Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chomhlacht company
" Daniel an t-ainm a bhí air agus tugtar Mahogany ar an chomhlacht.
sular theip ar an chomhlacht before the company failed
" Ghlaoigh Comhdháil na Stát Aontaithe ar Skilling, iar-CEO Enron, chun fianaise a thabhairt ach mhaígh seisean nach raibh cuimhne aige ar shonraí na n-imeachtaí a tharla sular theip ar an chomhlacht.
chomhlacht company
" Nuair a cheannaigh Pádraig Ó Céidigh Aer Árann ocht mbliana ó shin ba chomhlacht beag é a bhí ag cur seirbhíse ar fáil d'Oileáin Árann amháin.
chomhlacht próiseála éisc fish processing company
" " De réir Tony Byrne ón chomhlacht próiseála éisc Norfish, atá lonnaithe i nDún na nGall, tagann 10% dá theacht isteach ón mhargadh Éigipteach agus dá dteipfeadh air sin chaillfí postanna.
chomhlacht company
" Tá Séigheann ina bhall de chomhlacht darb ainm Gael Dealbh atá ag cruthú píosaí dealbhóireachta do na siúlóidí sin ar a dtugtar Bealach na Gaeltachta.
a bancbriseadh a chomhlacht that his company was bankrupt
" Ag tabhairt fianaise dó dúirt Rupert gur de bharr taisme leoraí a bancbriseadh a chomhlacht.
chomhlacht company
" Go deimhin, tá fógra ag Eircom faoi láthair a chlúdaíonn roinnt den ábhar ar an suíomh, mar aon le fógra do chomhlacht eile.
chomhlacht teoranta limited company
" Cén fáth ar bunaíodh é? Socraíodh ar chomhlacht teoranta a bhunú chun go bhféadfaimis urraíocht a dhéanamh ar thionscadail FÁS, Oifig Eolais don phobal a reáchtáil, scoileanna nó eile a bhunú agus maoiniú stáit a fháil chun an teanga agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn i gCiarraí (agus lasmuigh den chontae).
chomhlacht iomportála caife agus tae coffee and tea importing company
" Ba chomhlacht iomportála caife agus tae Bewley's nuair a chuaigh sé i mbun gnó ar dtús in 1835.
chomhlacht léiriúcháin production company
" Ach is duine óigeanta é Marcus, atá i gceannas ar a chomhlacht léiriúcháin féin agus a bhfuil oifig dheas néata suite ina ghairdín cúil.
chomhlacht eachtrannach a foreign company
" “Murach gur chuir Gael Linn an t-iarratas sin isteach,” a deir Marcus, “thabharfaí an ceadúnas do chomhlacht eachtrannach gan dabht.
an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó the two biggest supermarket companies
" Bhí siad míshásta leis an dá chomhlacht ollmhargaidh is mó sa tír, Coles agus Woolworth’s, a bhfuil formhór an mhargaidh do bhia acu ar fud na tíre.
chomhlacht neamhspléach independent company
" Tá polaiteoirí áirithe go láidir den tuairim nár cheart go mbeadh an tseirbhís náisiúnta craoltóireachta ag tabhairt deise do chomhlacht neamhspléach an cáineadh seo a dhéanamh agus tá an Cathaoirleach de choiste amháin Dála ag rá gur cheart ceannairí RTÉ a thabhairt os a gcomhair láithreach bonn! Beidh sé suimiúil feiceáil cad é atá i ndán don chlár “Rip-Off Ireland”.
an chomhlacht mór fógraíochta the big advertising company
" Bhí cara dá cuid i ndiaidh post a fháil leis an chomhlacht mór fógraíochta McConnell’s agus chuir sí Maebh ar an eolas faoi fholúntas eile sa chomhlacht céanna.
chomhlacht príobháideach private company
" Dúirt siad freisin dá mba chomhlacht príobháideach a bheadh i gceist nach bhfoilseofaí torthaí na trialach ar chor ar bith.
mo chomhlacht foilsitheoireachta féin my own publishing company
" Shocraigh mé ansin ar mo chomhlacht foilsitheoireachta féin a chur ar bun agus rinne mé é sin i 1995, cé nár thosaigh muid i gceart go dtí 1996.
oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder heir of the cosmetics company Estée-Lauder
" Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a cheannaigh an phortráid i bpáirt lena dheartháir Leonard, ar $135 milliún, deirtear.
cláraithe mar chomhlacht registered as a company
" AÓF: An bhfuil sibh i bhfad ar an mbóthar? DdeB: Tá muid cláraithe mar chomhlacht le breis is bliain anuas agus chaith muid seal roimhe sin ar an réamhobair.
leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta with the big multi-national company
" B’innealtóir é a hathair a bhí ag obair leis an chomhlacht mór idirnáisiúnta Bechtel’s agus thug a chuid oibre thar lear é go háiteanna éagsúla agus Nikki ag éirí aníos, an Iodáil agus an Ghearmáin ina measc.
a chomhlacht his company
" Shady Lane Productions atá t-ainm atá ar a chomhlacht agus is féidir leis an phobal amharc air trí fhuinneog mhór agus é i mbun a chuid oibre.
ó chomhlacht taistil. from a travel company.
" Fuair mé amach go bhfuil sé i bhfad níos saoire dhá thicéad a fháil, ceann amháin ag an phort do na báid agus ceann eile ar an bhus, ná ticéad amháin don turas iomlán a cheannach ó chomhlacht taistil.
Mar chomhlacht de chuid stát na hÉireann, as a body of the Irsih state,
" Mar chomhlacht de chuid stát na hÉireann, foilsítear gach rud i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir iarratais a sheoladh isteach i gceachtar den dá theanga.
a chéad chomhlacht comhairliúcháin. his first consultancy company.
" Cé go mbreathnaítear ar Peter i gcónaí mar fhiontraí, deir sé nach ndeachaigh sé leis an bhfiontraíocht ar bhonn neamhspleách go dtí na nóchaidí nuair a bhunaigh sé a chéad chomhlacht comhairliúcháin.
a chomhlacht his company
" Is seandálaí gairmiúil é Stephen, agus tá a chomhlacht lonnaithe i Lìte.
ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, but to ensure that he wouldn't insult either of the two companies
" Ghlac Mick leis an dá phéire, ach lena chinntiú nach maslóidh sé ceachtar den dá chomhlacht, chaith sé branda amháin ar chos amháin agus branda ar an gcos eile!Duine uasal ab ea Mick Holden, agus daoine uaisle is iad a mhuintir ar fad.
Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, his company were supposed to be paying for my hotel bill
" Bhí a chomhlacht in ainm is a bheith ag íoc as mo bhille óstáin, ach ní raibh sé íoctha acu fós.
ó chomhlacht darbh ainm dó from a company called
" De réir na litreach a fuair mé ó chomhlacht darbh ainm dó Grupo Eulen Security Company SA, roghnaíodh m'ainm mar chuid den “*international promotion programme*” atá acu.
mo chomhlacht árachais my insurance company
" Ní raibh mo chomhlacht árachais sásta iad a chlúdach ach an oiread.
chomhlacht company
" Lorgaíos uimhir chomhlacht tacsaí ó bhean an tí.
chomhlacht company
" Saineolaí athchóirithe iomráiteach, a thugann a chomhlacht féin, FTI Consulting, ar Greenspan.
chomhlacht company
" Ní raibh aon deacracht airgid ag a chomhlacht Móinéar Teoranta.
chomhlacht company
" Bronnfar an gradam ar chomhlacht nó ar ghnóthas a dhéanfaidh an iarracht is fearr chun an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí margaíochta.
chomhlacht company
" Tá sé ag obair do chomhlacht mór ríomhaireachta.
chomhlacht a company
" Más gá, tiomáin thart chuig chomhlacht a dhíolas boinn.
chomhlacht company
" Saothar Scannáin Chiaráin SMM: Tá do dheartháir Ciarán thiar Conamara agus obair thar cinn déanta aige le blianta lena chomhlacht Rosg (cuimhním ar Cré na Cille http://www.
chomhlacht árachais insurance company
" Curadh an Domhain Ceangal amháin atá ann leis an tír, áfach, ná go bhfuil sí urraithe ag an chomhlacht árachais Hibernian.
chomhlacht company
" Níor éirigh leis an iriseoir teacht suas le seinnteoir feadóíge amháin a sheinn ar thrí chinn desna rianta nach cuimhin le héinne cérbh é! Bhí sé ann ach níl sé ann!! Alan O Doherty Bhí an Tamhlachtach, Alan O Doherty (a sheinn le Gráda tráth) ar saoire thall sa Nua-Shéalainn nuair a fuair sé glaoch ó chomhlacht léiriúcháin an scannáin *Lord of the Rings*.
chomhlacht cosmaidí cosmetiques company
" Is é Ronald Lauder, oidhre chomhlacht cosmaidí Estée-Lauder, a chéadmhaoinigh an Shalem Center nuair a bunaíodh an foras taighde Síónach i 1994, agus é ina chathaoirleach ar a bhord iontaobhaithe ó shin i leith.
chomhlacht forbartha talún land development company
" Cé nár fear maith gnó ariamh é, thuig sé tábhacht na margaíochta go rímhaith, agus nuair a theip air ar a chomhlacht forbartha talún sna hochtóidí, d'athraigh sé é féin ó bhun.
chomhlacht taistil travel company
" Tógadh i longchlós Harland agus Wolff i mBéal Feirste í don chomhlacht taistil White Star Line agus ba é an soitheach gaile paisinéara ba mhó ar an domhan é ag an am, rud a spreag suim ollmhór idirnáisiúnta ann.
chomhlacht ríomhaireachta computing company
" Tháinig a lán Éireannach go Milwaukee ag obair do chomhlacht ríomhaireachta sna nóchaidí.
chomhlacht neamhspleách independent company
" Táimid thar a bheith buíoch, ní hamháin de Joe Steve, ach den chliar is den fhoireann léirithe agus den chomhlacht neamhspleách, Katcom atá á dhéanamh.
chomhlacht company
" Is é ‘Deiseal’ an t-ainm atá ar an chomhlacht.
chomhlacht company
" Ach cérbh é Bill Fuller a fuair bás sa bhliain 2008, beannacht Dé leis? Fear a chuir 26 halla rince á dtógáil, bhí 3,000 duine fostaithe ag a chomhlacht tógála agus é i mbarr a réime.
a chomhlacht tógála his building company
" An Tús Óg an Tús Maith ========== Bhí sé ar intinn ag Fuller a ghnó féin a thosú chomh luath agus a bheadh deis aige agus bhí a chomhlacht tógála féin aige sula raibh sé fiche bliain d’aois.
an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach the wonderful theatre and acting company
" Is trua nach bhfuair an claonbholscaire sin an deis oíche a chaitheamh i gcuideachta le Corcadorca, an chomhlacht aisteoireachta agus amharclannaíochta iontach a shíolraigh as an ithir chéanna cois Laoi i 1991.
gurb fhiú don chomhlacht it was worth the companies while
" Bhí an líon sin trácht ag gabháil amú toisc ord na bhfocal sin gurb fhiú don chomhlacht na áiseanna sin a chaitheamh air.
an chraobh Éireannach den chomhlacht the Irish branch of the company
" Is dócha gur chuala sibh, nó go bhfaca sibh, ar fad SsangYong ar na bóithre, ach an raibh a fhios agaibh nach raibh siad ar díol anseo in Éirinn ó 2008? Go deimhin tá siad ar ais anseo in Éirinn agus tá an chraobh Éireannach den chomhlacht anois faoi stiúir Harris Hino, atá lonnaithe cóngarach do bhóthar an Náis anseo i mBaile Átha Cliath.
an chomhlacht léiriúcháin the production company
" Bhunaigh Soaizig Daniellou an chomhlacht léiriúcháin Kalanna i 1997, le beirt eile, chun cláracha Briotáinise a fhorbairt don teilifís.
chomhlacht company
" An ‘Maglia Rosa’ ======= Tá lúcháir ar dhaoine go bhfuil dearthóir de chuid na hÉireann – Fergus Niland ag obair mar cheann roinne táirge agus dearaidh leis an chomhlacht Santini i mBergamo, san Iodáil atá i mbun na ngeansaithe a dhearadh don Giro d’Italia.
geallann an chomhlacht the company promises
" Ní gá cadhnra a chur leis ar chor ar bith agus geallann an chomhlacht go gcuirfidh siad ceann in ionad gach cinn tar éis bliana.
le mo chomhlacht árachais with my insurance company
" Má éiríonn liom mo rothar a aimsiú leis an teicneolaíocht seo, ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann go teálta na sladaithe a ghoid é agus úinéireacht an rothair a phlé leo mé féin, nó ar chóir dom cúpla uair, lá, mí ag plé na ceiste leis an nGarda agus le mo chomhlacht árachais?
chomhlacht companies
" Léiríonn cliseadh trí chomhlacht mhóra san Astráil gur beag tuiscint a bhí ag an dream a bhí ina mbun ar chúrsaí eitice, dar le Dáithí Ó Colchúin.