Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht chuici féin getting better
" Deir sí go bhfuil sí ag teacht chuici féin anois ach go gcuireann sé isteach go mór uirthi go bhfuil daoine áirithe ann nach dtuigeann gur galar atá i gceist agus nach mbíonn aon trua acu di.
teacht chuici féin recover
" ) Chuir na heachtraí seo i gcuimhne do Ghaeil-Mheiriceánaigh na scannail phoiblí a raibh an eaglais in Éirinn thíos leo le deich mbliana anuas, scannail, dar le daoine áirithe, nár éirigh leis an an eaglais sin teacht chuici féin arís ina ndiaidh.
a dtéinn chuici go minic that I used to go to often
" Is cuimhin liom go maith Flemings, an bhialann a dtéinn chuici go minic le mo chairde.
d’fháisc chuici iad she pulled them closely to herself
" airgead fuascailteransom go scaoilfear saor ansin íthat she will be freed then fuadaitheoiríkidnappers cinnte dearfaabsolutely sure á mbailiú acubeing collected by them aon bhlúirí fianaiseany pieces of evidence grianghrafadóiríphotographers príomhdhualgasmain duty cuir fios ar an dochtúircall the doctor tuairim isaround imeachtaíevents feighlícarer chomh cróga agus a bhí ar a cumasas brave as she could gan gíog ná míog aistiwithout a peep out of her ag impí orthubegging them thairg sé é féinhe offered himself i m’ionadsain my place a leicneher cheeks d’fháisc chuici iadshe pulled them closely to herself crógabrave
chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici Ó Ciardha decided to write to her
" Bhí Máire Geoghegan-Quinn díreach ceaptha mar Aire Cumarsáide agus chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici agus comhairle a chur uirthi.
ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici so that the hare would have somewhere to escape to
" Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici.
ar ais chuici féin ó am go chéile she becomes her old self occasionally
" Lastar suas an scáileán le gae nó dhó gréine nuair a thagann Anne ar ais chuici féin ó am go chéile.
raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin it was absorbing things to itself
" Béal an Mhuirthead ======== **SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo.
aon ní maslach a ropadh ar ais chuici to reply to her with some insulting statement
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.
I ndiaidh í theacht chuici féin after she recovered
" I ndiaidh í theacht chuici féin deir sí nach bhfuil.
chuir Dia bád chuici God sent her a boat
" Nuair a chuaigh an bád síos agus scaip na caoirigh anonn 's anall, agus mar a dúirt mé cheana, choinnigh an máilín olann suas í, nuair gur chuir Dia bád chuici a thóg í.
tagtha ar ais chuici féin recovered
" Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.
sular tháinig sí chuici féin before she regained consciousness
" Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
ar céilí chuici (paid) her a friendly visit
" Chuaigh Seosamh Mac Muirí ar céilí chuici i Lea’s Tea Room.