Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cheardchumainn union
" Cé gur léir gur féidir an locht a chur ar dhrochphleanáil an cheardchumainn féin agus na Roinne Oideachais nach bhfuil go leor múinteoirí á n-oiliúint, tá seans ann gurb í an Ghaeilge a bheas thíos leis má éistítear le Joe O'Toole agus a leithéidí.
cheardchumainn trade unions
" Níor luaigh na Gaeil-Mheiriceánacha atá i gceannas ar cheardchumainn na bpóilíní agus na bhfear dóiteáin, Pat Lynch agus Stephen Cassidy faoi seach, an S-fhocal uafásach sin ag an teacht le chéile i Times Square, ach tá gnáthbhaill an NYPD ag caint cheana féin faoi dhianbheart a bheadh inchurtha le gníomhaíocht thionsclaíoch mhí-iomráiteach na bliana 1971.
idir cheardchumainn agus chorparáidí both trade unions and corporations
" Níl na brúghrúpaí, idir cheardchumainn agus chorparáidí, toilteanach teacht gan pribhléidí.
ceannáras mo cheardchumainn the headquarters of my union
" Chuaigh mé ó dheas go Londain i Meitheamh le cúrsa Sláinte agus Sábháilteachta a dhéanamh ag ceannáras mo cheardchumainn, NATFHE, cóngarach do Stáisiún King's Cross.
stíobhaird ceardlainne an cheardchumainn. the shop steward of the trade union.
" Iascaireacht agus poitín D’oibrigh Colin in oifig an phoist i Learpholl, áit a raibh sé mar stíobhaird ceardlainne an cheardchumainn.
cheardchumainn trade unions
" Sílim féin gur theip ar thráchtairí, cheardchumainn, agus ar pholaiteoirí croí na faidhbe a aithint.
cheardchumainn trade unions
" Sir Kenneth Pugh Thompson (1909-1984) a bhí ina fheisire i Walton agus bhí drochmheas aige ar na hÉireannaigh agus ar cheardchumainn.
cheardchumainn trade union (activity)
" Ba cheart ráfla a chur thart nach mbainfidh na ciorruithe ach le Caitlicigh amháin nó le Protastúnaigh amháin agus feicfidh muid an daonra ar fad amuigh agus clár crochta in airde ina nglaic acu! Glacfaidh sé am le gluaiseacht iomaíochta a bhunú ach measann an eite dheis gur féidir stad a chur leis na ciorruithe frí ghníomhaíocht phobail agus cheardchumainn.
cheardchumainn tradeunions
" Thiocfadh mar shampla, cead a thabhairt do Chonradh na Gaeilge agus do cheardchumainn na múinteoirí comhalta an duine a ainmniú ar an phainéal Chultúir agus Oideachais.
ardrúnaí an cheardchumainn the trade union chief secretary
" Ba é Len Mc Cluskey, ardrúnaí an cheardchumainn is mó sa tír, *UNITE*, an príomhchainteoir ag oscailt taispeántas grianghraf faoin Bhriogáid Idirnáisiúnta sa Casa Club i Learpholl i mí Mheán Fómhair.