as cuimse ar líon na gcásanna MRSA sa tír seo má chuirtear moltaí Hanley i leith athstruchtúrú an chóras leighis i bhfeidhm.
a leithéid de chóras such a system
"a leithéid de chóras measartha coitianta ar mhór-roinn na hEorpa agus tá trealamh ardteicneolaíochta ar fáil anois a chiallaíonn nach próiseas fadálach a bhíonn ann.
chóras dlí legal system
" Baineadh stangadh as pobal Mheiriceá i gcoitinne le déanaí nuair a thug an tUachtarán George Bush le fios, in óráid phoiblí, go ndeachaigh sé taobh amuigh den chóras dlí chun cúléisteacht agus spiaireacht a dhéanamh ar amhrasaigh, agus go raibh an chúléisteacht seo ar siúl ó 2001 i leith.
sa chóras oideachais in the education system
" Go bhfeabhsófaí ó bhonn múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
chóras iompair transport system
" An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do chóras iompair na hÉireann.
sa chóras oideachais in the education system
" Go bhfeabhsófaí ó bhonn múineadh na Gaeilge sa chóras oideachais.
nach mbacann leis an chóras who doesn't bother with the system
" Lena chois sin, tá sé léirithe ag an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, gur mó i bhfad an t-eolas atá ar fáil don té nach mbacann leis an chóras atá leagtha síos ag an Stát le heolas oifigiúil a scaoileadh.
de chóras riaracháin agus cumarsáide na Gaeilge of the administrative and communications system of the Irish language
" Is féidir a rá, mar sin, go bhfuil an chuid is tábhachtaí de chóras riaracháin agus cumarsáide na Gaeilge lonnaithe sa cheantar céanna.
de chóras iompair phoiblí of a public transport system
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
sa chóras séarachais, in the sewerage system,
" Neamart Le blianta, rinneadh neamart sa chóras séarachais, sna bóithre; tá brú ag teacht ó gach cearn ar fheirmeoirí; tá an bhochtaineacht forleathan.
den chóras oibriúcháin mór le rá. of the well-known operating system.
" com/windowsvista/), leagan nua den chóras oibriúcháin mór le rá.
ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge studying the sound system of Irish
" Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis.
a fhanann sa chóras oideachais níos faide, who stay longer in the education system,
" Daoine a fhanann sa chóras oideachais níos faide, is minic a fhanann siad gníomhach i gcúrsaí spóirt agus imríonn siad níos mó ná spórt amháin de gnáth.
dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais the more time a person spends in the education system
" Ní hiad na cáilíochtaí oideachais atá tábhachtach sa chás seo, ach dá mhéad ama a chaitheann duine sa chóras oideachais is ea is mó seans go leanfaidh sé/sí ar aghaidh ag imirt spóirt ar feadh a shaoil.
sa chóras traenach in the train system
" Nuair a chuaigh an traein faoi thalamh chomh fada leis an áit sin, an ceantar ab fhaide ó thuaidh ar oileán Manhattan, bhog cuid mhaith Éireannach a bhí ag obair sa chóras traenach ansin.
Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach when communism was rejected
" Nuair a tugadh droim láimhe don chóras cumannach i 1989, níor cuireadh aon phionós orthusan a rialaigh an Pholainn le linn an chumannachais.
ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte working on a new open operating system
" Tá siad ag oibriú ar chóras oibriúcháin nua oscailte le 30 comhlacht eile.
ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE. on the modus operandi of the EU's political system
" Athruithe SuntasachaCáipéis théagartha is ea Conradh Liospóin, a dhéanfaidh athruithe suntasacha ar chumhachtaí agus ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE.
sa chóras ollscolaíochta ar fad. in the university system as a whole.
" Go deimhin, polaitíocht ghránna a bhí i gceist agus deirtear liom go bhfuil sí sa chóras ollscolaíochta ar fad.
gheobhaidh mé seilbh ar chóras craoltóireachta I will take possession of the broadcasting system
" Agus mise mar Uachtarán ar an tír seo, gheobhaidh mé seilbh ar chóras craoltóireachta ’Nam Thuaidh, agus ní bheidh le feiceáil acu ar an tele 24/7 ach “Desperate Housewives*” *agus na “Sopranos”.
lasmuigh den chóras oideachais outside of the educational system
" 78% de dhaonra na Poblachta, nó 72,148 duine, a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais (níl figiúirí inchomórtais ar fáil don Tuaisceart).
sa chóras in the system
" An ndéarfá go raibh fabht éigin sa chóras a cheadódh a leithéid? Sin é go díreach atá ar bun de réir mo bharúlsa i gcás an líon ard scoláirí atá ag fáil díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge sa mheánscoil ach atá ag an am chéanna ag tabhairt faoi nuatheanga Eorpach amháin eile ar a laghad a fhoghlaim.
chóras cruinnithe áitiúla a system of local meetings
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
lasmuigh den chóras outside of the (party) system
" Ceist An-Mhór Cé gur ábhar réasúnta beag ar bhealach an méid seo, ardaíonn sé ceist an-mhór agus is í sin, cé chomh daonlathach agus atá an próiséas polaitaíochta faoi láthair?An ceart nó an fiú próiséas eile a fhorbairt a chuirfeadh leis an daonlathas agus a chinnteodh go raibh deacrachtaí agus dúshláin na bpobal á gcur ar chlár oibre na gcomhairlí contae?An bhféadfaí córais a fhorbairt i ndáilcheantair ina mbeadh cruinnithe poiblí eagraithe ag coistí pobail le hiarrthóir dá gcuid féin a roghnú lasmuigh den chóras páirtí.
chóras system
" Oideoir nó oideachasóir, fiontraí oideachais nó fiontraí foghlama, nó nuálaí sa chóras oideachais.
chóras dlí legal system
" D'fhág sí Princeton i gcéadáit a ranga chun céim mháistreáchta a dhéanamh in Ollscoil Yale agus ó shin i leith d'éirigh suas trí chóras dlí Nua-Eabhrac.
chóras oibriúcháin domhandaithe globalized operating system
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
chóras system
" Shiúil na hiarrthóirí eile amach as Halla na Cathrach, Manchain, nuair a toghadh Griffin faoin chóras ionadaíocht chionmhar d'Hondt ar 8ú Meitheamh.
chóras system
" Ardófar líon na vótaí a bheidh ag na tíortha móra sa Chomhairle Eorpach ach ní dhéanfaidh sé difríocht mhór mar go gcaithfidh siad “tromlach dúbailte” a fháil sa chóras nua – “55%, ar a laghad, de na ballstáit, agus é a bheith ionadaíoch de 65%, ar a laghad, de dhaonra an Aontais.
chóras system
" org/wiki/Facebook_features) Maidir le teangacha, sheol Facebook a chóras aistriúcháin i samhradh 2008.
chóras system
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
chóras system
" An raison d’etre don tionscnamh píolóta teanga ná é seo: go bhfuil sé mar sprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an líon cainteoirí laethúla Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais a mhéadú ó 83,000 go 250,000 faoin mbliain 2030 agus nach mbainfear amach an sprioc sin gan ‘smaoineamh taobh amuigh den bhosca’.
chóras system
" Ach léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
chóras system
" Fillfead ar *‘Animal Kingdom’*, príomhfhócas cholún na míosa seo, nuair a thagaim chugam féin arís tar éis bladhmann eile a scaoileadh amach in éadan chóras Hollywood.
chóras daonlathach democratic system
" Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint =========== Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht: 1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
chóras rialtais system of government
" Is gné shuntasach den chóras rialtais abhus go bhfuil an chumhacht ag aon rialtas náisiúnta tús a chur le feachtas míleata thar lear gan chead a fháil ón bparlaimint roimh ré.
chóras oideachais educational system
" Trevor Sargent ón gComhaontas Glas, an t-aon duine a cheistigh an sprioc atá sa Straitéis go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil taobh amuigh den chóras oideachais faoin mbliain 2030.
chlis ar chóras rialaithe the system of governance failed
" Is éard a tharla in Éirinn ná gur chlis ar chóras rialaithe na tíre.
chóras oideachais educational system
" Tá go leor díospóireachta déanta le bliain anuas faoin sprioc uaillmhianach sa straitéis go dtiocfadh méadú ar an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais ó 83,000 go 250,000 fán bhliain 2030.
chóras imdhíonachta defence system
" Bhí sé i gceist aici taighde a dhéanamh ar an chóras imdhíonachta agus ar mhianach na gcorp seo ag an tús, ach baineadh geit as achan duine nuair a thosaigh roinnt cealla ag nascadh in áit a bheith ag troid i gcoinne a chéile agus is ar an chomhtharlúint neamhghnách seo atá an saothar bunaithe.
an chóras gheilleagair of the economic system
" An dream bídeach a mhaígh roimh thitim ó dhíomais an chóras gheilleagair, níor tugadh aon aird mórán orthu ag an am, Peter Schiff i Meiriceá, David McWilliams agus Eddie Hobbs in Éirinn.
chóras pholaitíochta political system
" Tá geilleagar na tíre buailte go dona agus tá cliste ar an chóras pholaitíochta.
chóras oideachais education system
" Leoga, is geall le leadóg an dóigh a bhfuil sí ag láimhseáil síorcháineadh na ndaoine atá i bhfách leis an scrúdú aistrithe a choinneáil i réim sa chóras oideachais ó thuaidh - dá mhinice a bhuailtear an liathróid mheafarach a fhad leis an Aire, buaileann sí ar ais í, ach tá Ruane cleachta le bheith ag plé le daoine i bhfad níos diongbháilte na meánaicme na Sé Chontae.
de chóras an dlí of the legal system
" An gcabhróidh na leasuithe dlí atá á moladh sa Bhrasaíl agus san Ísiltír? Má léiríonn eachtraí Rio de Janeiro agus Alphen aan den Rijn rud amháin, is é seo é: tiocfaidh gealt ar ghunna nuair a theastaíonn uaidh – laistigh nó lasmuigh de chóras an dlí.
Bainfear feidhm as an chóras seo this system is used
" Bainfear feidhm as an chóras seo i dtús barra agus is í an chéad aibítir a bhíonn le foghlaim ag daltaí scoile.
chóras leasa shóisialaigh welfare system
" Tá fáilte roimh imircí, a dúirt sé, má oibríonn siad is má íocann siad a gcáin agus mura mbaineann siad mí-úsáid as an chóras leasa shóisialaigh.
chóras system
" “Ar an taobh eile, caithfidh tú dreamanna agus daoine áirithe a chosaint fríd páirt a ghlacadh sa chóras.
chóras cosáin footpath system
" Is féidir leat fanacht faoi thalamh ar chóras cosáin do na coisithe darb ainm an PATH.
chóras system
" Is iomaí uair in imeacht na mblianta a maíodh nach dteipfeadh ar chóras áirithe i réim amháin nó eile de shaol na heolaíochta, cúrsaí airgeadais, i dtaca le sláinte poiblí srl.
chóras system
" Tá gach scannán ar chóras an Boeing 747 feicthe agam cheana.
chóras féinrialaithe self-regulation system
" Cuirfidh sé seo deireadh leis an chóras féinrialaithe atá ann faoi láthair.
chóras system
" Is é sin, Straitéis na Gaeilge agus an rud atá ar intinn ag an rialtas i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus tá sé á fhoilsiú inniu agus tá mé ábalta cóip a thabhairt duit! An chéad duine a fuair cóip de! **SMM: Go raibh míle maith agat!** Aithreacha an Stáit ======== **SMM: Is iad Fine Gael a chéadlonnaigh an Ghaeilge sa chóras stáit in am Earnán de Blaghd agus Alastair Mhic Cába.
chóras daonlathais democratic system
" Is iad drong an airgid mhóir, an CAI, agus an Banc Ceannais Eorpach, na fíormháistrí agus níl sa chóras daonlathais agus sna pobail a thoghann teachtaí chuige i ndáiríre ach na bómáin atá fágtha ar an bhallán chúil.
chóras oibriúcháin works system
" Ar gach uile chóras oibriúcháin fóin eile, ó Palm go Microsoft, is cluichí iad, ar a laghad, 25% den íosluchtú a tharlaíonn.
chóras oideachais education system
" Daoine le Gaeilge a úsáideann go laethúil í agus go seachtainiúil taobh amuigh den chóras oideachais</caption> <thead> <tr> <td>Bliain</td> <td align="center">2006</td> <td align="center">2011</td> </tr> </thead> <tbody> <tr> <td>Líon le Gaeilge</td> <td align="right">1,656,790</td> <td align="right">1,774,437</td> </tr> <tr> <td>Go Laethúil</td> <td align="right">72,148 (4.
chóras oideachais educational system
" Agus cad é faoina scoil, Coláiste Naomh Peadar i gContae na Mí? “Labhair *Blackburn Rovers* leis an leas-phríomhoide ansin agus mhínigh siad di faoin chóras oideachais atá acu anseo san acadamh.
chóras oideachais educational system
" Is féidir a rá, is dócha, go n-aontaíonn daoine go bhfuil líon na gcainteoiri laethúla Gaeilge (lasmuigh den chóras oideachais), a sonraíodh i dtorthaí an daonáirimh, ag teacht leis an mhéid a bheadh daoine ag meas.
chóras oideachais education system
" Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga.
theip ar chóras baincéireachta na hÉireann the Irish banking system failed
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
chóras system
" Chonaic duine éicint sa Bhreatain Bhig an méid sin, thug taitneamh don chóras agus thosaigh é.
chóras rialtais na tíre the national system of government
" I mí Feabhra 2012, chuaigh baill den bhuíon Pussy Riot isteach in Ardeaglais Chríost an Slánaitheoir, gléasta i mbalaclavaí agus éadaí ildaite, chun taibhiú a dhéanamh ar phaidir punc dá gcuid féin, inar iarr siad ar an Mhaighdean Mhuire fán a chur ar Putin agus cosaint a dhéanamh ar chóras rialtais na tíre.
chóras polaitíochta na tíre the national political system
" Thug pobal na hÉireann sainordú daonlathach don rialtas seo atheagar ó bhonn a dhéanamh ar chóras polaitíochta na tíre.