Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teacht chucu féin to recover
" Dá dtiocfadh leis doilíos a thaispeáint, nó a bheith buartha fúthu, chuideodh sé sin le muintir na háite teacht chucu féin.
ag iarraidh teacht chucu féin trying to recover
" Tá cathracha agus bailte in áiteanna eile sa tír nach bhfuil go maith as ar chor ar bith, agus atá fós ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dheireadh ré an Chumannachais.
ag teacht chucu féin recovering
" Is éard a bheadh ann go príomha ná leapacha do dhaoine atá ag teacht chucu féin i ndiaidh obráide nó mórchúram sláinte eile, daoine a bhíonn ina luí faoi láthair i leapacha costasacha an Ospidéil Réigiúnaigh i nGaillimh.
a theacht ar ais chucusan to come back to them
" Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
ag teacht chucu féin recovering
" Tar éis na stailce dhá lá a d'eagraigh oibrithe an chórais iompair, tá an stáisiún agus an chathair ag teacht chucu féin arís.
corr-ríomhphost a sheoladh chucu to send them the odd email as well
" Le teacht an idirlín, déanann sé iarracht corr-ríomhphost a sheoladh chucu freisin, ach dar leis féin, cliseann an litriú air, ó nár fhoghlaim sé Gearmáinis ariamh ach ó bhéal a thuismitheoirí.
Tá an t-ádh leo go bhfuil do leithéid ag dul sall chucu! They're lucky that someone like you is going over to them!
" Tá an t-ádh leo go bhfuil do leithéid ag dul sall chucu! Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
ag teacht chucu féin recovering
" Fhad is a bhí muintir Chorcaí ag teacht chucu féin ó nuacht Motorola, baineadh geit as muintir Luimnigh nuair a d’fhógair Thomson Scientific go raibh siad chun roinnt dá gcuid oibriúchán a aistriú go dtí an Ind.
na rudaí a dtéadh daoine eile chucu. the things other people used to go to.
" Bhíodh oícheanta airneáil ann agus is dócha cionn is go raibh Neilí dall ní dheachaigh sise amach chuig na damhsaí agus na rudaí a dtéadh daoine eile chucu.
chun an t-airgead a chur chucu. to send the money to them
" De réir na dteachtaireachtaí ríomhphoist, bhí na céadta mílte punt Sterling buaite acu sa chrannchur agus bhí a sonraí pearsanta de dhíth chun an t-airgead a chur chucu.
tagtha chucu féin recovered
" Mar a tharla, bhí go leor scéalta faoi imreoirí a bhí gortaithe, cuid acu nuaghortaithe, cuid eile gan imirt le sealanna éagsúla ama agus cuid eile tagtha chucu féin i ndiaidh a ngortaithe.
na fámairí chucu the incoming tourists
" Saothrófar na milliúin ar na turasóirí ar fad a mheallfaidh na mórimeachtaí seo, ach le teacht i dtír ar na fámairí chucu, ní mór a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leo.
tá an fhírinne á nochtú chucu they’re seeing the truth
" De réir a chéile, creidim agus tá súil agam, tá an fhírinne á nochtú chucu.
teacht chucu féin to recover
" Anuas ar an deis a thug sé do lucht ragairne teacht chucu féin an lá dár gcionn, is áil le Spáinnigh i gcoitinne a scíth a ligean ar an Domhnach.
grianghraif a chur chucu to send them photos
" ” Anuraidh, d’iarr Mídia Periférica ar mhuintir na mbruachbhailte bochta grianghraif a chur chucu a d’fhéadfaí a úsáid mar chártaí poist.
ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin they were using various names
" Is cosúil nach raibh mórán thar thriúr den lucht cantail ag cur díobh in am ar bith ach gurb é an dóigh a raibh ainmneacha éagsúla á dtarraingt chucu féin le dul ina bhun.
nuair a spalp Éireannach mná chucu when an Irishwoman blurted out at them
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
ag tarraingt tacaíochta chucu féin garnering support for themselves
" Bíodh nach n-abraítí é, bhí meme sa saol a raibh daoine ag maíomh as a gcreideamh agus á chrú, ag tarraingt tacaíochta chucu féin.
rinne mé iarratas chucu I made a request to them
" I mí na Samhna seo caite rinne mé iarratas chucu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ag lorg aon taifead a bhain leis an phróiseas chun deireadh a chur le marcanna bisigh (nó bónais) don Ghaeilge sa státsheirbhís agus leis an chóras úr a cuireadh ina áit.
Ghiolc mé ceist chucu I tweeted a question to them
" Ní fheadar an dtarlóidh sin riamh i gCromghlinn, Baile Atha Cliath? Ghiolc mé ceist chucu faoin bhfadhb seo ach am scríofa an ailt seo agus tá mé ag fanacht le scéal go fóill.